Ó DHÚCHAS: Ar na saolta deireanacha lena bhfuil d’Aifrinn á rá ar son na marbh,  níl oiread taibhsí á bhfeiceáil…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, lucht sí Thír Chonaill atá againn…

Ó DHÚCHAS: Ar na saolta deireanacha lena bhfuil d’Aifrinn á rá ar son na marbh,  níl oiread taibhsí á bhfeiceáil…

Is beag ceantar in Éirinn nach bhfuil scéaltaí den chineál seo ann agus ní taise de Ghaeltacht Thír Chonaill é. Níl droichead ná píob ann nach bhfuil a thaibhse féin ann. Tá píobaire sí ins an bhinn úd agus solas ar an taobh eile den abhainn. Chonacthas taise agus colainn gan ceann ag an leacht sin.

A leithéidí sin de scéaltaí atá go minic le cluinstin cois tine ina an gheimhreadh san gceantar seo agus i mórán áiteacha eile ar fud na hÉireann. Seo a leanas cuntas a fuair mé ó sheanduine de chuid an bhaile fá thaibhsí agus a leithéidí.

Na boic óga atá ag éirí aníos anois, ní mó ná go n-éisteodh siad leat agus tú ag caint ar thaisí solais agus comharthaí neamhshaolta eile. Nuair a bhí mise óg, a thaiscí, agus chan inniu ná inné sin, bheadh eagla ár gcraicinn orainn i lár an lae ghil agus muid ag dul ar bhealach uaigneach nó ag buachailleacht faoi bheannaibh nó in áit uasal den chineál sin.

Chan é sin don dream atá ag gabháil anois. Tá siad chomh seanaimseartha ó fhágann siad an cliabhán ach an méid a ghnóthaigh siad ar an bhealach sin tá sé caillte acu ar bhealach eile. Tá mé i mo sheanduine ag titim ar mo bhata agus ní cuimhin liom taibhse a fheiceáil go fóill ach níl mé liom féin mar sin. Ar ndóigh is iomaí sin solas a chonaic mé ach níl dochar iontu. An duine a fuair bás in ola Dé agus na hEaglaise, ní fheictear é. An té a fhaigheann bás tobann le biotáille nó anbhás, bíonn eagla roimhe. Tagann na mairbh ar ais má bhíonn a dhath ag cur buartha orthu, muna bhfuil siad ar a suaimhneas ar an tsaol eile nó murar fhág siad achan rud socair ina ndiaidh. Ar na saoltacha deireanacha lena bhfuil d’Aifrinn dá rá ar son na marbh,  níl oiread dá bhfeiceáil.

Ina dhiaidh sin is uile is beag a thaitníonn sé le duine a bheith amuigh leis féin i ndiaidh gabháil ó sholas dó má bhíonn an oíche dorcha. Dá dtiocfadh de thaisme orm féin a bheith amuigh, bheadh lán mo chraicinn d’eagla orm. Oíche amháin gan smid bhréige a dhéanamh sílim go raibh rud éigin i m’aice. Sheas an ghruaig orm cosúil le coileach na gcíor ann agus ní raibh ach é gur thit mé as mo sheasamh. Tá sé ráite nuair a thaispeánann taibhse é féin do dhuine go mbíonn croí lag aige. Chuala mé daoine a’ rá go minic go bhfaca siad an té a d’imigh ach níor dhúirt duine liom go fóill go bhfuair sé íospairt ó thaibhse. Ar ndóigh ní cheart lámh a thabhairt daofa. Má dhéanann siad iarracht lámh a chroitheadh leat sín bata nó rud éigin chucu nó brisfidh siad do lámh. Cluintear corruair fá thaibhse a fheiceáil agus an té sin beo. Comhartha é go bhfuil an duine sin ag dul ag fail bháis in am aicearrach. Ní mar seo atá i gcónaí nó tá sé ráite fá dhaoine go bhfacthas taibhse in aice leo.

Brian Ó Dubhthaigh a fuair an seanchas seo ó Pheadar Ó Dubhthaigh as Bá Thráigh Éanach i gcontae Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ar na saolta deireanacha lena bhfuil d’Aifrinn á rá ar son na marbh,  níl oiread taibhsí á bhfeiceáil…'