Ó DHÚCHAS: Ar chuala sibh an ceann seo cheana? Bhí Éireannach ag siúl le hasal lá amháin agus do bhuail Sasanach leis…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. Is léir go mbíodh cead an tráth sin a bheith ag magadh faoin Sasanach…

Ó DHÚCHAS: Ar chuala sibh an ceann seo cheana? Bhí Éireannach ag siúl le hasal lá amháin agus do bhuail Sasanach leis…

Bhí Éireannach ag siúl le hasal lá amháin agus do bhuail Sasanach leis agus bhí capall ag an Sasanach. D’fhiafraigh an Sasanach den Éireannach an raibh sé ag dul go Trá Lí agus dúirt seisean go raibh.

Bhí an oíche ag teacht agus chuaigh siad isteach i dtigh a bhí ar thaobh an bhóthair. D’iarr siad bheith istigh ar feadh na hoíche agus dúirt fear an tí leo bheith istigh. Do chuireadar an t-asal agus an capall isteach sa stábla agus do chuaigh an bheirt a chodladh.

Tar éis tamaill bhí an tÉireannach ina chodladh agus d’éirigh an Sasanach agus do chuaigh sé amach sa stábla agus do ghearr sé na cluasa den asal agus do tháinig sé isteach arís agus do chuaigh sé a chodladh. Do chuala an tÉireannach é agus ní dúirt sé aon rud.

Nuair a bhí an Sasanach ina chodladh d’éirigh an tÉireannach agus do chuaigh sé amach sa stábla agus do thóg sé scian bheag amach as a phóca agus do ghearr sé an dá thaobh den gcapall agus do tháinig sé isteach. Do chuaigh sé a chodladh arís agus níor chuala  an Sasanach é mar bhí codladh mór air.

Ansin d’éirigh siad ar maidin lena chéile agus do chuaigh siad amach sa stábla. Do bhí an capall a bhí ag an Sasanach marbh agus do bhí an dá chluas ar an asal gearrtha.

Dúirt an tÉireannach leis an Sasanach: “Is dóigh liom gur tháinig duine ins an oíche agus gur ghearr sé na cluasa den asal agus gur bhris an capall a dhá thaobh ag gáire.”

Seán Ó Seaghdha, rang a 5, a fuair an scéal seo ó  Dhomhnall Ó Muircheartaigh (70) as Curraichín, Co Chiarraí.

Bhí Éireannach agus Sasanach ann fadó agus fuair an bheirt acu bás. Nuair a bhíodar ag dul go dtí na flaithis, tháinig Naomh Peadar amach rompu ag an ngeata.

D’fhiafraigh sé den Sasanach cén maitheas  a rinne sé ar an saol seo agus dúirt sé gur thug sé pingin d’fhear bocht agus gur thug sé leathphingin do mhnaoi bhacach. D’fhiafraigh Naomh Peadar den Éireannach céard a dhéanfadh sé leis an Sasanach agus dúirt sé: “Tabhair a thrí leithphingin ar ais dó agus cuir go hifreann é.”

Bhí Éireannach agus Albanach ann fadó agus bhíodar ag siúl an bhóthair. Chonaiceadar crann ar thaobh an bhóthair agus úlla ag fás air.

Tháinig an feirmeoir an bealach agus d’fhiafraigh sé díobh an raibh obair ag teastáil uathu agus dúradar go raibh.

“Céard a thógfá,” ar seisean “ar shuí thuas ar bharr an chrainn sin agus aire a thabhairt dó?” “Fiche punt,” a deir an tAlbanach. “Céard a thógfása?” ar seisean leis an Éireannach. “Mo bhás as an bhfuacht,” ar seisean.

Brighid Ní Mháille, An Mhoing Mhór, Gaoth Sáile a fuair an dá scéilín seo óna hathair Tomás (45).

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ar chuala sibh an ceann seo cheana? Bhí Éireannach ag siúl le hasal lá amháin agus do bhuail Sasanach leis…'