Lá Fhéile Mártan, 11 Samhain
Tagann lá Fhéile Mártan {Mártan Tours} ar an 11ú lá de mhí na Samhna. Ar an lá sin tarraingíonn na daoine fuil in onóir Mhártain agus cuireann gach duine sa teach crois ar chlár a éadain leis an bhfuil an lá sin. Maraíonn na daoine gé nó lacha nó caora agus déanann siad saoire de lá Fhéile Mártan san áit seo.
Bhí bean ann fadó agus ní raibh aon bhlas le marú aici in onóir don naomh. Bhí páiste aici agus mharaigh sí é agus i lár na hoíche bhí an páiste chomh beo is bhí sé ariamh. Lá Fhéile Mártan ní ceart d’aon duine bheith ag sníomhachan ná roth a chasadh (mar is ar an roth a maraíodh an naomh).
Nóra Ní Mháille, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Conamara, a fuair an cuntas ó Mhicheál Breathnach
Derry O'Sullivan
Aoibhinn!