Ó dheas den teorainn agus chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá a théann os cionn leath d’earraí an tuaiscirt

De réir figiúirí nua ó dheas a chuaigh an céatadán is airde (33%) d’earraí bia agus d’ainmhithe beo ón tuaisceart

Ó dheas den teorainn agus chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá a théann os cionn leath d’earraí an tuaiscirt

De réir figiúirí nua ó dheas a chuaigh an céatadán is airde (33%) d’earraí bia agus d’ainmhithe beo ón tuaisceart

Is le Poblacht na hÉireann is mó a dhéanann cuideachtaí ó thuaidh a gcuid gnó agus 27% dá gcuid allmhairí agus 23% dá gcuid onnmhairí, de réir figiúirí nua a d’fhoilsigh Oifig na Staitisticí Náisiúnta (ONS) de cuid Rialtas na Breataine.

Ach de réir suirbhé eile faoin trádáil inmheánach, is í an Ríocht Aontaithe an margadh is mó atá ag cuideachtaí ó thuaidh.

Agus an Breatimeacht ar na gaobhair agus caint ar athaontú na tíre ag cruinniú nirt dá bharr, is cinnte go mbeidh figiúirí mar seo i gcroílár an dá dhíospóireacht sin.

De réir figiúirí nua an ONS is chuig dhá áit a chuaigh níos mó ná leath d’easpórtálacha earraí an tuaiscirt – Poblacht na hÉireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ó dheas a chuaigh an céatadán is airde (33%) d’earraí bia agus d’ainmhithe beo.

Tá imní mhór léirithe faoin dochar a d’fhéadfadh teorainn chrua, go háirithe, a dhéanamh don earnáil seo, arb iad an bainne agus earraí uachtair an chuid is tábhachtaí di.

Deirtear go mbeidh baol mór ann do chuideachtaí beaga ó thuaidh i bhfianaise an Bhreatimeachta agus cheist na teorann agus is gnólachtaí beaga, a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu, iad 70% de na cuideachtaí ó thuaidh a bhíonn i mbun easpórtála.

Fuarthas amach fosta nach raibh gnólachtaí sa tuaisceart chomh héagsúil sin maidir leis na hearraí a bhíonn á dtáirgeadh acu agus a bhíonn comhlachtaí eachtrannacha atá lonnaithe ó thuaidh.

– Tá Patterns of Northern Ireland Trade by destination, product and business characteristics ar fáil ag bit.ly/2B588uO

Fág freagra ar 'Ó dheas den teorainn agus chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá a théann os cionn leath d’earraí an tuaiscirt'