‘Ó Clochartaigh an t-aon iarrthóir a bheidh ag seasamh do Ghaillimh Thiar’ – SF

“Caint san aer” is ea aon chaint a thugann a mhalairt de scéal le tuiscint, a deir a oifig

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013Tá sé deimhnithe ag Sinn Féin gurb é Trevor Ó Clochartaigh an t-aon iarrthóir a bheidh ag seasamh don pháirtí i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas sa chéad olltoghchán eile.

Tugadh le tuiscint i roinnt tuairiscí sna meáin le déanaí go mb’fhéidir go gcuirfí Mairéad Farrell chun cinn mar iarrthóir ina áit agus maíodh go raibh aighneas idir lucht tacaíochta na beirte faoin gcur chuige is fearr don olltoghchán.

Tá ráiteas eisithe ag oifig Uí Chlochartaigh anois, áfach, ag dearbhú gurbh é féin a roghnaíodh ag Ard-Chomhairle Shinn Féin do Ghaillimh Thiar/Mhaigh Eo Theas agus nach ndearnadh aon phlé ó shin ar ainm duine eile a chur lena ainmsean.

“Caint san aer” is ea aon chaint a thugann a mhalairt de scéal le tuiscint, a dúirt a oifig.

Ag caint di ar na hathruithe polaitíochta is gá a chur i bhfeidhm in Éirinn, dúirt Mairéad Farrell go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh dul i ngleic leis na hathruithe sin agus go bhfuilid aontaithe chun an méid sin a chur i gcrích le chéile.

“Is mar gheall ar an méid seo a chinn comhaltaí uile Shinn Féin Ghaillimh Thiar iarrthóir amháin a chur chun cinn mar chuid dár straitéis don réigiún seo. Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, as an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, an duine atá roghnaithe againn chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.

“Táim féin agus Trevor ag obair as lámha a chéile ó toghadh ina Sheanadóir é ceithre bliana ó shin agus táim lánchinnte go bhfuil an cumas, an tiomantas agus an díograis aige chun suíochán i nDáil Éireann a bhaint amach”, a dúirt Farrel i ráiteas a d’eisigh a hoifig féin inniu.

Fág freagra ar '‘Ó Clochartaigh an t-aon iarrthóir a bheidh ag seasamh do Ghaillimh Thiar’ – SF'