Ó Bhéal Feirste go Cabúl – cainteoir líofa Gaeilge ar a bhealach chun na hAfganastáine

Beidh Angus Lambkin lonnaithe san Afganastáin ar feadh sé mhí agus é ag obair le foireann Comhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe

Ó Bhéal Feirste go Cabúl – cainteoir líofa Gaeilge ar a bhealach chun na hAfganastáine

Tá fear a tógadh le Gaeilge i mBéal Feirste ag déanamh a bhealaigh chun na hAfganastáine mar chuid d’fhoireann Comhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe.

Tá Angus Lambkin, iardhalta de chuid Bhunscoil Phobal Feirste, in Islamabad na Pacastáine faoi láthair agus é ag fanacht ar víosa a ligfidh dó a bhealach a dhéanamh go Cabúl na hAfganastáine.

Beidh Lambkin lonnaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine ar feadh sé mhí agus iarrachtaí á ndéanamh teacht i gcabhair ar mhuintir na hAfganastáine agus dea-chaidreamh a chothú leis an Taliban.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Lambkin gurb é “cosaint chearta an duine” agus “obair na Náisiún Aontaithe a chur in iúl don Taliban” na dúshláin is mó atá roimh a bhfoireann ansin.

“Ceann de na príomhchúraimí a bheidh orainn dea-chaidreamh a chothú leis an Taliban ionas go nglacfar leis an obair atá ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe ar an talamh.

“Tá sé deacair tomhas ceart a bheith againn faoi cén dóigh is fearr le plé leis an Taliban. Tá meascán den mholadh, an brú agus ní léir cad eile de dhíth,” a dúirt sé.

Dúirt Lambkin go bhfuil gnáthmhuintir na hAfganastáine “ag fulaingt go mór” mar gheall ar an choimhlint.

“Tá easpa bia agus uisce ann, agus tá easpa dóchais ann agus cúrsaí eacnamaíochta ag dul in olcas.

“Beidh muidne ag iarraidh freastal ar na daoine sin agus ag obair i gcomhpháirt le grúpaí eile, an Taliban san áireamh.”

Cé go mbeidh veist philéardhíonach á caitheamh ag fostaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe, deir Lambkin nach bhfuil “imní rómhór” air faoi chúrsaí slándála.

Beidh cúrsaí slándála an-tábhachtach agus mé thall ach níl imní rómhór orm faoi sin. Tá struchtúr i bhfeidhm agus muinín agam sa struchtúr sin.

“Mar sin féin, tá grúpaí fós ann, an Stát Ioslamach san áireamh, atá beag ach ar féidir leo go leor damáiste a dhéanamh. Caithfear a bheith ar an airdeall faoi bhuamaí faoi thalamh nár pléascadh agus muid i mbun oibre.”

An gcreideann Lambkin go rachaidh a thréimhse san Afganastáine chun leasa ghnáthmhuintir na tíre?

“Tá mé dóchasach, cé go bhfuil bealach fada le dul. Tá rudaí dearfacha feicthe againn go dtí seo. Beidh an cheist faoi chearta agus stádas na mban an-tábhachtach ach caithfidh muid a bheith an-chúramach nach mbreathnófaí air mar leithscéal chun an coilíneachas a chur i bhfeidhm arís eile.

“Is maith cuimhneamh nach bhfuil ár dteach féin chomh glan sin ach an oiread,” a dúirt Angus Lambkin.

Tá beagnach deich mbliana caite ag Angus Lambkin, ag obair ina oifigeach fóirithinte leis na Náisiúin Aontaithe. Sna blianta sin, chaith sé tréimhsí sna tíortha is mó atá buailte ag cogadh agus foréigean, ina measc an Iaráic, An Congó agus Poblacht na hAfraice Láir.

Bhí Lambkin ag obair mar chuid d’Fhoireann Comhordaithe agus Measúnaithe Tubaiste na Náisiún Aontaithe (UNDAC) in Háítí i rith an tsamhraidh chun teacht gcabhair ar mhuintir Háítí i ndiaidh an chreatha talún ansin mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Ó Bhéal Feirste go Cabúl – cainteoir líofa Gaeilge ar a bhealach chun na hAfganastáine'