Nuair a thosaíonn spéirling ag séideadh san aigne, cuir peann le páipéar!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: teiripe mhaith a bhíonn sa scríbhneoireacht, ach ní hionann sin is a rá gur dea-litríocht an toradh a bhíonn ar an scríbhneoireacht chéanna

Nuair a thosaíonn spéirling ag séideadh san aigne, cuir peann le páipéar!

Seasca leathanach A4. Sin é an líon leathanach a líon mé le trí seachtaine anuas sa chóipleabhar speisialta ina gcuirim peann le páipéar gach maidin.

Nach mór trí leathanach sa lá. Ardú mór ar an leathleathanach fánach a líonainn le dua sular thug sraith eachtraí corraitheacha i mo shaol pearsanta orm breith ar an gcóipleabhar sin agus ar mo pheann trí nó ceithre huaire sa lá – seachas uair amháin, an chéad rud ar maidin.

Ní choinneoidh mé orm faoi na heachtraí corraitheacha thuasluaite. Ní hiad is ábhar don cholún seo ach an chaoi ar chabhraigh an scríbhneoireacht liom.

Gan choinne agus gan chuireadh a thagann na smaointe chuig an duine. Tá bealach acu dul timpeall agus timpeall i gciorcail nuair a fhágtar mórcheist i saol an duine gan réiteach, agus roimh i bhfad bíonn spéirling ag séideadh san aigne. Maraíonn an síorsmaoineamh an aigne amach agus de réir a chéile teipeann ar an réasúnaíocht agus ar an bhféinmhuinín: fáinne fí.

Fulaingíonn páipéar go foighdeach. Éisteann sé leis an bpeann gan cur isteach ar a shruth cainte siúd. Ach cothaíonn páipéar foighid freisin. Le trí seachtaine anuas, ba í gluaiseacht mo phinn ar an leathanach bán an t-aon slí amháin ar éirigh liom smacht éigin a choinneáil ar an spéirling smaointe agus mothúchán i m’aigne.

Níl aon draíocht ag baint leis sin. Is gasta an aigne ná an cholainn, agus go hiondúil ní bhíonn lámh an scríbhneora in ann coinneáil suas lena chuid smaointe. Ach an rud a bhíonn ina bhac ar an scríbhneoir go hiondúil, buntáiste dom é le trí seachtaine anuas. Nuair a chuirim peann le páipéar, ní bhíonn rogha ag m’aigne ach moilliú síos ionas go mbeidh deis ag mo lámh mo chuid smaointe a bhreacadh síos. Faoiseamh sealadach ón bhfáinne fí an toradh.

Lena chois sin, ar ndóigh, éiríonn rudaí níos soiléire nuair a scríobhann duine síos iad. Tagann fabhtanna sa réasúnaíocht chun solais, nochtar tuiscintí a bhí caillte i spéirling smaointe.

Teiripe mhaith a bhíonn sa scríbhneoireacht, gan dabht, ach ní hionann sin is a rá gur dea-litríocht an toradh a bhíonn ar an teiripe chéanna.

Tá mo dhóthain aithne agam orm féin le go dtuigim nach mbeadh rath ar bith ar aon scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanfaidh mé sula stopfaidh an spéirling i mo cheann ag séideadh.

Ach nuair a stopfaidh, beidh cóipleabhar lán nótaí taighde agam – ábhar scéil.

Fág freagra ar 'Nuair a thosaíonn spéirling ag séideadh san aigne, cuir peann le páipéar!'

  • Stilla

    Alt suimiúil. Go raibh maith agat.

  • Derry

    Scéalta suimiúla a bheidh ann, dar ndóigh!