Noda don té atá i sáinn ag roghnú bronntanais Nollag

Tá iarracht déanta ag ár gcomhfhreagraí teacht i gcabhair orthu siúd a bhfuil fadhbanna acu bronntanais a aimsiú do thráth seo na féile

Noda don té atá i sáinn ag roghnú bronntanais Nollag

Tá na mílte míle rogha de bhronntanais Nollag ar an margadh faoi láthair ach is briseadh croí in amanna do dhaoine cinneadh a dhéanamh cad air a chaithfidh siad a gcuid airgid. Fadhb de chuid an chéad domhain é sin a déarfaidh daoine áirithe ach is cinnte gur maith linn ar fad bronntanais speisialta a thabhairt dár gcairde agus dár ngaolta ag an tráth seo bliana.

Ar ndóigh, bíonn an rogha ag brath go hiomlán ar an méid airgid gur acmhainn dúinn a chaitheamh ach is minic go mbíonn ardmholadh agus ardmheas ar an mbronntanas saor a roghnaíodh le cúram agus le haire. Bronntanais ó dhomhan na háilleachta agus na stíle a bhí ar intinn agam féin agus mé ag moladh an liosta seo do léitheoirí Tuairisc.ie le súil is go dtabharfaidh sé spreagadh do dhaoine atá i sáinn faoi láthair cheal smaointe.

 

Don chara ar maith léi smideadh

Béaldath – ‘The Ultimate True Velvet Collection’ le Lisa Eldridge ar fáil ó www.lisaeldridge.com

Rogha iontach é seo dóibh siúd gur breá leo béaldath. Tá Lisa Eldridge ar dhuine de na smideoirí is cáiliúla ar domhan faoi láthair agus chuir sí trí bhéaldath álainn ar an margadh le gairid. Tá siad ar fáil ar €26 an ceann nó is féidir na trí cinn a cheannach le chéile ar £75 agus tagann mála beag smididh leo mar bhronntanas breise.

 

Don chailín sna déaga

Bosca seodra de chuid Julien Macdonald le fáil i Debenhams ar €36.4.0

Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé deacair go leor in amanna bronntanais a roghnú do dhéagóirí, go háirithe do chailíní. Is maith liom an bosca seodra seo mar go mairfidh sé ar feadh na mblianta agus tá sé níos ‘sábháilte’ mar rogha ná píosa seodra don aoisghrúpa sin.

 

Don aintín ar breá léi coinnle

‘Candle Discovery Set’ ó Yankee Candle ar €49.99

Is féidir leis a beith sách deacair coinnle a roghnú do daoine mura bhfuil tú cinnte faoin mboladh a thaitníonn leo. Ach tá leigheas na faidhbe sin anseo – bosca a bhfuil rogha de choinnle cumhra éagsúla ann. Cinnte le Dia beidh roinnt acu a thaitneoidh léi!

 

Don té nach féidir leo feidhmiú gan chaiféin

‘Ember Temperature Travel Control Mug’ ó Apple ar €169.95

Bronntanas daor go leor é seo ach ceann atá ar fheabhas ar fad don té gur maith leo caife agus teicneolaíocht. Muga taistil é seo ach ceann ar leith; is féidir teocht an chaife a rialú agus gealltar go gcoinneoidh sé te é ar feadh dhá uair an chloig. Aip atá ceangailte den fhón a dhéanann an obair chliste ar fad agus coinneoidh sé cuntas ar an méid caiféine atá á hól agat agus míle rud beag fánach eile.

 

Don déagóir atá i gcónaí ag tógáil féiníní

Ceamara ar an toirt ‘Fujifil Instax Mini 9’ ó Urban Outfitters ar €110

Seo leagan an lae inniu den ‘Polaroid Camera’ a d’úsáidtí blianta ó shin. Bíonn daoine óga seasta ag tógáil féiníní agus pictiúir eile ach ar is na fóin phóca amháin a bhíonn siad. Priontálann an ceamara seo na pictiúir ar an toirt agus ní ligfear i ndearmad iad chomh héasca céanna is dá mba ar an bhfón amháin a bheidís.

 

Don té atá i gcónaí ag breathnú ar Netflix

Teilgeoir beag ‘DR.J Mini Projector’ ó Amazon ar $89.99

Tá an bealach ina mbreathnaímid ar theilifís athraithe go hiomlán le blianta anuas agus is beag duine nach bhfuil cuntas Netflix acu ar na saolta seo. Dóibh siúd gur maith leo an teicneolaíocht agus an teilifís seo bronntanas deas – cosúil le pictiúrlann phearsanta sa seomra suí.

 

Don chara a bhíonn i gcónaí fuar

Scaif chaismír ó Uniqlo.com ar €49.90

Is breá an rud aon scaif dheas don tráth seo bliana ach is deise fós ceann caismíre. Tá an ceann seo an-ghalánta ar fad agus thar a bheith te teolaí. Bheadh an ceann seo feiliúnach d’fhear nó do bhean agus is cuma cén aois iad. Tá sí le fáil in 12 dath difriúil ar fáil.

 

Don nia sna déaga

Gléas luchtaithe ‘Belkin Qi Wireless Charging Pad’ ó Halfords ar €25

Bíonn déagóirí na laethanta seo ag baint úsáid as a gcuid fón póca gan stad, gan staonadh agus is minic iad ag gearán faoi chadhnraí a bheith caite. Deis iontach atá sa luchtaire fóin gan sreang seo le go mbeidh cumhacht acu gan stró nuair a theastaíonn sin.

 

Don chara atá i gcónaí ag léamh

‘Becoming’ le Michelle Obama ó Easons agus siopaí leabhar eile ar €14.99

Dírbheathaisnéis na mná a chaith dhá thréimhse sa Teach Bán nuair a bhí a fear céile Barack Obama in Uachtarán ar Mheiriceá. Seo leabhar dea-scríofa a thaitneoidh le go leor daoine, go háirithe iadsan arbh fhearr leo an lánúin sin a bheith fós sa Teach Bán.

 

Don deartháir a bhfuil chuile rud aige cheana féin

‘Bleu de Chanel’ ó Brown Thomas ar €109

Seans go gceapfá gur rud seanaimseartha é lóis iarbhearrtha a cheannach do dhuine faoi Nollaig ach tá an ceann seo go hálainn ar fad. Measaim go dtaitneodh sé le go leor fear in áit cibé ceann a bhíonn acu de ghnáth.

An bronntanas atá le seachaint

Earraí cúram cnis nó smididh a bhfuil ceimiceáin iontu atá tocsaineach

Tá fáil orthu seo i bhfad níos minice ná mar a cheapfá – go háirithe táirge atá an-saor go deo agus go speisialta iadsan atá dírithe ar pháistí agus ar dhaoine an-óg. Sampla maith den chineál seo táirge é vearnais ingne a bhfuil substaintí tocsaineacha inti. Is ceart a bheith cúramach faoi tháirgí den chineál sin a bhíonn le ceannach go minic i siopaí bréagán nó ar líne.   

Fág freagra ar 'Noda don té atá i sáinn ag roghnú bronntanais Nollag'