NOD DON EOLAÍ: Teicneolaíocht nua a bhronnann lúth na gcos ar dhaoine a bhfuil drochghortú dromlaigh orthu

Mar chuid de thaighde nua tástáladh teicneolaíocht nua ar thriúr a raibh drochghortú dromlaigh ag cur as dóibh. I ndiaidh na dtástálacha bhí siúl acu triúr arís

NOD DON EOLAÍ: Teicneolaíocht nua a bhronnann lúth na gcos ar dhaoine a bhfuil drochghortú dromlaigh orthu

De réir fianaise a foilsíodh ar na mallaibh san iris eolaíochta Nature, forbraíodh teicneolaíocht néarógach a d’athchóirigh na nascanna idir néaróga agus matáin i ndaoine a raibh gortú dromlaigh orthu. Sular cuireadh an leigheas orthu, ní raibh siúl na gcos ag na hothair, ach i ndiaidh cúig mhí bhí siad ag siúl agus ag rothaíocht. 

Cuireann gortú dromlaigh cosc ar theagmháil idir néaróga sa chóras néarógach agus cailleann cuid mhór daoine lúth na gcos, bogadh sna géaga agus smacht ar chuid dá gcuid matán.

Má bhíonn bogadh ar bith fágtha sna géaga ag othair ar tharla gortú dromlaigh dóibh le déanaí, is féidir cur leis sin le cleachtadh agus aclaíocht, agus, in amanna, feabhas a chur ar chúrsaí. Ach mura mbíonn aon ghluaiseacht ar bith ann de bharr go bhfuil na nascanna idir na néaróga briste, níl leigheas ar bith ar fáil faoi láthair.

Bhí fianaise ann le tríocha bliain anuas a léirigh go mbíonn na néaróga fós i ndromlach na ndaoine ar bhain drochghortú dromlaigh dóibh, ach nach mbíonn siad ag feidhmiú.

Measadh dá mbeifí in innimh na néaróga sin a spreagadh sa dromlach go dtosódh na géaga ag bogadh arís i ndiaidh gortú dromlaigh. 

D’fhorbair an fhoireann idirnáisiúnta taighdeoirí gléas a spreagann na néaróga in íochtar an dromlaigh le bíoga leictreacha. Leis an spreagadh leictreach eipeadúrach seo mhothaigh na taighdeoirí go raibh na hothair uilig in innimh matáin sna géaga a bhogadh.

Spreag na taighdeoirí néaróga in áiteanna éagsúla sa dromlach leis an mbíogadh leictreach. Rinne siad tomhas ar ar tharla nuair a spreagadh pointí difriúla den dromlach. Cuir i gcás, nuair a spreag siad néaróga ag bun an dromlaigh, sa dromlach sacrach, bhog matáin sa rúitín. Nuair a spreag siad néaróga níos airde, sa dromlach lumbach, bhog matáin sna corróga.

Leis an eolas seo go léir, d’fhorbair an fhoireann ‘léarscáil’ den dromlach íochtair a léirigh cad iad na matáin a bheadh ag bogadh le spreagadh leictreach eipeadúrach sna baill éagsúla.

I ndiaidh dóibh a fháil amach cad iad na háiteanna sa dhromlach ba chóir a spreagadh chun daoine a chur ag siúl arís, d’fhorbair siad gléas a spreagann na néaróga go fadtéarmach. Cuireadh an gléas isteach i gcoirp na n-othar mar ionchlannán.

I ndiaidh do na hothair na hionchlannáin a fháil, spreagadh na néaróga ar feadh cúig lá. Bhí na hothair in ann na matáin a bhogadh le linn na tréimhse sin. Thaispeáin sé seo go raibh an gléas ag feidhmiú mar a bhíothas ag súil leis.

Ag tús an tséú lá, cuireadh triúr de na hothair ag siúl ar innill choisíochta. Lean siad leis an traenáil seo ceithre nó cúig uaire sa tseachtain go ceann cúig mhí. 

Ag deireadh na tréimhse sin, bhí siúl ag beirt díobh agus bhí siúl ag an tríú duine chomh maith ach go raibh cuidiú de dhíth air. 

Anuas air sin, bhí borradh i ndiaidh a theacht ar mhatáin na gcos sa triúr agus bhí na néaróga ag feidhmiú níos fearr ná mar a bhí sula bhfuair siad na hionchlannáin.

Taispeánann an fhianaise seo go dtig le lúth na gcos a theacht ar ais más féidir na néaróga sa dromlach a spreagadh i gceart.

Tá an fhoireann ag cur tús le trialacha cliniciúla le níos mó othar anois. Gheofar amach ansin an mbeadh an leigheas seo fóirsteanach d’achan duine nó an bhfuil fadhbanna gan choinne ag baint leis an teicneolaíocht nuafhorbartha seo. 

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Teicneolaíocht nua a bhronnann lúth na gcos ar dhaoine a bhfuil drochghortú dromlaigh orthu'