NOD DON EOLAÍ: Smacht á choinneáil ag an gciaróg ar fhiaile ionrach

Tá fianaise nua aimsithe faoin dóigh a bhfuil ciaróg thoirtíseach in ann smacht a choinneáil ar fhiaile ionrach

NOD DON EOLAÍ: Smacht á choinneáil ag an gciaróg ar fhiaile ionrach

Sa Nua-Shéalainn, úsáidtear an chiaróg thoirtíseach le feochadáin Chalafoirniacha a choinneáil faoi smacht. Tháinig an fhiaile ionrach sin isteach sa tír le coilínigh ón Eoraip ag tús an naoú haois déag, agus anois tá sí scaipthe ar achan fheirm sa tír. 

Itheann na ciaróga duilleoga na bhfeochadán agus má bhíonn go leor ciaróg ann cuirtear an ruaig ar an fhiaile.  Tá a leithéid seo de rialú bitheolaíoch ina chuid lárnach den talmhaíocht orgánach ar fud an domhain.

Tá ball faoi leith i gcorp na ciaróige toirtísí.  Níor thángthas ar bhall dá shórt in aon ainmhí riamh. Níl ainm air fiú amháin! De réir taighde úr a foilsíodh ar na mallaibh san iris eolaíochta Cell, tá baint lárnach ag baictéar nua-aimsithe le feidhmiú an bhaill speisialta seo.

I dtús báire, fuair an fhoireann amach go raibh an ball seo lán le baictéir. Lena fháil amach cén sórt baictéir a bhí ann, shúigh na heolaithe na baictéir amach agus rinne siad seicheamhú ar DNA s’acu. 

Tá seicheamh uathúil ag gach speiceas.  Nuair a rinneadh anailís ar an DNA tháinig sé chun solais go raibh speiceas úrnua de bhaictéar sa bhall. Chomh maith leis sin, bhí seicheamh DNA an speicis sin an-aisteach. Bhí sé i bhfad níos giorra ná seicheamh bhaictéar ar bith ar thángthas air go dtí seo. 

Níl mórán géinte ag an bhaictéar toisc an tsreang DNA a bheith chomh gairid sin.  Ní raibh ach 251 géin ann, i gcomparáid le 4,288 sa bhaictéar clúiteach E.coli agus meastar go bhfuil níos mó ná 40,000 géin i DNA an duine. 

Conas a thiocfadh le baictéar ag a bhfuil a laghad sin géinte a bheith beo?

Bíonn treoracha sna géinte do shintéis na bpróitéiní atá riachtanach don bhaictéar. Bíonn cuid mhór de na próitéiní sa bhaictéar nua ag díghrádú peictine, an siúcra casta atá sna ballaí thart ar chealla an fheochadáin agus plandaí eile.

I ndiaidh do na próitéiní díghrádú a dhéanamh ar an pheictin, iompraítear amach as an bhaictéar iad agus isteach i mball na ciaróige.  Sníonn siad leo tríd an bhall sin agus ar deireadh, sileann siad isteach i bputóga na ciaróige.  Ansin, meascann na próitéiní le cealla an fheochadáin agus bristear síos an peictin atá sna ballaí nó go bhfuil siúcra simplí déanta de. Ionsúnn an fheithid an siúcra fríd an phutóg isteach ina corp. 

Tá próitéiní eile ann a iompraíonn mianraí agus substaintí riachtanacha ó chorp na ciaróige isteach sa bhaictéar féin.  Ní gá ach cuid bheag de na géinte atá ag gnáthbhaictéar, chun go mbeadh ar chumas an bhaictéir seo go leor dá bhfuil ag teastáil chun é a chothú a shú isteach ón chiaróg.  De bharr na héabhlóide cailleadh na géinte  sin nár theastaigh.

Baineann an dá speiceas leas as an malartú; siúcra ag dul i dtreo amháin agus mianraí ag dul sa treo eile.

Faigheann an chiaróg cuidiú chun siúcra a bhaint amach as an fheochadán agus faigheann an baictéar mianraí ó phutóga na ciaróige.

Leis an chaidreamh siombóiseach idir an baictéar nua-aimsithe agus an chiaróg thoirtíseach, thig leis an dá speiceas cothú a fháil agus is féidir le feirmeoirí smacht a choinneáil ar na feochadáin ionracha. 

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Smacht á choinneáil ag an gciaróg ar fhiaile ionrach'