Bliain iontach ó thaobh na heolaíochta de ab ea 2017, ach tá mé rud beag brónach ag fágáil slán le Cassini

NOD DON EÓLAÍ: Chuala ár gcolúnaí go leor scéalta eolaíochta i gcaitheamh na bliana a thug sásamh dó agus a chuir gliondar air

Bliain iontach ó thaobh na heolaíochta de ab ea 2017, ach tá mé rud beag brónach ag fágáil slán le Cassini

Is deas a bheith ábalta a rá go mbíonn gach bliain ina bliain iontach ó thaobh na heolaíochta de toisc go mbíonn fionnachtana ag teacht chun solais i rith an ama.

Chuala mé go leor scéalta eolaíochta i gcaitheamh na bliana a thug sásamh dom agus a chuir gliondar orm.

Bhí mé thar a bheith sásta gur bronnadh an duais Lasker ar na daoine a bhí taobh thiar den vacsaín in aghaidh HPV (papalómaivíreas daonna).  Bronnadh í ar Douglas Lowy agus John Schiller atá ag saothrú san Institiúid Náisiúnta Ailse sna Stáit Aontaithe. 

Is é HPV an víreas is cúis le hailse cheirbheacs a mharaíonn 250,000 bean gach bliain.  Ba mhór an t-éacht an vacsaín a fhorbairt mar tá sé thar a bheith deacair vacsaín mar seo a dhéanamh.  Le blianta anuas rinneadh an-iarracht vacsaín a fhorbairt in aghaidh HIV (víreas easpa imdhíonachta daonna) agus HPC (víreas heipitíteas C) ach theip ar lucht taighde go dtí seo. 

Bronnadh an Duais Nobel le Fiseolaíocht agus Leigheas 2017 ar na daoine a tháinig ar an múnla atá taobh thiar de rithim laethúil san ainmhí.  Is é an rithim laethúil sin a chuireann i do chodladh thú san oíche agus a mhúsclaíonn tú ar maidin.  Bhí an duais roinnte idir Michael Young, Michael Rosbash agus Jeffrey Hall, atá bunaithe sna Stáit Aontaithe fosta.

Thángthas ar an mheicníocht thábhachtach seo agus iad ag déanamh taighde ar chuileoga a bhíonn ag ithe torthaí sa lá agus ag codladh san oíche.  Agus tá an mheicníocht chéanna gníomhach sa duine daonna fosta.  Nuair a chuirtear isteach ar an rithim sin bíonn tuirse aerthurais ort.

Taispeánann an taighde seo cé chomh tábhachtach agus atá sé buntaighde a dhéanamh chun níos mó a fháil amach fúinn féin.

An t-údar bróin ba mhó agamsa maidir le saol na heolaíochta in 2017 ná gur tháinig deireadh le scéal an spásárthaigh Cassini. D’fhág Cassini an Domhan ar an 15 Deireadh Fómhair 1997 agus i mí Aibreáin 2004 bhain sé Satarn amach.  Thosaigh sé ag glacadh íomhánna agus ag déanamh anailíse ar atmaisféar an phláinéid sin, a fháinne agus a chuid gealach. 

Thángthas ar dhá ghealach – Methone agus Pallene – nach bhfacthas ariamh agus tháinig go leor eolais ar ais ó Cassini thar na blianta.  Ach bhí cúpla buaicphointe ann.

Cur I gcás, tá a fhios againn cé as a thagann cuid mhór den bhunábhar sna fáinní timpell ar Satarn anois.

Ag tús 2005 leaindeáil taiscéalaí spáis – Huygens – ar dhromchla na gealaí, Titan.  Soitheach beag lán le huirlisí agus gléasra chun anailís a dhéanamh ar chraiceann agus atmaisféar na gealaí é Titan.

Fuair muid amach go bhfuil dromchla leac oighir hidreacarbóin (cosúil le céir chrua) ar snámh ar fharraige hidreacarbóin (cosúil le hola) ar Titan.

Tá a fhios againn go bhfuil ábhar leachtach faoin oighear mar scaoiltear an leacht fríd bhearnaí san oighear.  Bíonn an leacht ag éalú suas go hard sa spéir cosúil le bolcán ola. 

Thángthas ar uisce leachtach faoi leac oighir uisce ar an ghealach eile, Enceladus. Thaispeáin íomhánna a glacadh in 2008 go scaoiltear an t-uisce fríd bhearnaí san oighear ag pol theas an phláinéid.  Titeann cuid den uisce ar ais ar dhromchla na gealaí mar shneachta, ach éalaíonn cuid eile de amach ó fhórsa imtharraingt na gealaí agus nascann sé leis na fáinní ar deireadh.

Ón eolas sin, is léir go n-eisíonn cuid mhór den bhunábhar atá sna fáinní amach as an taobh istigh de na gealaí atá i bhfithis Satairn.

Tá seans ann go bhfuil orgánaigh beo i bhfarraige uisciúil Enceladus.  Táthar ag smaoineamh ar shaghas soitheach a thógáil chun iad a chuardach.  Sheolfaí é fhad le Satarn agus leaindeálfadh sé ar an leac oighir.  Amach anseo, rachadh an soitheach síos fríd an leac oighir go dtí an t-uisce thíos faoi le fáil amach an bhfuil orgánaigh ann.  Ní tharlóidh sé sin go luath!

Bhí Cassini tábhachtach mar tuigeann muid dá bharr i bhfad níos mór den dóigh ar tháinig ann do Satarn agus na pláinéid eile ag tús chóras na gréine.  Thaispeáin sé cé as a dtagann bunábhair na bhfáinní – ó chroílár na ngealach.

Cibé a tharlóidh ar chlár an domhain san athbhliain bí cinnte de go mbeidh go leor eolais úr againn ó gach cearn den chruinne.

Fág freagra ar 'Bliain iontach ó thaobh na heolaíochta de ab ea 2017, ach tá mé rud beag brónach ag fágáil slán le Cassini'