Tá ardú mór tagtha ar líon na bpointí a theastaíonn d’fhormhór na gcúrsaí tríú leibhéal agus níos mó pointí ná riamh cheana ag teastáil do chúrsaí áirithe.
I gcásanna áirithe d’fhéadfadh nach bhfaigheadh daoine a fuair breis is 600 pointe an cúrsa atá uathu.
Bhí ardú sna pointí i gceist i gcás 75% de chúrsaí Leibhéal 8 agus beagnach dhá thrian de chúrsaí Leibhéal 7/6.
Tá tairiscint faighte i mBabhta a hAon na dtairiscintí ag breis is 55,000 duine.
84,874 iarratas ar chúrsaí tríú leibhéal a fuair an CAO i mbliana, le hais 78,000 anuraidh.
Fuair leath de na daoine a rinne iarratas ar chúrsaí Leibhéal 8 a gcéad rogha ón CAO, laghdú beag i gcomparáid leis an mbliain seo caite nuair is 52% a bhí i gceist.
Fuair 79% de dhaoine a rinne iarratas ar chúrsaí Leibhéal 8 ceann de na chéad trí rogha a bhí acu. 90% de dhaoine a rinne iarratas ar chúrsaí 7/6 a fuair a gcéad rogha agus fuair beagnach an uile dhuine a rinne iarratas dá leithéid ceann dá gcéad trí rogha.
Is féidir le hiarratasóirí na tairiscintí a fheiceáil ar www.cao.ie anois agus glacadh leo ansin. Gheobhaidh iarratasóirí téacs agus ríomhphost chomh maith, má tá a leithéid roghnaithe acu.
Tá go dtí a 3pm Dé Luain seo chugainn, an 13 Meán Fómhair, ag iarrthóirí le glacadh leis an gcéad tairiscint sin nó tarraingeofar siar í.
Má ghlacann tú leis an rogha a fuair tú inniu, ní chuirfidh an cinneadh sin aon bhac ort má éiríonn leat do chéad rogha a fháil sa gcéad bhabhta tairisceana eile.
Beidh an dara babhta tairiscintí le feiceáil ar shuíomh an CAO ó 10am Dé Luain, an 23 Meán Fómhair.
Fág freagra ar 'Níos mó pointí Ardteiste ná riamh cheana ag teastáil do go leor cúrsaí'