Tá níos mó ná ceannaire nua de dhíth ar Pháirtí an Lucht Oibre

Bhí sé mícheart ag Páirtí an Lucht Oibre, ó thaobh na moráltachta agus na polaitíochta de, polasaithe déine a chur i bhfeidhm i gcoinne na ndaoine a vótáil dóibh

Tá níos mó ná ceannaire nua de dhíth ar Pháirtí an Lucht Oibre

 

 

 

Eoin Ó Murchú

Tá ceannaire nua le ceapadh ag Páirtí an Lucht Oibre, ach an ndéanfaidh sin aon difear?

Ní dóigh gur thuig mórán go raibh éirí as Alan Kelly mar cheannaire ar an bpáirtí ar na bacáin (is ní cosúil go raibh a fhios aige féin fiú), ach ag an am céanna, ní dóigh liom gur ábhar mór ionaidh é ach an oiread.

Ceapadh Kelly mar cheannaire le vóta mór ó bhallraíocht an páirtí. Measadh go forleathan go mbeadh an fonn dul ar an ionsaí air agus an díocas aige le tabhairt faoi na páirtithe eile agus Páirtí an Lucht Oibre a chur ar bhóthar a leasa arís.

Níor éirigh leis. San olltoghchán, thit vóta an pháirtí go dtí 4.4% (ón 6.6% tubaisteach a fuair siad in 2016). Níor éirigh leo cur leis sin faoi cheannas Kelly. Sna pobalbhreitheanna in 2021 bhí 4.3% acu ar an meán agus sa gceann is deireanaí, ag Red C, bhí siad fós ar 4%.

Ní raibh ach an t-aon dea-scéal amháin ag an bpáirtí, bua Ivana Bacik sa bhfothoghchán i gCuan Átha Cliath Theas sa samhradh seo caite. Ach an í Bacik féin, iarrthóir meánaicmeach i ndáilcheantar meánaicmeach, a ghnóthaigh an bua, nó íomhá an pháirtí?

Níl sé soiléir céard go díreach a spreag an páirtí parlaiminteach dul chuig Kelly is a rá leis go raibh a ré thart, agus creideann Harry McGee an Irish Times go gcaithfidh go bhfuil rud éigin eile taobh thiar de. Tá caint ann faoi chultúr an pháirtí – cibé rud é sin – agus daoine neamhfhóirsteanacha á gceapadh ar an bhfoireann sa cheanncheathrú, ach creidimse i ndáiríre gurb amhlaidh go bhfuil muinín á cur ag an bpáirtí i sop an fhir bháite.

Agus a fhianaise sin an chaint shimplí gur ag Bacik a bheas an cheannaireacht – amhail is gur tuar faoin todhchaí a bua sa bhfothoghchán.

Ceapaim féin go bhfuil an-dul amú ar an bpáirtí. Cé go gceapaim go gcoinneoidh Bacik a suíochán, go háirithe más í ceannaire an pháirtí í. Dá mbeadh iarrthóir níos fearr ag Fine Gael, Kate O’Connell abair, nó ag an gComhaontas Glas, Hazel Chu abair, seans maith nach mbeadh an bua ag Bacik an uair dheiridh.

Agus ar ndóigh, níl ach Dún Laoghaire nó Ráth an Dúin, cosúil le Cuan Átha Cliath Theas ó thaobh a líonmhaire is atá lucht na meánaicme ann agus a láidre is atá an tacaíocht ann do chásanna liobrálacha.

Maidir leis an aicme oibre, tá cúl ar fad nach mór tugtha acu leis an bpáirtí mar gheall ar an tréimhse déine a bhí againn agus iad sa rialtas.

Cinnte, tá iarracht ar siúl deireadh a chur leis sin, agus bhí Kelly ceangailte go róshoiléir leis an déine sin, go háirithe leis an iarracht táillí uisce a bhrú ar an aicme oibre.

Ach tá níos mó ag teastáil le daoine a mhealladh ar ais chuig an bpáirtí, mar is léir dá mbeadh an deis chéanna ag an bpáirtí sin arís go ndéanfaidís an rud céanna – thréigfidís an aicme oibre ar mhaithe le bheith measúil is oiriúnach do pháirtithe an rachmais.

B’fhéidir go mba mhaith leis an bpáirtí go ndéanfaí dearmad ar an tréimhse sin, ach ní dhéanfaidh an aicme oibre – arbh iad bunús an dreama a vótáil don pháirtí sa ré órga – dearmad air. Le go mbeadh seans ar bith acu teacht as an bpoll ina bhfuil siad, beidh sé riachtanach a admháil go poiblí go raibh siad mícheart ó thaobh na moráltachta agus na polaitíochta de na polasaithe déine a chur i bhfeidhm i gcoinne na ndaoine a vótáil dóibh.

Ach níl siad sásta é sin a dhéanamh.

Agus is ar éigean go bhfuil aon mheas ag an aicme oibre ar Bacik. Is iad polasaithe an liobrálachais a chuireann sí chun cinn. Níl tada mícheart leis sin, ach má tá an páirtí ag iarraidh labhairt leis an aicme oibre bheadh duine ar nós Ged Nash nó Duncan Smith ag teastáil, duine ag a bhfuil taithí éigin ar ghluaiseacht na gceardchumann.

Tá ceacht anseo do pháirtithe eile, do Shinn Féin mar shampla. Ní mhaitheann an aicme oibre do Pháirtí an Lucht Oibre gach ar dhein siad sa gcomhrialtas. Agus ní mhaithfidh siad do Shinn Féin ach an oiread mura n-éiríonn leo tithíocht, sláinte is forbairt tuaithe a réiteach.

Is ábhar buartha é mar sin go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil an páirtí sin ag iarraidh tarraingt níos gaire do dhearcadh na Bunaíochta, maidir leis an AE, le NATO i gcás na hÚcráine agus fiú leis an neodracht, sa todhchaí?

Ach ar a laghad ní haon ábhar buartha dóibh dúshlán pháirtí Bacik.

Fág freagra ar 'Tá níos mó ná ceannaire nua de dhíth ar Pháirtí an Lucht Oibre'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘Tá níos mó ná ceannaire nua de dhíth ar Pháirtí an Lucht Oibre’, tuairisc.ie, Dé Luain, Márta 7, 2022.

    Aontaímse le hEoin Ó Murchú nach gcuirfidh sé stop le meath Pháirtí an Luchta Oibre, Ivana Bacik a cheapadh ina Ceannaire ar an bPáirtí. Bhí gliceas an pholaiteora ag baint le hAlan Kelly, ach tá sé tugtha faoi deara, ainneoin a bhoirbe atá sé féin, nach bhfuil sé chomh coráistiúil le hIvana Bacik. Ar a shon sin is uile, bhí Kelly an–mhaith chun ceisteanna a chur sa Dáil, ar an Taoiseach Micheál Máirtín, agus ar an Tánaiste, Leo Varadkar.

    Tugadh faoi deara tar éis an dara Reifreann ar an gColscaradh in 1995, nár thairbhigh Páirtí an Luchta Oibre den toradh sin, ainneoin iad a bheith go láidir ar son an cosc ar an gcolscaradh a chaitheamh as an mBunreacht. Is faicsean láidir iad lucht páirte an chláir Liobrálaigh sa Phoblacht, ach is mionlach iad. Meastar nach bhfuil ach 5% de na vótálaithe ar cheachtar taobh de na ceisteanna móra sóisialta, ar de réir sheasamh na n–iarrthóirí ar na ceisteanna sin a vótálfaidh siad. Timpeall leis an gceathrú cuid de na TDnna, ní bhíonn siad i Seomra na Dála nuair a bhíonn vóta á chaitheamh ar na ceisteanna sin. Timpeall leath na Seanadóirí nach mbíonn i láthair i Seomra an tSeanaid le linn vóta den saghas sin. Tá sé curtha ina gceann ag na polaiteoirí ‘glice’ seo go gcaillfidh siad 5% den vóta, má fhógraíonn siad go poiblí cén taobh dáiríre a bhfuil siad ag tacú leis. Ach tá a oiread eolais ar fáil anois –– ar láithreán an Oireachtais féin –– nach dtógfadh sé an fhada ar dhuine a fháil amach cé hiad na hiománaithe seo ar an gclaí.

    Is staraí agus eolaí ar thoghcháin is ea an Dr Niamh Puirséil. Cuireadh agallamh raidió ar an Dr Puirséil ábhar blianta ó shin. D’inis sise don agallóir, agus don lucht éisteachta, gur chaill Páirtí an Luchta Oibre an–chuid vótálaithe le linn Olltoghchán 2011, mar go raibh céatadán suaithinseach de na vótálaithe sin nach raibh ag tacú a thuilleadh le Páirtí an Luchta Oibre ar na ceisteanna móra sóisialta. Ba d’Fhianna Fáil a vótáil na vótálaithe sin an uair sin. Ach cad atá déanta ó shin ag ceannaireacht Fhianna Fáil, ach treisiú leis an gclár oibre Liobrálach?

    Fiú mura bhfuil seasamh láidir ag polaiteoir ar na ceisteanna sóisialta, is místuama an plean é polasaithe Páirtí a bhunú ar thoradh Reifreann, i leith is gur léiriú do–earráide ar thoil dhaonlathach na vótálaithe cláraithe is ea toradh Reifrinn ar bith. I láthair na huaire, is bunaithe ar thromlach na vótaí ar lá an Reifrinn a bhíonn toradh Reifrinn. Is gnách go mbíonn idir 35% agus 40% de na vótálaithe cláraithe nach gcaitheann vóta le linn Reifrinn. Dá bhrí sin ní fhéadfadh toradh Reifrinn, agus cúrsaí mar atá, a bheith daonlathach, is é sin, más í an chiall atá le ‘daonlathach’, breis is 50% de na vótálaithe cláraithe a bheith ag vótáil TÁ, nó NÍL, leis an togra. Go dtí go dtabharfar isteach córas a éileoidh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe a bheith ag tacú le togra an Reifrinn, nó ag diúltú dó, chun go mbeidh bail ar an vóta, ní bheidh córas daonlathach Reifrinn ann. Áitítear coitianta gur tromlach ollmhór a vótáil TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta in 2015; sa Reifreann i dtaobh an Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann in 2016; agus sa Reifreann um Aisghairm Airteagal 40.3.3º [ar an nginmhilleadh] in 2018. Is é fírinne an scéil gur 37% díobh siúd a vótáil lá an Reifrinn in 2015, a vótáil TÁ; gur 56% díobh siúd a vótáil lá an Reifrinn i dTuaisceart Éireann in 2016, a vótáil NÍL; agus gur 43% díobh siúd a vótáil lá an Reifrinn in 2018, a vótáil TÁ. Níl ach dhá Reifreann den méid a tionóladh ó 1937 go dtí 2015, ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe TÁ leis an togra: Reifreann 1972 ar Phoblacht na hÉireann a dhul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa; agus Reifreann 1998 ar an gComhaontú Angla–Éireannach, nó ar ‘Chomhaontú Aoine an Chéasta’ mar a thugtar coitianta air.

    Ní leor córas ceart daonlathach a bheith ann i gcúrsaí an Reifrinn. Ní foláir leasú a dhéanamh ar conas Rialtas a chur le chéile chomh maith. Bíodh gach uile Rialtas ina Chomhrialtas. Teachta Dála ar bith nach bhfógróidh roimh an Olltoghchán go rachaidh sé féin/sí féin isteach i gComhrialtas, má thugtar cuireadh dó/di chuige sin, tar éis an Olltoghcháin, ná bíodh sé dleathach cuireadh a thabhairt dó/di, tar éis an Olltoghcháin, dul i gComhrialtas. Ansin is de réir an méid vótaí, a bheidh gnóthaithe san Olltoghchan ag Teachta Dála, is ceart Aireacht, nó Aireacht Stáit, a thabhairt do Theachta Dála de chuid an Chomhrialtais nua. Na Teachtaí Dála nach bhfógróidh roimh an Olltoghchán go rachaidh siad i gComhrialtas, ach an cuireadh a fháil chuige sin, tar éis an Olltoghcháin, a chead acusan Freasúra a chur le chéile. Is mithid deireadh a chur le Córas na nAoirí. Bíodh sé d’iallach ar gach uile Theachta Dála, agus ar gach uile Sheanadóir, móid, nó gealltanas sollúnta a thabhairt, gur mar seo a vótálfaidh sé/sí i gcónaí, in ord tosaíochta: 1) de réir coinsiasa; 2) ar leas an phobail; 3) ar leas an Pháirtí, más comhalta de Pháirtí é/í.

    Deirtí gurbh iad Fine Gael Páirtí na dTiarnaí Talún, agus gurbh iad Fianna Fáil Páirtí na dTógálaithe. Is iad Páirtí an Luchta Oibre inniu Páirtí na Liobrálaithe ar Clé, atá go maith as, mar atá ráite ag Eoin. Bhí tráth ann ar oidí scoile ba ea a lán de na Teachtaí Dála. De réir mar a thuigim, is tiarnaí talún a lán de na Teachtaí Dála inniu. Ní haon iontas é mar sin gur deacair teacht ar réiteach cóir ar fhadhb na tithíochta. Is é an rud a mholfainnse gan cáin ioncaim ar bith a ghearradh ar dhuine go dtí go mbeadh sé/sí 30 bliain d’aois; agus é/í a bheith ar leathráta cánach go dtí go mbeadh sé/sí 35 bliana; agus gan cáin ioncaim ar bith a bheith le díol ag duine os cionn 70 bliain d’aois.

    Níl sé d’acmhainn ag formhór na lánúineacha óga, sa lá atá inniu ann, díol as cíos ar árasán, ná tosú ar theach a cheannach dóibh féin ar morgáiste. Lánúin as gach uile 5 lánúin sa Phoblacht inniu, tá siad aimrid. Lánúin as gach 3 lánúin i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá aimrid. Cuid mhaith den aimride, is de dheasca déanamh clainne a chur siar go dtí go mbíonn 30 bliain d’aois slánaithe ag an lánúin í, agus de dheasca cíos ró–ard a bheith ar árasáin, agus praghas ró–ard a bheith ar thithe; nó ceann acu, an fear nó an bhean, nó an bheirt acu, a bheith ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha, agus an déanamh clainne a chur siar, mar gheall air sin, go dtí go mbíonn siad 35 bliana d’aois, nuair is deacra go mór dóibh clann a bheith acu. Tá geilleagar tíre ag brath ar líon daoine mór go leor a bheith inti, go háirithe sna réimeanna aoise is gníomhaí ó thaobh oibre de. Mura mbíonn siadsan ann, ní bheidh a ndóthain daoine ann chun díol as na pinsin, agus as na seandaoine a chothú. Fadhb í seo atá ar fud an Domhain, ar gach uile mhór–roinn, ach amháin ar mhór–roinn na hAfraice.

    Leanfaidh Páirtí an Luchta Oibre de bheith ag meath. Tá vótálaithe go leor curtha ó dhoras ag Fianna Fáil féin de dheasca an Cheannaireacht a bheith ag moladh leis an gclár oibre Liobrálach. Ní dóigh liomsa go dtuigeann Sinn Féin go fóill an díobháil mhór atá déanta acu dóibh féin leis an íde a thug cuid de lucht riaracháin an Pháirtí ar Violet–Anne Wynne, TD de chuid an Chláir.

    Dá réir sin, dealraíonn go bhfuil, nó gur gearr go mbeidh, slí do Pháirtí nua, Páirtí a dhéanfaidh rud ar an méid atá leagtha amach agam féin sa ríomhphost seo. Cá bhfios ná go meallfadh a leithéid de Pháirtí nua ar ais na vótálaithe sin a bhfuil deireadh dúile bainte acu den olagarcacht atá i réim i láthair na huaire.