Níos mó ná ‘caint gan téagar ó Poots ag teastáil – O’Neill

Deir an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go bhfuil Sinn Féin réidh chun ‘dul i mbun gnó’ leis an DUP ach go gcaithfear na gealltanais i Ré Nua, Cur Chuige Nua a chur i gcrích

Níos mó ná ‘caint gan téagar ó Poots ag teastáil – O’Neill

Tá ráite ag LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann Michelle O’Neill go bhfuil gá le níos mó ná “caint gan téagar” ó Edwin Poots maidir leis an reachtaíocht teanga.

Thug ceannaire nua an DUP le fios an tseachtain seo caite go dtacódh sé le tabhairt isteach na reachtaíochta teanga “a luaithe agus is féidir”.

Ach dúirt Michelle O’Neill inniu go raibh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag iarraidh labhairt arís le Poots faoi na gealltanais éagsúla sa chomhaontú New Decade, New Approach nach bhfuil comhlíonta go fóill.

Tá sé ina imní le tamall go bhféadfadh go dteipfeadh ar Stormont arís mura n-éireodh le Sinn Féin agus an DUP teacht ar aontú mar gheall ar ainmniúchán airí nua Edwin Poots.

Tá drochamhras go háirithe ag lucht éilimh na reachtaíochta Gaeilge ar Paul Givan, an té atá roghnaithe ag Poots le bheith ina Chéad-Aire.

Ní sé ráite ag Sinn Féin nach dtacóidh siad le ceapacháin Poots mura bhfaigheann siad geallúint níos daingne i dtaobh na reachtaíochta.

Dúirt Michelle O’Neill inniu go raibh Sinn Féin réidh chun “dul i mbun gnó” leis an DUP ach go gcaithfí na gealltanais i New Decade, New Approach a chur i gcrích.

“Thug mé suntas don mhéid a bhí le rá ag Edwin Poots agus a ráiteas gur fear é a dhéanann beart de réir a bhriathair agus go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais go léir i New Decade, New Approach.

“Tabharfaidh mise air seasamh lena fhocal, cinnte. Tabharfaidh mé orthu seasamh lena bhfocal.

“Ach ní focail amháin atá uaim, ach gníomh, leis. Táim ag iarraidh an fhianaise a fheiceáil, tá níos mó ná focail gan téagar ag teastáil.”

D’fhógair ceannaire an DUP Edwin Poots inné gurb é Paul Givan, ball tionóil do Ghleann an Lagáin, a rogha le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster.

Bhí baint ag an gcinneadh a rinne Paul Givan deireadh a chur le scéim Gaeilge i mbéal na Nollag 2016 leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ba chúis le titim an fheidhmeannais i Stormont an bhliain dár gcionn.

Luaigh Martin McGuinness cinneadh Givan deireadh a chur leis an scéim líofa ina litir éirí as oifig in 2017.

Chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta déistin ar phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Níos mó ná ‘caint gan téagar ó Poots ag teastáil – O’Neill'