Tá achainí ar an suíomh change.org chuig an Aire Iompair, Darragh O’Brien, sínithe ag níos mó ná 10,000 duine, ag éileamh go ndéanfaí cosaint ar Sheirbhís Aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, d’othair ailse agus do dhaoine a mbíonn coinní riachtanacha leighis acu.
Cuirfear tús le conradh eitilte úr idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath an mhí seo ach tuairiscíodh go mb’fhéidir go mbeadh athruithe déanta ar amantaí na n-eitiltí sa chonradh úr, agus nach mbeadh fiú eitilt lár an lae ag feidhmiú níos mó, nuair a thagann an conradh úr seo i bhfeidhm.
San am i láthair, is féidir eitilt ó Aerfort Dhún na nGall, ar an Charraig Fhinn, i gcroílár na Gaeltachta go hAerfort Bhaile Átha Cliath, Luan go Satharn ag 7.55am agus 2.30pm. Is féidir pilleadh ar ais go Dún na nGall ag 12.55am agus 6.50pm.
Má thagann athrú ar na hamantaí nó má dhéantar ar shiúl le heitilt lár an lae, ní bheadh sé indéanta eitilt ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath ar maidin agus pilleadh ar ais tráthnóna.
Deir Mary Coyle, ó Eitiltí Ailse Dhún na nGall a chuir an achainí ar líne ar bunan tseachtain seo go mbeidh “teipthe go hiomlán ar an chuspóir a bhí ag an PSO, mura dtig le hothar ailse as Dún na nGall taisteal go Baile Átha Cliath fá choinne cóir leighis agus pilleadh abhaile ar an lá céanna”.
San achainí ar líne, dúirt sí go bhfuil maoiniú PSO curtha ar fáil don tseirbhís eitilte áirithe seo mar go bhfuil Dún na nGall “scoite amach ó thaobh na tíreolaíochta de” agus mar gheall nach bhfuil “seirbhís iompair shásúil eile ann”.
Thagair sí do na himpleachtaí diúltacha a bheas ann do na hothair má thagann na hathruithe atá beartaithe ar an amchlár i bhfeidhm.
Dúirt go mbeadh “taisteal leighis ar an lá céanna neamhphraiticiúil”, go gcuirfeadh na hathruithe seo “iallach ar othair fanacht thar oíche” agus go mbeadh “costas breise, gan trácht ar ualach breise brú” ar na hothair.
Deir sínitheoirí na hachainí, go bhfuil siad ag iarraidh gealltanas i scríbhinn ón Aire Iompair chun a rá gur riachtanas éigeantach é, faoi chonradh PSO, go mbeadh othair ábalta turas fillte a dhéanamh as Dún na nGall go Baile Átha Cliath in aon lá amháin faoi choinne cóir leighis.
Deirtear chomh maith go bhfuil siad ag iarraidh ar an Aire Iompair “eitilt an mheán lae ó Dhún na nGall a choinneáil agus a chosaint mar nasc riachtanach PSO”, agus na hamantaí eitilte “lena n-áirítear eitilt luath isteach go Baile Átha Cliath, filleadh mall go Dún na nGall,” a chosaint.
Deir an Téachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty go bhfuil “cruinniú práinneach” á lorg aige leis an Aire Iompair chun an cás a phlé.
I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sé nach féidir glacadh leis seo agus go gcuirfidh an cinneadh seo “isteach go mór” ar othair atá “faoi bhrú millteanach cheana féin”.
Dúirt urlabhraí ón Roinn Iompair le Tuairisc inné, go dtiocfaidh deireadh leis an chonradh reatha ar an 25 Feabhra 2026 agus go bhfuil próiseas soláthair phoiblí ar siúl an ag roinn san am i láthair.
Dúirt siad go bhfuil an rialtas “tiomanta” do sheirbhís aeir a choinneáil ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, ach cionn is go bhfuil an próiseas tairisceana go fóill ar siúl, nach mbeadh sé “ceart” rud ar bith a rá faoi “sonraí an sceidil eitilte úir”, go dtí go mbeadh an próiseas tairisceana críochnaithe.
Fág freagra ar 'Níos mó ná 10,000 duine ag impí ar an Aire Iompair eitiltí ailse Dhún na nGall a chosaint'