Tá a gcuid tithe tréigthe ag breis is 3.2 milliún duine san Iaráin agus iad sa tóir ar bhráite sábháilte ó bhuamaí Iosrael agus na Stát Aontaithe atá ag liúradh na tíre.
Áisíneacht dídeanaithe na Náisiún Aontaithe a chuir an meastachán maidir le líon na dteifeach ar fáil.
“Deirtear gur as Tehran agus bailte móra eile atá a bhformhór ag teitheadh agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar thuaisceart na tíre agus ar an tuath ag súil go mbeidh siad slán ansin,” a dúradh i ráiteas ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe [UNHCR].
“Is mór an baol gur i méid a ghabhfaidh an líon sin agus gan stad ná staonadh ar an gcogaíocht. Údar imní é sin mar beidh cabhair dhaonnúil níos mó ag teastáil go práinneach.”
Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin, agus san Iaráin a maraíodh a bhformhór. D’fhógair arm Iosrael go raibh tús curtha acu le ráig eile ionsaithe ar an tír, agus go raibh siad ag díriú ar infreastruchtúir a bhaineann le rialtas na hIaráine..
D’fhógair arm na hIaráine go raibh ionsaithe tosaithe acusan ar sheirbhísí slándála agus bunáiteanna míleata Iosrael.
Dúirt an Iaráin freisin gurbh iadsan a chniog an dá thancaer ola a bhí trí thine amach ó chósta na hIaráice inniu. Dúirt an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh [IEA] go raibh an cogadh seo tar éis “cur isteach níos measa ar mhargadh ola an domhain ná mar a tharla riamh cheana”.
Tá sé ráite ag an Iaráin nach ligfidh siad d’aon lastas ola a rachadh i dtairbhe do na Stáit Aontaithe ná dá gcomhghuaillithe trí Chaolas Hormuz, an bealach loingseoireachta trína n-iompráitear an cúigiú cuid d’ola uile na cruinne.
Deir gníomhaireacht mhuirí sa Bhreatain, Gnóthaí Trádála Muirí na Ríochta Aontaithe, go bhfuil sé thuairisc déag faighte acu sna trí lá dhéag ó thosaigh an cogadh seo faoi ionsaithe a rinneadh ar longa a bhí ag obair thart ar Mhurascaill na Peirse, Murascaill Óman agus Caolas Hormuz.
D’fhógair arm Iosrael inniu gur ionsaigh siadsan láthair san Iaráin ina raibh togra núicléach ar bun, dar leosan.
Mhaígh fórsaí cosanta Iosrael [IDF] gur cuid eile de na hionsaithe atá ar bun acu le cúpla lá a bhí san ionsaí sin ar Taleghan.
I dtuairisc ag Reuters, deirtear gur ionad é Taleghan ag lárionad míleata Parchin, atá suite thart ar 30 ciliméadar soir ó dheas ó phríomhchathair na hIaráine, Tehran.
Mhaígh arm Iosrael gur léirigh lucht faisnéise an IDF go raibh ionad Taleghan á úsáid ag an Iaráin le harm a fhorbairt agus le tabhairt faoi thurgnaimh ar cuid iad de Amad, togra núicléach de chuid na hIaráine, a síleadh deireadh a bheith curtha leis in 2003.
Fág freagra ar 'A dtithe tréigthe ag breis is 3.2 milliún duine san Iaráin'