Níos costasaí bronntanas a cheannach do do ghrá geal inniu ná mar a bhí sé cúig bliana ó shin

Ardú atá tagtha ar chostas bláthanna, seacláidí agus fíona ó bhí 2020 de réir eolas nua an CSO 

Níos costasaí bronntanas a cheannach do do ghrá geal inniu ná mar a bhí sé cúig bliana ó shin

Beidh sé níos costasaí bronntanas a cheannach do do ghrá geal inniu ná mar a bhí sé cúig bliana ó shin, dar le staitisticí a bhailigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoin gcostas a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín.

Ardú atá tagtha ar chostas bláthanna, seacláidí agus fíona ó bhí 2020.

Más ag iarraidh airgead a shábháil atá tú, is é an buidéal fíona is fearr óir níl ach ardú 0.9% tagtha air sin le cúig bliana anuas. Tá seacláidí “áirithe” 1.6% níos daoire in 2025 agus tá dornán bláthanna 12.1% níos costasaí ná mar a bhí said in 2020.

Is measa fós an t-ardú atá tagtha ar an gcostas a bhíonn ar oíche rómánsúil amach faoin mbaile mór. Má tá plean agat dul le haghaidh béile le do leannán seirce anocht, bíodh tú ullamh le haghaidh bille atá 30.7% níos costasaí ná mar a bhí sé in 2020 a íoc. Cosnóidh ticéad amharclainne 14.6% níos mó ort i mbliana ach níl an ticéad pictiúrlainne ach 3.1% níos airde ná mar a bhí sna seachtainí sular tháinig an chéad ghála den víreas corónach go hÉirinn.

Rinneadh comparáid in oifigí an CSO idir na praghsanna a bailíodh i mí Feabhra 2020 agus i mí na Nollag 2024. Fuarthas amach ón anailís sin go bhfuil ardú tagtha ar bhronntanais a thugtar go minic Lá Fhéile Vailintín agus ar an gcostas a bhaineann le dul amach i gcomhair na hoíche le cúig bliana anuas. Ní fhoilseofar faisnéis faoi phraghsanna mhí Feabhra 2025 go dtí mí an Mhárta.

Tá na staitisticí seo bunaithe ar na hinnéacsanna praghsanna a bhíonn á bhfaire ag an CSO leis an ráta boilscithe in Éirinn a thomhas i dtréimhse ama.

Fág freagra ar 'Níos costasaí bronntanas a cheannach do do ghrá geal inniu ná mar a bhí sé cúig bliana ó shin'