‘Níor thuigeas go mbíonn imeachtaí ar siúl ar maidin ag an Oireachtas go dtí go rabhas ann le m’iníonacha’

Agus Oireachtas na Samhna buailte linn, chuir Tuairisc ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. An ceoltóir agus an craoltóir Tristan Rosenstock atá linn an iarraidh seo

‘Níor thuigeas go mbíonn imeachtaí ar siúl ar maidin ag an Oireachtas go dtí go rabhas ann le m’iníonacha’

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Táimid ag dul siar go tús na 1990idí nuair a bhí Oireachtas na Samhna ar siúl i gCluain Dolcáin, i mBaile Átha Cliath. Bhíos thart ar dheich mbliana d’aois agus thaitin sé go mór liom na canúintí ar fad a chlos i mo chontae dúchais féin. Caithfidh gur seoladh leabhar (nó cúpla leabhar) le Daid [Gabriel Rosenstock] mar bhí neart boscaí leabhar sa mbúit agus muid ag fágáil, rud a chuir an-stró ar an seanbhanger a bhí á thiomáint ag mam.

An rud is fearr faoin Oireachtas…

Nuair a chastar duine ort nach raibh feicthe leis na cianta agat agus nuair a aimsíonn sibh cúinne ciúin le dul ar bhóithrín na smaointe. Teacht le chéile teaghlaigh atá i gceist leis an Oireachtas agus ní thógann sé i bhfad muintearas a chruthú le gach éinne a chastar ort.

An rud is measa faoin Oireachtas…

Nach féidir a bheith i láthair ag na himeachtaí ar fad. Bheadh fómó ar dhuine cuma cén áit a bhfuil sé!

Cill Airne arís?

Beagán de mhórán a mhéadaíonn do dhúil. Tá Óstán Ghleann an Iolair thar a bheith feiliúnach ar go leor slite ach bímid lasmuigh den bhaile, ar bhealach. Bhaineas an-taitneamh go deo as an Oireachtas nuair a bhí sé ar siúl i nDoire Cholmcille thiar sa bhliain 2006. Shiúlas isteach go tigh Sandinos i lár na cathrach i lár an lae agus bhí Táimse ‘gus Máire á chanadh ag gach éinne sa tigh in ard a ngutha. Thiteas i ngrá le Doire an deireadh seachtaine sin. Ba dheas an tOireachtas a bheith ag gluaiseacht thart le deis a thabhairt dúinn titim i ngrá le bailte agus le cathracha eile, agus le ligean do mhuintir na háite a fheiceáil gur ann dúinn. Fágann an tOireachtas rian láidir ina dhiaidh.

Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Le teacht slán as an Oireachtas ní mór éalú as an óstán gach lá ar feadh uair nó dhó. Siúlóid bheag chuig an mbaile. Caifé. Ciúnas. Agus ansin fill arís!

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na Féile! Is féidir éisteacht siar le Corn Uí Riada ar RnaG ach ní féidir éisteacht siar le Club na Féile…tá súil agam!

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Arís, é a bhogadh thart ó réigiún go réigiún mar a dhéanann Fleadh Cheoil na hÉireann. N’fheadar an gá athbhreithniú a dhéanamh ar na Gradaim Foilsitheoireachta? I gcás Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana bhí leabhair acadúla, úrscéalta, cuimhní cinn agus leabhar lán eolais mar gheall ar éin in iomaíocht lena chéile. Leabhair bhreátha ab ea iad ar fad, ach an gcuideodh critéir incháilithe níos soiléire nó an bhfuil gá le catagóir nó dhó eile?

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Cairde nua a bheith déanta.

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Táimid ag dul go Cill Airne den chéad uair lenár gclann óg. Cinnteoidh na cailíní go mbeidh mé dúisithe go moch gach maidin.

Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Chuaigh mé féin, Sadhbh agus ár gclann iníon Maud agus Joni chuig an Oireachtas mar theaghlach den chéad uair i Citywest i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2019. Níor chaitheamar ach cúpla uair an chloig ann mar go raibh na cailíní beag bídeach ach chonac taobh eile ar fad den Oireachtas an lá sin. Níor thuigeas go mbíonn imeachtaí ar siúl ar maidin! Bhíos chomh sásta ag siúl thart agus an bugaí á bhrú agam agus mé ag breathnú ar an mbeirt rógairí a bheidh ag freastal ar Chlub na Féile ag Oireachtas 2035!

 

Fág freagra ar '‘Níor thuigeas go mbíonn imeachtaí ar siúl ar maidin ag an Oireachtas go dtí go rabhas ann le m’iníonacha’'