Níor choinnigh Údarás na Gaeltachta aon phingin siar ó aon chomhlacht riamh mar gheall ar cheist teanga – soiléiriú tugtha ag Aire

B’éigean d’Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers soiléiriú a thabhairt ar fhreagra a thug sé ar cheist Dála i bhfianaise eolas breise a fuair sé ó Údarás na Gaeltachta

Níor choinnigh Údarás na Gaeltachta aon phingin siar ó aon chomhlacht riamh mar gheall ar cheist teanga – soiléiriú tugtha ag Aire

Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers nár choinnigh Údarás na Gaeltachta aon phingin siar ó aon chomhlacht riamh mar gheall ar choinníoll teanga a shárú.

Thug an tAire Stáit le fios i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo caite gur tharla a leithéid i roinnt bheag cásanna “thar na blianta”, ach bhí air soiléiriú a thabhairt faoin méid sin an tseachtain seo.

Agus ceist eile ó Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, á freagairt aige dúirt an tAire Stáit go raibh sé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta arís ó shin.

“Tar éis an cheist seo a bheith tógtha in athuair leis an Údarás, tá sé curtha in iúl nach eol dóibh aon chás inar coinníodh siar airgead sna cúinsí atá luaite ag an Teachta,” arsa an tAire Stáit Jack Chambers.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite nach raibh aon taifead ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh siar deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

Dúirt Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, gurb amhlaidh gur thug Údarás na Gaeltachta le fios dó nach raibh an teicneolaíocht acu le cuntas a choimeád ar chásanna inar sháraigh comhlachtaí na coinníollacha Gaeilge a leagadh orthu agus gur coinníodh siar a ndeontas dá bharr.

Thug an tAire Stáit le fios nach raibh d’eolas ar fáil ón Údarás ach nár tharla a leithéid i “mórán cásanna thar na blianta”.

Dúradh go mbíonn oifigigh teanga na heagraíochta i dteagmháil “rialta” leis na cliantchomhlachtaí chun a ndualgas maidir leis an nGaeilge a chur in iúl dóibh agus chun tacú leo na dualgais sin a chomhlíonadh.

Dúradh go raibh athbhreithniú ar siúl ag an Údarás ar a chur chuige maidir leis na coinníollacha teanga a leagtar ar na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.

De réir an fhreagra is déanaí ón Aire Stáit, áfach, tá Údarás na Gaeltachta ag maíomh gur éirigh leis an gcóras inmheánach atá acu a chinntiú gur comhlíonadh gach coinníoll teanga a leagadh riamh ar gach comhlacht ar thug siad tacaíocht dóibh.

“Bíonn ar na cliaint na coinníollacha sin a chomhlíonadh sula ndéantar éileamh ar íocaíocht deontais. Má bhíonn deacracht ag cliant le ceann ar bith de na coinníollacha a chomhlíonadh, tuigtear don Roinn go n-oibríonn feidhmeannaigh an Údaráis go dlúth leis an gcliant chun a chinntiú go mbíonn na coinníollacha deontais comhlíonta sula ndéantar éileamh ar íocaíocht.

“Tá sé deimhnithe ag an Údarás go bhfuil córais rialaithe inmheánacha i bhfeidhm chun an méid sin a chinntiú agus nach ndéantar aon éileamh ar íocaíocht deontais a phróiseáil go dtí go mbíonn an tÚdarás sásta go bhfuil na coinníollacha ar fad comhlíonta go cuí.

“De thoradh an chur chuige réamhghníomhach seo, tuigtear don Roinn nach raibh gá aon tráthchuid deontais a choinneáil siar de bharr ghnóthaí teanga go dtí seo.”

Fág freagra ar 'Níor choinnigh Údarás na Gaeltachta aon phingin siar ó aon chomhlacht riamh mar gheall ar cheist teanga – soiléiriú tugtha ag Aire'