Níor cheart an RAF a ligean isteach in aerspás na hÉireann

Leanaimis fíorpholasaí neodrachta ag iarraidh stop a chur le cogaí agus socruithe síochánta a aimsiú

Níor cheart an RAF a ligean isteach in aerspás na hÉireann

Tá polasaí neodrachta na tíre seo ar ais sa nuacht ó tháinig sé chun solais go bhfuil socrú (nó conradh rúnda) ag an stát le Sasana a ligeann dóibh a gcuid eitleán a chur isteach in aerspás na tíre seo, ar mhaithe, mar dhea, le muid a chosaint.

Bíodh muid soiléir faoi seo. Ní chuireann na Sasanaigh eitleáin in aerspás na tíre seo toisc go bhfuil an oiread sin grá acu dúinn. Cuireann siad ann iad ar mhaithe le leas Shasana a chosaint.

Ní nach ionadh bhí an Irish Times ag iarraidh leas a bhaint as an scéal le polasaí neodrachta na tíre a ionsaí arís.

Deir John McManus sa nuachtán sin go bhfuil bóthar na neodrachta ídithe. “B’fhéidir,” deir sé, “go raibh cúis mhaith leis an gcur i gcéill san am atá caite, ach is ábhar magaidh muid anois agus iarracht á déanamh gan a admháil go bhfuil conradh aerchosanta againn leis an mBreatain, agus dá réir sin le NATO.”

Ceapaim go bhfuil an ceart aige sa mhéad sin, ach ní ghlacaim leis gur chóir polasaí neodrachta a chur ar ceal go hoifigiúil agus páirt gan srian a ghlacadh i NATO nó san Arm Eorpach.

Cén fáth go gcuirfeadh muid saighdiúirí na tíre seo i mbaol a mbáis ar son spriocanna impiriúlacha Mheiriceá nó na hEorpa?

Maidir le hÉirinn a chosaint ó ionradh nó bagairt mhíleata ón taobh amuigh, cuirimis an cheist go hionraic: cé a dhéanfadh a leithéid? An Rúis? Cén leas a bhainfeadh siad as a leithéid, ach mar chuid de choinbhleacht le Sasana?

Go deimhin Sasana an t-aon tír a dhein ionradh orainn le hocht gcéad bliain, agus Sasana, agus b’fhéidir Meiriceá, a bhreathnaíonn orainn mar thír atá ina cuid dá réimse tionchair.

Tá brú orainn mar sin féin caiteachas ar chúrsaí cosanta a mhéadú go mór. Ach – agus tá sé seo ráite agam cheana – cén fhad a sheas an trealamh cosanta a cheannaigh an Iaráic nuair a tháinig cogadh? In ainneoin na milliúin a caitheadh níor mhair an córas cosanta s’acu ach cúpla uair an chloig.

Má tá muid dáiríre faoi chosaint cuirimis ár bhfórsaí cosanta in oiriúint don treallchogaíocht, agus leanaimis fíorpholasaí neodrachta ag iarraidh stop a chur le cogaí agus socruithe síochánta a aimsiú.

Ar ndóigh, má tá muid ag iarraidh na cluichí céanna a imirt is a dhéanann ard-oifigigh airm sa tíortha eile, caithimis na milliúin.

I ndáiríre tá brú mór orainn ón Eoraip a leithéid a dhéanamh, ní hamháin mar gheall ar an seachmall gur féidir ollstát eile le cumhacht dhomhanda a dhéanamh den Aontas Eorpach, ach mar chuid den eacnamaíocht chogaidh atá á fógairt ag Coimisiún na hEorpa agus an cogadh sa Úcráin mar leithscéal acu.

Ach féach ar an gcontráilteacht. Ar thaobh amháin, deir an tAontas Eorpach gur chóir do na ballstáit srian a chur ar a gcaiteachas le boilsciú a cheansú, mar dhea; ach ar an taobh eile deir an tAontas go gcaithfidh siad níos mó a chaitheamh ar an mbuiséad cosanta.

Cén chaoi ar féidir a leithéid a dhéanamh ach trí ghearradh siar ar chaiteachas sóisialta nó ar infheistíocht an stáit? Níl bealach ar bith eile ann.

Ach an bhfuil sé réadúil labhairt faoi neodracht a thuilleadh? Bhuel, creideann Éamon Ó Cuív, cinnte, go bhfuil.

Ag labhairt dó ag comóradh Liam Lynch le déanaí, dúirt Ó Cuív nach raibh neodracht neamhghníomhach nó neodracht a bhí dall ar an taobh amuigh againn riamh, ach cur chuige neamhspleách bunaithe ar idirbheartaíocht idirnáisiúnta, ar an tsíocháin agus ar theacht ar réiteach i gcúrsaí idirnáisiúnta.

Maidir leis an socrú rúnda faoi chead a bheith in aerspás na hÉireann ag eitleáin na Breataine, mhaígh an Tánaiste Micheál Martin nach sárú ar neodracht na hÉireann a bhí sa socrú céanna.

“Aon rud a dhéanann muid i réimse na slándála náisiúnta tá sé i gcomhréir le cinniúnachas ceannasach na tíre agus le polasaí neodrachta míleata na tíre,” dúirt sé.

Céard is brí leis an gcaint seo? Dá gcinnfeadh an rialtas dul isteach i NATO an mbeadh sé sin i gcomhréir lenár neodracht? Nó an caint gan bhrí í?

Ag deireadh thiar tá muid níos fearr as gan a bheith páirteach i gcogaí a fhearann tíortha eile. Is fearr dúinn síocháin a lorg agus iarracht a dhéanamh stop a chur le cogaí, agus an t-airgead a chuirtear amú ar chogaí a stiúradh i dtreo leas sóisialta an phobail.

Deir Sinn Féin go bhfuil siad ag lorg tuilleadh eolais faoin socrú aerspáis leis an mBreatain, ach nach mbeadh sé níos éasca stop a chur leis, airgead a shábháil agus síocháin a lorg gan náire?

Fág freagra ar 'Níor cheart an RAF a ligean isteach in aerspás na hÉireann'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Níor cheart go gcuirfeadh dearcadh an cholúnaí iontas orm. Ba bhreá leis, is dócha, go.mbeadh cead a gcinn ag na Rúisigh i spéartha na hÉireann. Treall chogaíocht isea an straitéis a úsáudeann pobal nuair atá fórsa naimhdeach i seilbh do thír agus cé gur oibrigh sé go maith i 1920/1, is beag tairbhe a bheadh ann inniu. Ní fheadar conas nár luaigh sé an u-chasadh is dèanaí ag SF agus an pháirtí sin ag cur deireadh lena fhreasúra do bhallraíocht i mbeartais cosanta NATO agus an AE.

  • Eoghan Ó Néill

    B’fhearr fanacht neodrach agus obair ar son na síochána bíodh sí san Úcráin nó cibé. Le cuidiú Dé go mbeidh rath ar iarrachtaí na Síne an dá thaobh a mhealladh chun sos cogaidh a dhéanamh agus cainteanna a thosú in áit a chéile a mharú lá i ndiaidh lae.

  • An Sléibhteoir

    Rud a dúirt Dev fadó, agus bíodh sé mar ábhar machnaimh againn. Nuair a théann na stáit mhóra in adharca a chéile (agus má mhealltar na stáit bheaga isteach sa chogadh leo) nuair a bheidh an conradh síochána á scríobh, ní thabharfar aon aird ar na stáit bheaga nó a spriocanna féin. Beidh a gcomhghuallaithe sásta iad a thréigean ar an dtrá folamh. Déanfaidh na stáit mhóra cinnte de go bhfuil a mianta féin sásaithe agus sin é. Fiú má tá an stát beag san bánaithe agus buamáilte.

    Bhí cúiseanna maithe ann don neodracht i 1939, bhí an tír páirteach i 3 chogadh agus éirí amach amháin ó thús an chéid sin cheana. Bhí an geilleagar ró-lag agus ní raibh na hachmhainní againn chun trealamh míleata nua-aimseartha a cheannach. Ach sa lá atá inniu ann, nach fiúntach an achmhainn a d’fhéadfadh a bheith sa neodracht, dá mba rud é go mbeadh cáil orainn mar thír déanta na síochána. Nach bhféadfadh an tionchar san a bheith i bhfad níos mó agus níor suntasaí ná mar a bheadh ag doirteadh fola thoir, theas agus thiar ar chlár na cruinne?

    Má táimid chun a bheith neodrach, caithfear infheistiú a dhéanamh i gcosaint na tíre. Ach caithfidh an infheistiú a bheith ciallmhar – níl aon teorann leis an méid airgid a d’fhéadfá a chaitheamh ar airm de gach cineál. Caithfear ar a laghad a bheith in ann dul i ngleic le bagairtí bunúsacha. Forbraíodh radar seachtó bliain ó shin, agus fós tá an tAer-Chór dall ar an-chuid de na rudaí atá ag dul ar aghaidh in aerspád na tíre seo, ceal córais radair chuimsitheach a bheith againn. Bhí trainer jets againn ó na 50idí go dtí na 90idí, ach anois an t-aon jet atá ag an Aer-Chór ná jet príobháideach an Rialtais chun Airí a thabhairt anonn is anall.

    An chloch is mó ar mo phaidrín, ná na hiarrachtaí atá ar bun ag cúpla duine sa saol poiblí fáil réidh leis an neodracht gan reifreann nó vóta ag muintir na hÉireann. Ní ghlacaim leis an smaoineamh ná fuil éinne ag bagairt orainn anois agus is amhlaidh nár chóir dúinn infheistiú no pleanáil a dhéanamh áfach. Caithfear a bheith ciallmhar agus stuama faoi sin, ní hea go ndéanfaí ionradh orainn ar mhaithe lenár stór óir ná stór ola a ghoid – ach bheadh calafoirt agus aerspás na hÉireann tábhachtach dá mbeadh cogadh eile le briseadh amach. Ná bíodh cuma ró-lag orainn ó thaobh cúrsaí cosanta de mar sin.

  • Gabriel Rosenstock

    Agus caint ar siúl faoin Arm seo againne a neartú, smaoinímis ar Chósta Ríce – gan arm ar bith acu ón mbliain 1948. Bhíos ann agus bhraitheas an t-aer an-úr ann, saor ó bhréantas an airm. Smaoinímis chomh maith ar rud a dúirt an Ginearál Eisenhower, fear airm agus Uachtarán ar Mheiriceá:
    “Gach gunna a chruthaítear, gach long chogaidh a lainseáltar, gach roicéad a scaoiltear, ciallaíonn siad i ndeireadh na dála gur ghoideamar ón té a bhfuil ocras air agus nár cothaíodh, ón té atá fuar agus nár tugadh éadach dó.”

  • Anton O'Muimhneachain

    Ar an drochuair, tá ár n-intinn déanta ag an Uasal Martin dúinn agus é ag seasamh go soiléir le Elensky

  • Concubhar

    Ní féidir bheith neodrach nuair atá an Rúis ag iarraidh cinedhíothú a dhéanamh ar an Úcráin, a stair agus a náisiúntacht. Tá an ceart glan ag Rialtas na hÉireann seasamh leis an Úcráin agus Zelensky agus go laidir i gcoinnibh bharbarthacht na Rúise agus Putin.

  • Gabriel Rosenstock

    Más ceadmhach dom Meiriceánach eile a tharraingt isteach san argóint seo:
    “Is é is Stát ann ná an tréad a eagrú le bheith cosantach nó ionsaitheach in aghaidh tréad atá eagraithe ar an gcuma chéanna. Cuireann cogadh sruth cuspóra agus gníomhaíochta ag rith síos go dtí an leibhéal is ísle den tréad . . . Ceanglaítear gníomhaíochtaí uile na sochaí le chéile chomh tapa agus is féidir chun ionsaí míleata nó cosaint mhíleata a dhéanamh . . .’ Randolph Bourne.
    Taitníonn Bourne liom ar chúis eile: bhí sé glan i gcoinne Angla-Shacsanú Mheiriceá agus an ceart ar fad aige.

  • Gabriel Rosenstock

    Cloímis le hábhar. An RAF ag truailliú spéartha na hÉireann. Gné lofa den scéal seo ná gur coinníodh ina rún é. B’fhéidir go raibh a fhios ag madraí an bhaile thart ar Theach Laighean é ach ní dóigh liomsa go raibh eolas ina thaobh ag formhór an phobail. Tacaímse go huile agus go hiomlan leis an bhfealsamh Gréagach a dúirt an méid seo a leanas:
    “Ba mhaith liom a fháil amach, i gcomhar le cách, cad atá ag titim amach sa tsochaí, a bheith in ann méid agus cáilíocht an eolais a fhaighim a rialú. Iarraimse go mbeadh ar mo chumas a bheith rannpháirteach go díreach in aon chinneadh sóisialta a mbeadh baint aige le mo shaol agus leis an saol i gcoitinne. Ní ghlacaimse leis go bhfuil mo chinniúint leagtha síos cheana féin, lá i ndiaidh lae, ag daoine ar naimhdeach liom a gcuid tionscadal, nó mé aineolach orthu, agus nach bhfuil ionainne, is é sin mise agus gach éinne eile, ach uimhreacha, díreach, i bplean ginearálta, nó inár gceithearnaigh ar chlár fichille. ” (Cornelius Castoriadis 1922-1977)
    Cé a chuirfeadh i gcoinne an ráitis sin?

  • Donncha Ó hEallaithe

    Ní thabharfainn mórán aird ar aon duine a rinne iarrachtaí ionsaí na Rúise ar an Ucráin a chosaint, agus iad ag caint ar ‘neodracht’.