‘Nílim ag iarraidh bheith anseo in aon chor, tabhair abhaile mé’ – ag ullmhú do chluiche ceannais don dara huair in imeacht coicíse

In 2000 fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Ghaillimh in athchluiche ceannais peile na hÉireann. Labhair Tuairisc.ie le Dara Ó Cinnéide Chiarraí agus Seán Ó Domhnaill na Gaillimhe faoin dá chluiche mór an bhliain sin agus faoin gcoicís eatarthu

‘Nílim ag iarraidh bheith anseo in aon chor, tabhair abhaile mé’ – ag ullmhú do chluiche ceannais don dara huair in imeacht coicíse

Dé Domhnaigh an 24 Meán Fómhair 2000 chríochnaigh cluiche ceannais na hÉireann ar comhscór i bPáirc an Chrócaigh. An-bhéim síos a bhí ann d’fhoirne Chiarraí agus na Gaillimhe ach sula raibh deis ag na himreoirí díriú isteach ar an athimirt faoi cheann coicíse bhí coinne lóin acu an lá dár gcionn.

Lón in éineacht le chéile.

B’shin í an bhliain dheireanach go raibh an ‘post-match luncheon’ ann,” a deir Dara Ó Cinnéide agus iontas air anois go raibh a leithéid riamh ann.

“Bhí sé ana-ait go deo istigh sa Burlington agus imreoirí na Gaillimhe agus imreoirí Chiarraí ag teacht chun lóin. Is cuimhin liom féachaint sall ar Sheán Óg de Paor agus is dóigh go raibh na leaids eile go léir ag rá, ‘Nílim ag iarraidh bheith anseo in aon chor, tabhair abhaile mé’.”

Ní hé comhluadar imreoirí na Gaillimhe amháin a bhí ag cur fonn baile ar an gCinnéideach. Ba mhar an chéile an scéal an oíche roimhe.

“Nuair a bhuann tú craobh na hÉireann, ní bhraitheann tú traochta. Nuair a chailleann tú, teastaíonn uait piúnt a ól. Ach nuair a bhíonn comhscór ann, buaileann sé thú ar an bpointe cé chomh traochta agus atá tú agus níl uait ach a bheith sa bhaile.

“Is cuimhin liom cé chomh traochta agus a bhíos ag an banquet. Bhí mé ag siúl amach le mo bhean chéile ag an am agus bhíomar suite le Maurice Fitzgerald agus a bhean agus bhíomar ag rá, ‘We won’t stay awake until dessert time.’ Ní raibh aon deoch i gceist! Ní raibh uainn ach dul abhaile.”

Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh an lá roimhe sin chuimhnigh Seán Ó Domhnaill na Ceathrún Rua ar an lá stairiúil i 1998 nuair a bhuaigh an Ghaillimh craobh na hÉireann den chéad uair ó 1966.

Bhí sé an-aisteach, go háirithe dúinne, tar éis dúinn a bheith sa gcluiche ceannais dhá bhliain roimhe sin agus na mothúcháin a bhí ann an lá sin. Bhí sé cosúil le haer a scaoileadh amach as balún.

“Bhí an chéad lá an-aisteach, tá a fhios agam é sin. Ar thaobh amháin, tá tú sásta nach bhfuil tú buailte ach ó thaobh na Gaillimhe, chuir sé as dúinn nár bhuaigh muid. Bhí muid chomh fada sin chun deiridh ach nuair a tháinig muid ar ais, ba cheart go mbeadh sé buaite ar deireadh againn.

“Seans go raibh Ciarraí ag rá ‘buíochas le Dia’ go bhfuil seans eile againn, mar go raibh siad chomh fada sin chun cinn. Go dtí an lá atá inniu ann, sílim gurb é sin a d’oibrigh do Chiarraí. D’fheabhsaigh siad mar go raibh a fhios acu go raibh feabhas ag teastáil. Níor fheabhsaigh muide.”

Dar le Dara Ó Cinnéide go raibh baint mhór ag beirt go háirithe leis an bhfeabhas a tháinig ar Chiarraí.

An rud ba thábhachtaí ná cé chomh láidir agus a bhí Páidí Ó Sé agus cé chomh láidir agus a bhí Séamus Moynihan sa choicís idir an dá chluiche. Sa tréimhse sin idir an dá chluiche, agus ní athraíonn na rudaí seo, tá gá le ceannairí, le pearsana láidre, agus bhí an t-ádh linn go raibh Páidí mar bhainisteoir againn agus go raibh Moynihan mar chaptaen. Bhí Moynihan thar barr sa tréimhse sin.

“Ní raibh aon slí go raibh seisean chun teacht thar n-ais go dtí Ciarraí arís agus gan Sam Maguire aige. Is fuirist é sin a rá anois ach thug sé ceannaireacht agus dea-shampla uaidh an lá ar fad agus an choicís ar fad.”

Deir Seán Ó Domhnaill gur beag is féidir le foirne a dhéanamh an chéad seachtain roimh athimirt ar chluiche ceannais na hÉireann.

“Bhuail muid le chéile i linn snámha chun an ‘rehab’ a dhéanamh ach ní raibh mórán traenála ann an tseachtain sin. Ní raibh muid in ann mórán a dhéanamh, ní raibh aon duine ag iarraidh go mbainfeadh gortú dóibh agus ní raibh an t-am againn le cluiche A v B a imirt.

“Níl tú ach ag teacht chugat féin agus tá gach duine ag cuardach ticéid arís. Ticéid, ticéid, ticéid. Cé go bhfuil coicís agat, níl tú in ann mórán a dhéanamh. An chéad seachtain, tá tú ag tabhairt scíth den chorp agus ansin, an dara seachtain, tá tú ag fáil réidh don chluiche.”

Bhíodh anailís á déanamh ag na foirne an uair sin chomh maith ach má bhí ní raibh sí leath chomh dian ná chomh domhain leis an anailís atá ar siúl ag Ciarraí agus Áth Cliath ó imríodh an chéad chluiche.

“D’fhéachamar ar an bhfístéip agus d’fhéachamar go mion uirthi ach ní raibh an mionbhriseadh síos céanna á dhéanamh ar an gcluiche againn agus a bhíonn ar siúl anois,” a deir Ó Cinnéide.

“Labhraímíst ar an gcluiche, ‘Did you see this?’ nó ‘Did you see that?’ ach ní raibh sé chomh sofaisticiúil agus atá sé anois. Shamhlóinn gur ansan atá an t-athrú is mó ar an scéal in 2019 – méid na hanailíse. Bíonn gach ní agus mionscrúdú déanta air anois.

“Bhí Jack McCaffrey go maith an lá deireanach. Ach canathaobh? Cad a thit amach? Conas is féidir linn é sin a athrú an chéad lá eile? Déanfar na ceisteanna sin ar fad a chíoradh go mion.”

Cúis aiféala é do Sheán Ó Domhnaill nach ndearna Gaillimh dóthain athruithe don chluiche athimeartha i mbliain na mílaoise.

“Níor athraigh muide agus is dóigh gurb é sin an locht is mó a bhí ann ó thaobh na foirne bainistíochta agus na n-imreoirí. Bhí Páidí glic, bhí a fhios aige go raibh an t-ádh orthu na cosa a thabhairt leo, go raibh a ndóthain déanta againne chun an cluiche a bhuachan. Níor athraigh muide tada, d’athraigh Ciarraí.

“Ceapaimse go gcaithfidh tú athruithe a dhéanamh idir an dá chluiche. Ní féidir dul amach leis an meon céanna, cluiche difriúil uilig é seo anois. Caithfidh tú a bheith réidh ní hamháin do phlean C agus D, ach do phlean E nó F.”

Dar le Ó Cinnéide go bhfuil teora leis an méid gur féidir a dhéanamh sa choicís roimh athimirt agus má tá feabhas le déanamh gur minic gur feabhas ó thaobh meoin a bhíonn i gceist.

“Níl tú ábalta mórán a dhéanamh ach má bhraitheann imreoir áirithe gur imir sé go holc sa chluiche comhscóir, braitheann sé go gcaithfidh sé iarracht speisialta a dhéanamh. Sa bhliain 2000, mar shampla, bhí an-chluiche ag Liam Hassett sa dara cluiche cé nach raibh sé ach cuibheasach sa chéad chluiche.

“Bhí cluiche saghas ait ann an dara lá. Bhí gach aon ní ag a náid arís. Toisc go raibh tú go maith an chéad lá, ní shin le rá go mbeifeá go maith arís. Má bhí tú olc, bhí deis iontach agat é sin a chúiteamh.”

Nuair a bhíonn comhscór ann i gcluiche ceannais na hÉireann bíonn neart ama ag daoine a bheith i mbun díospóireachta faoin athimirt agus tagann ceist mhór nó dhó chun cinn i gcónaí. In 2000 ba é cás Maurice Fitzgerald is mó a bhí i mbéal an phobail.

“Bhí Ciarraí i ngalar na gcás. An dtosóidís Maurice Fitz? Bhí drochíde á tabhairt do Pháidí, ‘Conas is féidir duine chomh cumasach leis a fhágaint ar an mbinse?’ agus mar sin de. Ach ní raibh Maurice ach cuibheasach sa chluiche comhscóir. Bhí sé thar barr san athimirt. Ní raibh an bhitseáil chéanna ann idir an dá chluiche.

“Tá an cás amhlaidh thíos i gCiarraí i mbliana maidir le Tommy Walsh, ar cheart dó tosnú? Bhí an díospóireacht sin ann in 2000 agus dá mhéad a d’athraigh rudaí, nach mór 20 bliain níos déanaí, tá na díospóireachtaí céanna ann.”

Mar ionadaí a tháinig Maurice Fitzgerald isteach sa chluiche arís san athimirt agus dar le Séan Ó Domhnaill go raibh baint mhór ag fear Uíbh Ráthaigh le toradh an chluiche.

“Ag breathnú siar air, is dóigh gur cheap muid gur chaith muid uainn é an chéad lá. B’fhéidir gur cheap Ciarraí gur chaith siad uathu freisin é mar go raibh siad seacht bpointe chun tosaigh sa chéad leath. Ach bhí an t-ádh orthu sa deireadh.

“Mheas muide gur thosaigh muid go dona sa chéad chluiche ach gur chríochnaigh muid an-mhaith.  Chaithfeadh muid coinneáil orainn mar sin sa dara cluiche. Ach níor tharla sé. B’fhéidir gur theastaigh cúpla athrú. D’athraigh Ciarraí rudaí. Tháinig Maurice Fitz isteach agus b’shin an difear a bhí ann. Bhí Maurice Fitz dochreidte.”

Fág freagra ar '‘Nílim ag iarraidh bheith anseo in aon chor, tabhair abhaile mé’ – ag ullmhú do chluiche ceannais don dara huair in imeacht coicíse'