Fáiltím roimh an scéal go bhfuil Polasaí faoi Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht á chur le chéile ag Conradh na Gaeilge. I bhfianaise an dá chás atá i mbéal an phobail faoi láthair, i Ráth Chairn na Mí agus i Maol a’ Choirne, i nGaeltacht na Rinne, tá práinn le cur chuige seiftiúil a bheith ag an gceanneagraíocht Ghaeilge is mó sa tír, faoin mbealach is fearr dul i ngleic le forbairtí tithíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeltacht. Ach tá díomá orm leis an dréacht atá curtha le chéile ag Meitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, mar nach bhfuil sé réadúil ná sách géarchúiseach.
An Staid Reatha
Go dtí gur cuireadh Acht Pleanála agus Forbartha 2000 i bhfeidhm, ní fhéadfaí cead pleanála a dhiúltú ar chúinsí teanga agus ní fhéadfaí coinníollacha teanga a cheangal le cead ach an oiread. Ach de bharr stocaireacht chliste a rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tugadh aitheantas don tábhacht a bhaineann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht faoin gcóras pleanála nuair a leagadh síos in alt 10.2(m) den Acht go gcaithfeadh sé a bheith mar chuspóir ag gach údarás áitiúil a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint agus an Ghaeilge a chur chun chinn mar theanga an phobail.
Ar ndóigh ní hionann cuspóir a chur ar pháipéar agus cuspóir a chomhlíonadh. Nuair a bhí rabharta iarratas pleanála le scéimeanna tithíochta a thógáil sa Ghaeltacht, ba léir gur beag aird a bhí na húdaráis pleanála ag tabhairt don dualgas reachtúil a bhí orthu ó thaobh ‘oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint’. Bhí cuid acu níos fearr ná a chéile agus bhí cuid acu siléigeach sa chúram.
Ag an am fágadh faoi dhaoine aonaracha nó faoi eagraíochtaí pobail dul ag an mBord Pleanála, agus é mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta gan a ladar a chur isteach sa scéal. Cé go raibh an EPA sásta dul ag an mBord Pleanála lena chinntiú go dtabharfaí cosaint don timpeallacht agus an NPWS sásta dul ag an mBord Pleanála le cosaint a thabhairt don dúlra, ní raibh aon eagraíocht stáit sásta dul chuig an mBord Pleanála chun a chinntiú go dtabharfaí cosaint don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfios dom sin mar atá i gcónaí.
Airdeall
Bunaíodh Airdeall faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in 2005 agus d’éirigh leis an eagraíocht seasamh sa bhearna le cinntiú nach mbeadh scéimeanna tithíochta á gceadú i nGaeltacht ar bith ina raibh an teanga fós in úsáid i measc an phobail, gan aird a thabhairt ar chosaint na Gaeilge. D’éirigh le gach achomharc a rinne Airdeall chuig an mBord Pleanála. Ar ndóigh bhí forbróirí agus polaiteoirí ag gearán faoi seo agus ag cur brú ar an rialtas gearradh siar ar an gcúnamh stáit a bhí á fháil ag an gComhdháil.
Ceann de na chéad chásanna a thóg Airdeall ar láimh bhain sé le cead le haghaidh 17 teach a thógáil i Maoil a’ Choirne, An Rinn, cead a thug Comhairle Chontae Phort Láirge in 2004 gan aon cheo ráite acu faoin gcoinníoll teanga a bhí curtha ag an mBord Pleanála ar an gcead imlíneach. Throid Airdeall an cás agus cuireadh coinníoll docht teanga leis an bhforbairt a dúirt go gcaithfeadh deich gcinn de na tithe a bheith curtha ar fáil ‘dóibh siúd amháin a bhfuil líofacht shásúil i dteanga na Gaeilge taispeánta don údarás pleanála’ acu agus go mbeadh na seacht dteach eile ‘curtha ar fáil mar áiteanna cónaithe do dhaoine dúchasacha na Rinne amháin’. Níor tógadh na tithe. Agus ní hé sin deireadh an scéil.
Tá iarratas anois ar chead le 47 teach a thógáil ar an láthair chéanna agus an cinneadh le déanamh i gceann deich lá. Tá neart aighneachtaí curtha isteach faoin iarratas, ina measc aighneachtaí ó dhaoine aonaracha sa bpobal, ó Chomhlacht Forbartha na nDéise, ó Chonradh na Gaeilge, ón Rannóg Pleanála Teanga sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta.
Má cheadaítear an fhorbairt i nGaeltacht na nDéise, gan coinníoll docht teanga leis, cén dream atá sásta dul chuig an mBord Pleanála? An tÚdarás? Drochsheans. An Roinn? B’fhéidir. An bhfuil Conradh na Gaeilge sásta an ról a bhíodh ag Airdeall, faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a thógáil ar féin? Nó an bhfágfar faoi dhaoine áitiúla agus eagraíochtaí áitiúla an cás a throid?
Dréachtpholasaí Pleanála Chonradh na Gaeilge
Tá an doiciméad atá dréachtaithe ag Conradh na Gaeilge ag moladh go mbeadh na cumhachtaí pleanála aistrithe ó gach údarás pleanála chuig Údarás na Gaeltachta. Breathnaíonn sé sin go maith i bprionsabal ach níl sé réadúil, agus ní cúnamh ar bith é don chás ina bhfuil pobal Ráth Chairn agus pobal na nDéise faoi láthair agus forbairtí a dhéanfadh dochar don Ghaeilge ag bagairt orthu. Níl an tÚdarás le trust faoi chúrsaí pleanála, mar a fuair Airdeall amach. An t-aon uair ar chuir siad achomharc ag an mBord Pleanála, i gcás forbartha i nGaeltacht Chois Fharraige, tharraing siad siar é sula raibh cinneadh déanta faoi, de bharr brú ar ndóigh.
An dara locht atá agam ar mholadh Chonradh na Gaeilge ná seo: theastódh reachtaíocht le leasú substaintiúil a dhéanamh ar an Acht Pleanála, rud nach dtarlóidh. B’fhearr im thuairimse díriú ar an mbealach is éifeachtaí leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair a úsáid go cliste agus go straitéiseach le stop a chur le forbairtí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do sheasamh na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós in úsáid, mar a rinne Airdeall. Gan cur chuige córasach, ní fiú tráithnín do na ceantair Ghaeltachta atá faoi bhrú a bheith ag stocaireacht leis na cumhachtaí pleanála a aistriú ón gComhairle Contae go dtí Údarás na Gaeltachta, mar atá molta ag an gConradh.
Ní leor a thuilleadh a bheith ag súil go nglacfaidh coistí pobail nó daoine aonaracha seasamh cróga sa gcomórtas seo idir an tsaint agus cosaint na teanga.
Fág freagra ar 'Níl Údarás na Gaeltachta le trust faoi chúrsaí pleanála'