Tá solas á scaladh arís i mbliana ar earnáil na scannánaíochta Gaeilge ag ainmniúcháin na nGradam IFTA agus sé ainmniúchán faighte ag an scannán Gaeilge Aontas. Ina measc, tá ainmniúchán don aisteoir tacaíochta is fearr faighte ag Seán T. Ó Meallaigh. Ar a bhealach isteach ag rang maidine Pilates a bhí sé nuair a chuala sé go raibh ainmniúchán faighte ag an scannán.
“Caithfidh gur chuala mo mháthair ar an nuacht é agus chuir sí glaoch orm, ag an am sin ní raibh ach ainmniúchán amháin don scannán luaite. Bhí mé istigh ag an bPilates nuair a thosaigh m’fhón ag bípeáil agus ansin rith sé liom go mb’fhéidir go raibh níos mó ag tarlú.”
Faoin am gur tháinig sé amach as an rang, bhí an nuacht amuigh. Cé go raibh ainmniúchán faighte aige cheana sa mbliain 2016 as a ról sa scannán The Callback Queens, cloch mhíle pearsanta a bhí ann do Sheán. Stiúrtha ag Damien McCann agus comhscríofa aige le Sarah Gordon, is togra é Aontú a fuair maoiniú faoin scéim Gealán, tionscnamh drámaí fadscannáin ar comhfhiontar é idir An Ciste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC Gaeilge.
Tá moladh mór aige don stiúrthóir Damien McCann, a chomhscríobh an scannán in éineacht le Sarah Gordon agus don fhoireann léiriúcháin, Orna Ní Chearnaigh agus Chris Myers ina measc.
“Tá mé ar bís don fhoireann ar fad. Tá an méid sin oibre i gceist le scannán a dhéanamh, domsa mar aisteoir déanaim mo chuid oibre agus bíonn tú ag smaoineamh ar an gcarachtar atá agat, ach é sin i gcomparáid leis an obair a bhíonn ar bun ag na léiritheoirí. Tá mé delighted dóibh!”
D’oibrigh sé le Damien agus Sarah roimhe seo agus nuair a rinne siad teagmháil leis faoin bpáirt in Aontas bhí an-suim aige oibriú arís leo. Tharla rud éigin, a deir sé, nach dtarlaíonn rómhinic i saol an aisteora.
“Taitníonn siad go mór liom mar dhaoine, tá fios a ghnó ag Damien, tá spéis dhochreidte aige sa scannánaíocht agus bíonn neart smaoinimh curtha isteach aige i ngach rud a dhéanann sé. Ansin nuair a tháinig sé i dteagmháil liom faoi an dara scannán a dhéanamh, d’ofráil sé an ról dom, rud nach dtarlaíonn rómhinic mar aisteoir!”
Insítear scéal Aontas droim ar ais, tosaíonn sé ag an deireadh agus oibríonn sé siar.
“Bhí mé á léamh agus is ‘pageturner’ ceart a bhí ann agus mé ag iarraidh a fháil amach cén deireadh a bheadh ar an scéal. Thart ar trí cheathrú bealaigh tríd an script, chaithfinn sos a thógáil. Faoin am sin bhí mé ag cuimhneamh nach bhféadfadh sé an luas a choinneáil suas, ach d’éirigh leo agus tá sé thar a bheith cliste.”
Bíonn tábhacht ar leith le script láidir nuair atáthar ag déanamh fadscannáin ar bhuiséad íseal, dar leis.
“Nuair atá go leor airgid agat, leithéidí Marvel, tá tú in ann cuid de na fadhbanna a réiteach ach airgead a chaitheamh leis. Ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an script láidir nuair atá an buiséad níos teoranta.”
Scannán robála bainc atá ann ach tá sé an-éagsúil ón gnáthchur chuige leis an gcineál sin scéil. In ionad bainc, is comhar creidmheasa tuaithe atá i gceist agus triúr ban as an áit na robálaithe. Thug an t-athrú sin gné shainiúil don scéal, a deir sé, agus tharla gur chaith máthair an stiúrthóra tréimhse ag obair i gcomhar creidmheasa í féin.
“Bhí sé [Damien] ag caint lena mháthair faoin smaoineamh agus luaigh sise go mbíodh sí ag obair i gcomhar creidmheasa sular rugadh é. Só chuir seisean ceist uirthi ar déanadh robáil air aon uair? Agus dúirt sise go ndéantaí robáil orthu go minic. Cén bhrí, ach dúirt sí leis ‘Dá mbeadh mise chun an áit a robáil seo mar a dhéanfainn é!’”
Uaidh sin amach, d’athraigh an treo a bhí leis an scéal agus d’imigh sé ón ngnáthscannán robála bainc atá feicthe go minic againn agus thosaigh na scríbhneoirí ag cuimhneamh ar scéal na robálaithe féin. Tá carachtar Seán T.Ó Meallaigh pósta le duine de na robálaithe, agus deir sé gur imigh an ról seo ón ngnáthchineál carachtair atá déanta cheana aige.
Seans mar gur duine deas lách é, rólanna naofa a fhaigheann sé go minic, bhí sé le feiceáil mar Naomh Pádraig faoi dhó, bhí sé ina mhanach uair eile, agus fear naofa a bhí ann sa tsraith Klondike freisin. Imíonn an carachtar atá aige in Aontas ón múnla sin. Cloistear aisteoirí ag rá go mbíonn níos mó spraoi le baint as carachtar gránna ná mar a bhíonn leis na carachtair dheasa. Is maith an t-athrú, a deir sé, ach caithfear a bheith tomhaiste leis freisin.
“Níl tú ag iarraidh cartún a dhéanamh as, ach tá tú ag iarraidh craic a bhaint as an gcarachtar. Labhair Damien linn faoin gcúlra a shamhlaigh sé don chlann as ar tháinig ‘Colly’, daoine iad a bhí saibhir agus tógadh é agus neart airgid sa teach.
“Ní raibh seisean thíos riamh le haon rud a rinne sé, agus an dearcadh a bhí agam faoi sin ná nach mbeadh an fear seo ródháiríre faoin saol agus é ág baint taitneamh as rudaí mar níor fhulaing sé mórán ar chor ar bith.”
D’éirigh go maith leis an gcur chuige sin is léir agus ainmniúcháin faighte aige dá thaispeántas. Tá athrú suntasach tugtha faoi deara aige sa dearcadh atá ag na gradaim ar thograí scannánaíochta Gaeilge ó thosaigh sé féin san aisteoireacht.
“Bhíodh catagóir ar leith ann do scannáin nó sraitheanna Gaeilge, agus ní rómhinic gur tugadh aitheantas dóibh taobh amuigh de sin. Sílim gurb é Klondike an chéad cheann a bhris amach as an múnla sin. Anois feicfidh tú tograí Gaeilge istigh le gach rud eile.”
Tugann sé moladh mór don mhéid atá déanta ag TG4 agus tograí ar nós Cine4. “Tá buíochas mór ag dul go TG4 agus an obair uilig a dhéanann siad. Agus d’Alan Esslemont agus an fhís a bhí aige díriú isteach ar fhadscannáin agus aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach. As sin a tháinig Cine4 agus an scéim Gealán, Tuaisceart Éireann. Tá éacht déanta ag na léiritheoirí agus na stiúrthóirí.”
Is maith ann iad na hainmniúcháin le haird an phobail a dhíriú ar na scannáin Ghaeilge, a deir sé.
“Cabhraíonn sé aird a tharraingt ar na scannáin Ghaeilge agus a mheabhrú agus a thaispeáint do dhaoine go bhfuil muid ann. Chomh maith le Kneecap chabhraigh scannáin ar nós An Cailín Ciúin, le haird daoine a tharraingt ar scannáin Ghaeilge agus an spotsolas a chaitheamh ar an earnáil iomlán.”
*Beidh Aontas le feiceáil ag Club Scannán Sailearna i gCois Fharraige ar an 12 Márta, 2026. Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
Gaini
Bhí sé thar cionn in Klondike! An t-ádh dearg orainn go bhfuil a leithéid ann i measc na nGael agus é ag treabhadh leis san earnáil seo. Go raibh maith agat a Sheáin.