Níl ‘The Shape of Water’ chomh maith lena cháil

Saothar aduain é The Shape of Water a bhfuil a léamh féin ar an saol aige ach níl an moladh go léir atá á fháil aige tuillte aige

Níl ‘The Shape of Water’ chomh maith lena cháil

The Shape of Water

Stiúrthóir/scríbhneoir: Guillermo del Toro

Cliar: Sally Hawkins, Michael Shannon, Richard Jenkins, Michael Stuhlbarg, Doug Jones, Octavia Spencer.

Ceardaí scannánaíochta ildánach ar leithligh is ea Guillermo del Toro a bhfuil ceithre ainmniúchán Oscar gnóthaithe aige i gcaitheamh na mblianta. Go deimhin tá 13 ainmniúchán faighte ag an saothar seo; trí cinn do del Toro féin agus ceann do Sally Hawkins ina measc. D’eascair na saothair shainiúla Pan’s Labyrinth agus Cronos as scioból samhlaíochta del Toro mar aon leis an saothar aicsin Hell Boy agus an truflais a bhí in Pacific Rim. Níorbh aon ionadh mar sin gur saothar aduain é The Shape of Water a bhfuil a léamh féin ar an saol aige.

Tá Elisa (Hawkins) ag maireachtaint in árasán gan dealramh os cionn pictiúrlainne i gcathair anaithnid cois cósta i Meiriceá na seascaidí. Í balbh agus ag cumarsáid le teanga chomharthaíochta.  Ní fios dúinn riamh an bhfuil sí amhlaidh ar chúiseanna fisiciúla nó aigneolaíocha. Faighimid seat di iomlán nocht sa bhfolcadán agus ansin téann sí i mbun glacaireachta.  Tá an bhunchloch leagtha go paiteanta.

Tá cogadh fuar na seascaidí lena pharanóia agus buaileam sciath in airde láin. Tá Elisa ag obair i láthair rúnda taighde mar ghlantóir agus is í a leathbhádóir cainteach seoigh Zelda (Spencer) a sholáthraíonn aon mhír seoigh sa saothar. Ní fada nó go dtagann lastas rúnda chuig an láthair agus nochtar dúinn gur neach amfaibiach ó Mheiriceá Theas atá ann. Lucht eolaíochta i mbun tástálacha ar mhaithe le buntáiste míleata a bhronnadh ar uncail Sam sa chomhrac leis na Rúisigh.

Eascraíonn gaol idir Elisa agus an neach seo agus nuair atá beatha an neach i mbaol téann sí féin i mbun gnímh. I rith an ama tá tíoránach (Michael Shannon) ar geall le bligeard geamaireachta é ar uairibh, ina shiombail do chúngaigeantacht agus do bhladhmann thírghráthóirí na linne. Cuireann na Rúisigh a ladar sa scéal chomh maith.

Gan amhras tá téama an chiníochais ag rith tríd an rud ar fad de réir mar a léirítear dúinn go bhfuil tréithe daonna (mothúcháin, cumarsáid agus meabhair) ag an neach seo agus de réir mar a eascraíonn gaol rómánsúil idir é agus Elisa.  Ní dhéantar scéal mhadra na n-ocht gcos den toise seo, áfach.

Is í Elisa, an cadhan aonair agus éan corr, croílár an scannáin. Is ar éigean go bhfuil sí in ann cumarsáid a dhéanamh sa saol seo agus níl sí ar a compord sa domhan seo. Tá uaisleacht measctha leis an uaigneas agus crógacht cniotáilte leis an gcúthaileacht, áfach.

‘Time is but a river flowing from our past,’ atá greanta ar leathanach amháin d’fhéilire gaoise in árasán Elisa agus is téama ann féin é an t-uisce sa scannán. Fuarthas Elisa taobh na habhann agus í ina leanbh, is mó radharc atá bunaithe timpeall ar an bhfolcadán agus caillfear an neach é féin má bhíonn sé imithe ón uisce rófhada. Is préacháin i measc na bpéacóg iad an bheirt acu. 

Ní leasc le del Toro dul i muinín chiútaí seanfhaiseanta; é léir ar an bpointe go mbeidh feidhm leis an rud a scríobhtar ar an bhféilire, agus an chríoch méaldrámata, seanchaite. Táirge machnamhach, caithiseach ach táirge nach bhfuil chomh maith lena cháil.

Fág freagra ar 'Níl ‘The Shape of Water’ chomh maith lena cháil'

  • leitheoir

    Caithfeam dul á fhéachaint mar sin!