Ag iarraidh a fháil amach a bhí mé an raibh mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus a bhfuil an dá chromán ag cur as di, fós in ann teacht amach as an bhfolcadán aisti féin.
Bhí, ar éigean.
Ach nuair a d’oscail mé doras an tseomra folctha arís, féachaint cén chaoi a raibh ag éirí léi, chonaic mé go raibh an díbholaíoch rollógach á chuimilt dá haghaidh aici.
Uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair nach dtriomódh a cuid gruaige, d’oibrigh mé amach go raibh sí tar éis lóis choirp, seachas seampú, a úsáid chun a cuid gruaige a ní.
Tagann am i saol chuile othar Alzheimer nuair nach mbíonn sé nó sí in ann aire a thabhairt dó nó di féin a thuilleadh ó thaobh an tsláinteachais phearsanta de. Ach oiread le chuile shórt maidir leis an ngalar gránna sin is de réir a chéile, seachas thar oíche, a thagann an meath. Drochlá a bhí i lá na heachtra leis an díbholaíoch agus an lóis choirp, ach shocraigh mé gurbh fhearr súil a choinneáil ar mo mháthair sa tseomra folctha feasta.
Seachtain nó dhó ina dhiaidh sin chuir an teiripeoir saothair cosc scun scan ar mo mháthair an folcadán a úsáid feasta. Níl cith i dteach mo mham, agus go dtí go ndéanfaimid athchóiriú ar an seomra folctha, beidh uirthi úsáid a bhaint as ‘cathaoir folctha’.
Agus beidh ormsa cuidiú a thabhairt di í féin a ní.
Déarfainn go raibh nach mór dhá scór bliain ann ó chonaic mé mo mháthair (nó go deimhin bean ar bith) lomnocht agus bhí saghas coimhthís orm roimpi ar dtús, ag tabhairt treoracha di taobh thiar den doras.
Níor thaitin sé sin le mo mham ar chor ar bith.
‘Níl rud ar bith aisteach faoi mo chorp agus tar éis an tsaoil is gaolta muid. Anois, ar mhiste leat mo dhroim a ní?’
Ar aghaidh liom. Anois agus cabhair tugtha agam do mo mháthair í féin a ní sé nó seacht n-uaire, tá mé in ann an jab a dhéanamh agus m’intinn a chasadh di. Ach is gráin liom nuair a bhíonn orm a mheabhrú di go gcaithfidh sí í féin a ní idir na cosa.
Tá an scéal seo á roinnt agam toisc go dteastaíonn uaim léargas a thabhairt ar an tionchar síceolaíoch a bhíonn ag galar Alzheimer ní hamháin ar an othar féin ach ar ghaolta an othair chomh maith. Gach seans go n-aithneoidh mórán léitheoirí coimhthíos an pháiste fhásta roimh cholainn an tuismitheora aosta. Bíonn brón, fearg agus náire orm nuair a bhíonn orm cúram dlúthphearsanta a thabhairt do mo mháthair, ach uaireanta pléascaim ag gáire faoin áiféis ar fad, mar a tharla an lá cheana nuair a bhí orm cíocha mo mham a thomhas le miosúr toisc nach raibh a fhios agamsa, agus nár chuimhin léise, agus toisc go raibh na lipéidí ar fad gearrtha amach as na sean-chíochbhearta caite ar fad, cén toise chupa a bhí aici.
Fág freagra ar 'Níl rud ar bith aisteach faoi mo chorp agus tar éis an tsaoil is gaolta muid…'