‘Níl mé ach ag rá go bhfuil mise ceart, agus go bhfuil tusa mícheart, a Mhamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag i nglór réasúnta, fadfhulangach a thug le fios go dtuigfeadh duine ar bith a pointe, fiú mo leithéidse. Ní raibh a fhios agam go díreach cén chaoi ar thosaigh muid ag argóint ach go tobann agus gan choinne bhí mo chosa i dtaca agam. ‘Níl tú,’ a dúirt mé.
Bhí tráthnóna réasúnta sibhialta againn go dtí sin. ‘Glan suas, glan suas, tá mé ag glanadh suuuuuu-as!’ a chan an Cailín Mór Beag in ard a gutha, agus amhrán cumtha aici in ómós don ghlanadh in áit an glanadh féin a dhéanamh.
‘An maith leat m’amhrán nua?’ a d’fhiafraigh sí díom. ‘Is maith,’ a dúirt mé, ‘ach b’fhearr liom dá bpiocfá suas an lego,’ a d’fhreagair mé agus mé ar mo sheanphort.
Nuair a ceannaíodh an lego, bhí sé i mbosca mór glas agus clár néata ar a bharr. B’í aidhm mhuintir Lego leis an mbosca, sílim, ná dallamullóg a chur ar thuismitheoirí sa chaoi is go gceapfaidís go mbaileodh na páistí é gach tráthnóna is go gcuirfidís ar ais sa bhosca é.
Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin am seo gur fearr i bhfad le páistí bréagáin a chur i dtaisce in áiteanna éagsúla ar fud an tí, faoi mar a chuirfeadh iora rua cnónna i bhfolach don gheimhreadh. Dá mbeadh dearadh meaisín níocháin nó seinnteoir DVDanna ar an mbosca, b’fhearr i bhfad an seans go gcuirfidís corrphíosa lego isteach ann.
‘Ach tá mé á phiocadh suas,’ a dúirt sí liom ansin agus rug sí ar scuab is thosaigh sí ag scuabadh a raibh ar an urlár i dtreo choirnéal na mbréagán. ‘Tá mise ceart, agus tá tusa mícheart.’
D’airigh mé mo mhisneach ag imeacht uaim. Chuimhnigh mé ar an méid a dúirt an máistir Zen lena scoláire lá, de réir an bhéaloidis Bhúdaíoch; sula n-aimsíonn muid tuiscint spioradálta, a dúirt sé, gearraimid adhmad agus bailímid uisce. Tar éis dúinn teacht ar thuiscint spioradálta, gearraimid adhmad agus bailímid uisce.
Bailímid lego.
‘OK,’ a dúirt mé, ‘déanfaidh muid le chéile é.’ Rug mé ar scuab is lean mé a sampla. Chaith muid a raibh sa charnán isteach sna boscaí. Bhreathnaigh mé thart ar an seomra; bhí sé sách glan. Ní raibh aon éalú agam uaidh – b’fhéidir go raibh an ceart aici.
Fág freagra ar '‘Níl mé ach ag rá go bhfuil mise ceart, agus go bhfuil tusa mícheart, a Mhamaí’'