Níl léir go bhfuil aon smaointe nua ag taidhleoirí na hÉireann sa lá atá inniu ann

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre - ba cheart dúinn cuimhneamh air sin agus aghaidh á tabhairt againn ar Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe

Níl léir go bhfuil aon smaointe nua ag taidhleoirí na hÉireann sa lá atá inniu ann

Toghadh Poblacht na hÉireann ina ball neamhbhuan ar Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe le déanaí. Croílár na heagraíochta féin is ea an coiste seo, a bhunaigh na tíortha sin a bhuaigh an Dara Cogadh Domhanda, sé sin Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhreatain, an Fhrainc, an Rúis agus an tSín.

Is féidir leis an gcúig thír sin aon mholadh a thagann chucu ón Tionól Ginearálta a chrosadh ar a gconlán féin, an veto cáiliúil siúd. Ní bheidh an chumhacht sin againne ná ag ár gcomhghleacaithe nua – an India, Vítneam, an Eastóin, na hoileáin San Uinseann agus na Greanáidíní i Muir Chairib, an Iorua, an Chéinia, an Nígir, Meicsiceo agus an Túinéis.   

Bua ar leith is ea an t-ardú céime idirnáisiúnta seo cinnte, agus sceith an Roinn Gnóthaí Eachtracha againne an dea-scéal ar luas lasrach mar is dual. Ní léir áfach go mbeimid in ann aon rud úrnua a dhéanamh ar an gCoiste Slándála.

Níl aon smaointe nua ag taidhleoirí na hÉireann sa lá atá inniu ann seachas brú a chur agus a choimeád ar aontachtaithe Thuaisceart Éireann le cúnamh na Meiriceánach, ár neodracht mhíleata a chosaint agus fanacht san Aontas Eorpach ach gan aon rud a dhéanamh dáiríre chun é a chosaint ó bhagairtí Putin. Seo an tríonóid polasaithe bunúsacha náisiúnta atá againne, agus ní athrófar toisc bheith istigh a bheith againn ar an gCoiste Slándála. Fadó, bhíodh samhlaíocht le feiscint i bpolasaí gnóthaí eachtracha na hÉireann agus cothaíodh daoine as an ngnáth chun polasaithe úrnua a cheapadh agus iad a chur i gcrích. Ba é Conor Cruise O’Brien an taidhleoir ba thábhachtaí againne ó 1922.

Nuair a ceapadh Frank Aiken ina aire gnóthaí eachtracha i 1957, mhínigh sé dá státseirbhísigh i dTeach Iveagh go gcuirfeadh sé fáilte roimh chur chuige nua chun neamhspleáchas na hÉireann a chur in iúl dos na cumhachtaí móra. Dúirt Cruise O’Brien leis gur chóir dó, mar sin, aithris a dhéanamh ar an tSualainn, agus díriú “ar an tSín Dhearg”, is é sin ar an iarratas a rinne rialtas cumannach na Síne a bheith ina bhall des na Náisiúin Aontaithe. Chuirfí neamhspleáchas na hÉireann in iúl don Uachtarán Eisenhower, don Eaglais Chaitliceach agus dos na Sóivéadaigh freisin dá ndéarfadh Aiken go poiblí gur chóir iarratas na Síne a phlé.

Níorbh ionann sin agus tacaíocht a thabhairt don iarratas céanna. Ghlac Aiken leis an gcomhairle, agus cuireadh snas nua ar pholasaí seachtrach na tíre. Léirigh Cruise O’Brien féin an neamhspleáchas céanna nuair a tugadh cúram tábhachtach dó san Afraic níos déanaí i Katanga, cúige de chuid an Chongó.

Scríobh Cruise O’Brien, To Katanga And Back: A U.N. Case History i 1962 chun cur síos a dhéanamh ar iompar mímhacánta na gcumhachtaí móra sa tír sin agus ar an bhfeachtas rúnda a eagraíodh chun stop a chur le polasaithe frith-impiriúlachais de chuid Dag Hammarskjöld, Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Cé gur mór an meas a bhí ag O’Brien ar Hammarskjöld féin agus ar bhunreacht na Náisiún Aontaithe, d’aithin sé laigí na heagraíochta freisin.

Bunaíodh an institiúid, dar leis, ar an débhríochas agus b’in an fhadhb ba mhó a bhí aici. Cheap na taidhleoirí, fiú sa Choiste Slándála, go bhféadfaí síocháin an domhain a chosaint leis na focail chuí.

Ach níor shlánaitheoir riamh é an focal ceart, mar a thuig Conor Cruise O’Brien go maith: “…the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language. This confidence is unfortunately contagious.”

Ba cheart dúinn cuimhneamh ar an rabhadh sin agus aghaidh á tabhairt againn ar obair an Choiste Slándála.

Fág freagra ar 'Níl léir go bhfuil aon smaointe nua ag taidhleoirí na hÉireann sa lá atá inniu ann'

  • Fearn

    Dea-alt. Is trua nár dheachaigh an t-iriseoir níos doimhne .

    Ach cogar mé seo leat, nach bhfuil aird na dtaidhleoirí dírithe go huile is go hiomlán anois ar “dhea-cháil ” cúinsí trádála na hÉireann agus a cur ar aghaidh? Caidreamh poiblí.

    Tá fealsúnacht nua i réim!

  • Máirtín Ó Fainín

    Níor léigh mé le fada a leithéid de iriseoireacht gan bhunús, gan téagar. Bhí an t-údar ag lorg leithscéal lena ómós pearsanta do Conor C. O’Brien a chur i n iúl. Níl puinn anailíse san alt ar a bhfuil déanta agus bainte amach ag an tír seo sna Náisiúin Aontaithe agus sa Chomhairle Slándála ach go háirithe thar blianta fada.