‘Níl freagra ar bith a laghdóidh an phian nuair a chailleann tú duine’

Tá craobh na hÉireann den Chomórtas Amhránaíochta ag an bhFéile Phan-Cheilteach buaite ag an amhrán ‘Fágtha gan Freagraí’ a chum Áine Durkin. Labhair sí le Tuairisc

‘Níl freagra ar bith a laghdóidh an phian nuair a chailleann tú duine’

‘Fágtha Gan Freagraí’, a chum Áine Durkin agus a chas an t-amhránaí sean-nóis as Baile na hAbhann Gráinne Ní Fhátharta, a tháinig sa gcéad áit ag an gcraobh náisiúnta de chomórtas amhránaíochta na Féile Pan-Cheiltí i mbliana.

Seo é an dara huair ag an mbeirt bhan an chraobh a thabhairt leo sa gcomórtas seo – d’éirigh leo cheana sa mbliain 2020 leis an amhrán ‘Seo Mar a Bhíonn’.

Scríbhneoir as ceantar na n-oileán i gConamara ó dhúchas í Áine Durkin, a bhfuil cónaí uirthi i mBun Cranncha i nDún na nGall. Chomh maith leis an gcumadóireacht amhrán, tá aithne mhaith uirthi mar fhile. Fóilsíodh a cnuasach Mise Áine – An Bhean Istigh sa mbliain 2017, agus tá eolas uirthi freisin mar bhlagálaí lena blag ‘Mise Áine Ag Rámhaille’.

Os cionn deich mbliana ó shin a chuir sí a céad amhrán isteach ar an gcomórtas amhránaíochta Pan-Cheilteach, agus molann sí do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag scríobh, misneach a bheith acu agus bualadh faoi.

“Tá mé dhá bhliain déag ag plé leis na bhféile Phan-Cheilteach, tá ocht gcinn d’amhráin curtha isteach agam ar an gcomórtas i gcaitheamh na mblianta. Fuair mé an chéad áit le ceithre cinn acu, bhí ceann amháin acu a tháinig sa tríú háit ach bhí trí cinn acu nár tháinig áit ar bith.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfeicfeadh daoine óga é seo, ní hé an rud is tábhachtaí áit a bhaint amach i gcomórtas, is é an príomhrud ná amhrán a scríobh agus é a chur isteach.”

Amhrán comhaimseartha é ‘Fágtha gan Freagraí’ a phléann ceisteanna a bhaineann le huaigneas agus le cailliúint. Spreagadh í leis an amhrán a scríobh i mí na Samhna anuraidh nuair a bhí an cuardach ar bun don snámhaí Máire Ní Fhátharta a chuaigh ar iarraidh amach ó Thrá na gCeann i mBearna i gCo. Na Gaillimhe. Bhí sí ag cuimhneamh ar an teaghlach agus ar an mbriseadh croí a bhí á fhulaingt acu.

Chuir an tragóid eachtra ina saol féin i gcuimhne di, nuair a frítheadh a deirfiúr Ciara básaithe san Afganastáin sa mbliain 2007 agus í ann mar speisialtóir airgeadais leis an nGarda Náisiúnta in Arm Mheiriceá. Scríobh Áine faoin eachtra sin sa dán ‘Ciara na Gruaige Rua’, a craoladh ar an gclár den teideal céanna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a bhuaigh bonn airgid ag na New York Festivals International Radio Broadcasting Awards sa mbliain 2008.

Scríobhann Áine na hamhráin de réir mar a thagann an spreagadh chuici agus is minic gur abairt amháin nó scéal a chloisfidh sí a chuirfidh an chéad síol d’amhrán nua isteach ina hintinn.

“B’fhéidir nach dtuigeann muid na rudaí atá ag tarlú dúinn ag an am, ach caithfidh muid an misneach a choinneáil go dtiocfaidh muid tríd. Nuair a bhí Máire bhocht ar iarraidh, bhí mé ag cuimhneamh ar céard a tharla le Ciara s’againne agus an fhulaingt a bhaineann leis sin.

“Is dúirt mé liom féin, tá súil agam nach mbeidh an chlann bhocht sin fágtha gan freagraí. Tháinig an port agus tháinig na focail isteach i m’intinn, chuir mé ag Gráinne ansin é agus bhí muid ag dul anonn is anall ag a chéile leis an amhrán.”

Chaith Áine na blianta ag iarraidh freagraí a fháil faoin méid a tharla dá deirfiúr Ciara, ach sa deireadh, a deir sí, thuig sí nach bhfuil aon fhreagra le fáil a laghdódh an phian nuair a chailleann tú duine. Tarraingíonn ‘Fágtha Gan Freagraí’ ar na mothúcháin a d’airigh Áine nuair a cailleadh a deirfiúr agus nuair a cailleadh a hathair go tobann de bharr taom croí agus é 55 bliain d’aois.

“Tá rud éigin ag teacht leis seo, más bás tobann é, má thagann sé gan choinne, gan aon duine ag súil leis an mbás. Bíonn tú fágtha gan freagraí. Sin é an chaoi a raibh mé nuair a cailleadh Ciara, cúig bliana ina dhiaidh bhí mé fós ag cur ceisteanna i m’intinn féin faoi.

“Bhí siad ag dul timpeall i mo chloigeann i gcónaí. Chuaigh mé ag comhairleoir sa deireadh agus nuair a ghabhann tú ag comhairleoir ar dtús cuireann siad go leor ceisteanna ort sa gcéad seisiún faoi do shaol agus mar an gcéanna sa dara seisiún.”

Nuair a chuaigh Áine ar ais le haghaidh an tríú seisiún chuir an comhairleoir ceist uirthi a thug léragas nua di ar an mbriseadh croí a bhí á fhulaingt aici.

“Chuir sé ceist orm, ‘Dá mbeadh a fhios agat céard a tharla an mbeadh tú ceart ansin, an dtabharfadh sé ar ais í?’ Agus sin é an rud, ní thabharfaidh sé ar ais an duine. Níl aon fhreagra a thabharfaidh an duine seo ar ais.

“Bhí na coinnle lasta agam do mhuintir Uí Fhátharta, ní raibh mé in ann a bheith thiar le cúnamh a thabhairt dóibh le dul á cuartú. Bhí na paidreacha á rá agam dóibh go bhfaighidís Máire. Cé gur tháinig siad ar chorp agus buíochas le Dia gur tháinig, ní bheidh na freagraí againn. Ach níl aon fhreagra a laghdóidh an phian duit nuair a chailleann tú duine.”

Nuair a bhreathnaíonn sí siar ar na hamhráin atá scríofa aici, feictear di go mbíonn teachtaireacht i gcónaí iontu. Seasann an teacht aniar agus an tseasmhacht in éadan deacrachtaí an tsaoil mar théama tríd na hamhráin ar fad atá scríofa aici. Feictear an téama seo in amhráin atá scríofa aici ar nós an amhráin mhisnigh a scríobh sí aimsir na dianghlasála, ‘Tiocfaidh Muid Tríd’ a chas Caitlín Ní Chualáin di sa mbliain 2020.

Tá amhrán aici freisin faoin ngalar Alzheimer agus an tionchar a bhíonn aige ar dhaoine, galar a thuig sí mar go bhfaca sí é ar a máthair chéile. ‘Ag Imeacht Uainn’ an teideal atá ar an amhrán sin a chas Domhnall Ó Braonáin.

Beidh na hamhráin atá scríofa aici á dtabhairt i gceann a chéile ar an albam Amhráin Áine a bhfuil súil aici é a sheoladh sa bhfómhar ag an bhFéile Ainm Cleite i gCeantar na nOileán. Seisear amhránaithe a bheidh ar an albam, Gráinne Ní Fhátharta, Caitlín Ní Chualáin, Daríona Nic Dhonncha, Domhnall Ó Braonáin, Méabh Ní Lochnáin agus Seosamh Mac Donncha. Tá ardmholadh aici do na hamhránaithe ar fad.

“Nach bhfuil an t-ádh ormsa go bhfuil siad sásta na hamhráin a chasadh! Agus tuigeann chuile dhuine acu an sean-nós agus tá siad in ann an sean-nós a choinneáil beo in amhrán comhaimseartha. Rud atá an-tábhachtach don scríbhneoireacht amhrán nua ná na féilte, na hirisí, Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin raidió uilig a thugann ardán don saothar. Mura mbeadh an tacaíocht agat ní fhéadfá é a dhéanamh.”

*Beidh ‘Fágtha Gan Freagraí’ istigh mar iontráil na hÉireann sa gcomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach a bheidh ar bun i gCeatharlach ó 22 go 26 Aibreán. Tuilleadh eolais anseo: http://www.panceltic.ie/

Fág freagra ar '‘Níl freagra ar bith a laghdóidh an phian nuair a chailleann tú duine’'