Níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích – taighde nua

Deir údar taighde nua a rinneadh do 7Lá gur léir gur fágtha faoi ‘aire sóisearach agus foireann meánbhainistíochta’ atá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus nach ‘tosaíocht’ í fiú sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin

Níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích – taighde nua

Níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.

Sin tátal na hanailíse nua atá déanta ag an sochtheangeolaí aitheanta Seosamh Mac Donnacha don chlár 7Lá.

Dar le húdar an taighde a rinneadh do chlár cúrsaí reatha TG4 gur “léir anois nach bhfeictear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar thosaíocht ag an Rialtas reatha”.

Léiríonn an taighde nach raibh aon chruinniú ó mhí Eanáir 2016 ag an ngrúpa sinsearach idir-rannach a bunaíodh chun plé leis an Straitéis agus nach raibh ag an gcoiste sin ach ocht gcruinniú ar fad le breis agus seacht mbliana anuas.

Anuas air sin, cuireadh deireadh anuraidh leis an gcoiste Rialtais don Ghaeilge, an coiste is sinsearaí sa státchóras a bhíodh ag plé le cás na teanga, agus leagadh na cúraimí a bhíodh air ar dhá choiste eile.

Bhí sé de chúram ar an gcoiste rialtais sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maoirseacht a dhéanamh, i gcomhar le hAire na Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Bunaítear na fochoistí rialtais seo de réir thosaíochtaí an Rialtais agus dúirt Seosamh Mac Donncha gur léiriú an cinneadh sin ar mheon an rialtais i leith na Gaeilge.

“Is cosúil nár mheas an Taoiseach agus a chuid airí sinsearacha go raibh fiúntas ná tábhacht ag baint le hobair an choiste rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht,” a dúirt Mac Donncha.

Anuas air sin, léiríonn an taighde nua nár chuir an coiste sinsearach idir-rannach aon cháipéis pholasaí ná aon mholtaí suntasacha faoi bhráid an choiste rialtais a bhíodh ag plé leis an Straitéis.

De réir na tuairisce nua níor pléadh ag na hocht gcruinniú a bhí ag an gcoiste idir-rannach le hos cionn seacht mbliana anuas ach “mionsonraí” a bhain le Roinn na Gaeltachta féin agus “mionsonraí” a bhain leis an nGaeilge i ranna eile.

Tugtar le fios san anailís nua nach raibh Aire na Gaeltachta, ard-rúnaí a roinne ná rúnaí cúnta ar bith i láthair ag aon cheann de na cruinnithe a bhí ag an gcoiste idir-rannach.

Dúirt údar na hanailíse, Seosamh Mac Donncha, gur léir go raibh cúram na Straitéise fágtha “ar aire sóisearach agus ar fhoireann meánbhainistíochta na roinne” agus nach bhfeictear anois í “mar thosaíocht” fiú laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin.

De réir na hanailíse, ní raibh maoirsiú ar sholáthar acmhainní agus tacaíochta don Straitéis á dhéanamh ag an Roinn mar a bhí beartaithe, agus níor bunaíodh riamh an tAonad Straitéise sa roinn a gealladh chun féachaint i ndiaidh a feidhmithe.

Dúirt Mac Donncha nár deineadh “aon socrú” riamh maidir le “foireann thiomanta” a cheapadh nó saineolaithe a earcú chun féachaint i ndiaidh chur i bhfeidhm na Straitéise.

Níor bunaíodh riamh ach oiread Údarás Gaeilge agus Gaeltachta chun féachaint i ndiaidh gnóthaí Gaeilge ar fud an Stáit, mar a gealladh faoin Straitéis, ná níor bunaíodh riamh an ‘Meitheal Smaointe’ a gealladh.

“Níl aon cheann de na struchtúir a bhí molta sa cháipéis straitéise chun an straitéis a chur i bhfeidhm ag feidhmiú faoi láthair.

“Ní fios dúinn cé atá freagrach as an Straitéis seo a chur i bhfeidhm ná a threorú ag an leibhéal áitiúil ná náisiúnta,” a dúirt Seosamh Mac Donncha údar an taighde nua a rinneadh do 7Lá agus duine d’údair an Staidéir Chuimsithigh ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Idir an dá linn, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag tús na míosa seo go bhfoilseofaí faoi cheann “coicíse nó trí seachtaine” an plean gnímh cúig bliana don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, arbh í mí Iúil seo caite an chéad sprioc a luadh leis.

Ní fios go fóill an mbeidh cur chuige nua i dtaobh na struchtúr a bhaineann le feidhmiú na Straitéise sa Phlean Gnímh sin.

Dúirt an tAire Stáit le 7Lá aréir go mbeadh “rannpháirtíocht” na ranna rialtais éagsúla sa Straitéis le feiceáil sa Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana agus go leagfaí dualgais shoiléire ar gach roinn sa phlean sin.

Fág freagra ar 'Níl feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích – taighde nua'