Níl Corcaigh gan dóchas ach d’fhéadfadh go bhfuil bliain eile ag teastáil uathu

Tá sé sa DNA ag muintir Chorcaí a bheith dóchasach ach beidh níos mó ná dóchas ag teastáil amárach

Níl Corcaigh gan dóchas ach d’fhéadfadh go bhfuil bliain eile ag teastáil uathu

Tim O'Mahony (Corcaigh) agus Gearóid Hegarty (Luimneach). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Trí chraobh na hÉireann san iomáint le himirt in achar cúig lá. Sin an fhíric. Bhuel agus ceann amháin acu sa mhála ó oíche Dé Céadaoin. Tá tosach maith déanta ag Corcaigh.

Bhí an fhoireann faoi 20 ar fheabhas d’fhormhór an chluiche i lár na seachtaine agus an chraobh seo buaite acu don dara bliain as a chéile.

Amárach beidh súile shaol mór na hiomána dírithe ar Pháirc an Chrócaigh agus cluiche ceannais 2021 á imirt. Is beag seans atá ag Corcaigh sa chluiche mór seo, dar le gheallghlacadóirí na tíre.

Tá Luimneach go láidir mar rogha agus an ceart sin acu ós iad máistrí na hiomána sa tír le cúpla bliain anois. Agus ó thaobh na ngeallghlacadóirí céanna, déanann siadsan a gcuid cinntí bunaithe ar an bhfianaise is déanaí. Agus tagann an fhianaise sin ón dara leath de chluiche ceannais na Mumhan agus ón taispeántas údarásach a thug Luimneach i gcoinne Phort Láirge coicís ó shin. Cheana féin tá comparáid á déanamh idir foireann seo Luimnigh agus foireann Chill Chainnigh a bhuaigh ocht gcraobh taobh istigh de dheich séasúr.

Ach tá píosa le dul fós acu sula mbeidh sin le rá acu.

Amárach rachaidh siad chun páirce mar sheaimpíní 2020 agus ní fhacamar mórán go dtí seo i gcomórtas craoibhe na bliana seo a thabharfadh le fios nach mbeidh an captaen Declan Hannon ag bailiú Chorn Mhic Cárthaigh den tríú huair taobh istigh de cheithre bliana.

Sa bhliain 2018 nuair a bhuadar a gcéad chraobh ó 1973, bhíothas den tuairim go raibh líne lánchúil thar a bheith láidir acu agus bhí. I mbliana níl ach Seán Finn fós ag imirt ansin ach, le Dan Morrisseyagus Barry Nash ag uimhir a trí agus ceathair, tá an líne gach pioc chomh maith agus a bhí sí in 2018. Sa chúl, tá Nickey Quaid ag dul i bhfeabhas gach bliain agus chroch sé leis réalta All Star anuraidh.

Tá an líne leathchúil thar a bheith láidir freisin, go háirithe ó bogadh Kyle Hayes ón líne leatosaithe. Ní raibh Will O’Donoghue ag imirt ag tús chraobh 2018 ach tá cáil bainte amach aige ó shin mar dhuine de na fir lár páirce is fearr sa tír.

Cad is féidir a rá faoin líne leatosaithe ach gur aonad iad atá beagnach dochloíte. An draíodóir Cian Lynch i lár baill (agus i ngach áit eile ar an pháirc), an fathach agus imreoir na bliana in 2020 Gearóid Hegarty ar thaobh amháin, agus  Tom Morrissey ar an taobh eile, oibrí iontach agus tosaí den scoth.

Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Sa líne lántosaithe, tá triúr nach féidir soicind ná milliméadar a thabhairt dóibh – Aaron Gillane, Séamus Flanagan agus Peter Casey. Líne eile nach bhfuil a sárú sa tír.

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil cnámh droma Luimnigh i bhfad níos láidre ná ceann Chorcaí.

Ach níl Corcaigh gan dóchas ná gan seans. Caithfidh gach rud teacht leo ar an lá, áfach.

Is minic a chloistear an téarma ‘cluiche d’orlaí’ agus daoine ag caint faoin spórt agus minic go leor sa spórt iomaíoch bíonn tábhacht ag baint le gach cor, casadh agus cinneadh. Chonaiceamar sampla iontach de sin seachtain ó shin agus Diarmuid O’Connor ag síneadh amhail damhsóir bailé chun an pheil a choimeád san imirt. Cúilín thar a bheith tábhachtach  d’fhir Mhaigh Eo an toradh a bhí ar dhíocas O’Connor.

Ach an bhfuil mórán áiteanna ar an bpáirc go bhfuil an lámh in uachtar ag Corcaigh ar churaidh na hÉireann? Bhuel níl aon dabht ach gur tosaí den scoth é Patrick Horgan agus gur cúlaí cliste é Mark Coleman (nach bhfuil i mbarr a maitheasa i mbliana).

Tá Jack O’Connor tagtha in inmhe mar thosaí dainséarach agus tá Tim O’Mahony ag dul i bhfeabhas freisin. Tríd is tríd, tá Corcaigh feabhsaithe go mór ó thosach na sraithe. Ach, ar an iomlán, tá foireann Luimnigh níos láidre, níos ábalta agus níos aibí. Tá a gcuid tosaithe thar a bheith dainséarach. Is dóigh liom gur ar Niall O’Leary a bheidh an cúram Cian Lynch a choinneáil faoi smacht agus go mbeidh Eoin Cadogan ag iarraidh tionchar Ghearóid Hegarty a laghdú. Taobh amuigh de sin beidh ar na cúlaithe eile a gcathanna pearsanta a bhuachaint. Ní haon dóithín é sin.

Agus tá an dualgas céanna ar thosaithe Chorcaí gan ligint do chúlaithe Luimnigh an cluiche a stiúradh. Nach maith mór an tasc é sin!

Sea, tá sé inár nDNA i gCorcaigh a bheith dóchasach faoi na hiománaithe, ach beidh níos mó ná dóchas ag teastáil amárach. Is rás dhá capall é agus sa spórt, uaireanta, tarlaíonn an toradh nach mbíonn súil leis.

Ach bunaithe ar gach a bhfuil ar eolas agamsa seans go mbeidh lá agus bliain eile ag teastáil ó lucht Chorcaí.

Anocht a bheidh an chéad chúrsa den fhéasta báire againn agus mionúir Chorcaí ag dul isteach i gcluiche ceannais na hÉireann i gcoinne na Gaillimhe, a bheidh ag iarraidh an cúigiú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachaint. Cad é mar churiarracht é sin, má tharlaíonn sé.

Agus cad é mar thús leis an deireadh seachtaine a bheadh ann do Chorcaigh dá dtarlódh a mhalairt.

Fág freagra ar 'Níl Corcaigh gan dóchas ach d’fhéadfadh go bhfuil bliain eile ag teastáil uathu'