Níl caiteachas an stáit á smachtú ainneoin na héiginnteachta a chothaíonn Trump

Ní bheifear ábalta an buiséad a fhógrófar i mí Dheireadh Fómhair a leagan amach go cinnte go dtí go mbeidh dea- nó drochthoradh cinnte ar chomhráite an AE leis na Stáit Aontaithe

Níl caiteachas an stáit á smachtú ainneoin na héiginnteachta a chothaíonn Trump

An Tánaiste Simon Harris agus an Taoiseach Micheál Martin. Pic: Eamonn Farrell/© RollingNews.ie

Tá máistreacht ag Donald Trump ar thrí cheird pholaitiúil a neartaíonn a chumhacht agus a choinníonn ár n-aird air, fiú in aghaidh ár dtola. 

An phríomhcheird: conas bréaga gan náire a insint agus an fhírinne a chur as a riocht. An dara ceird: conas suim an phobail agus na meán a chur ar seachrán le ráiteas nó raiméis nua nuair nach n-oireann scéal reatha dó. Agus an tríú ceird: conas éiginnteacht a chothú ar dhóigh nach féidir le duine ar bith a bheith cinnte lá ar bith cad a dhéanfaidh sé an lá dár gcionn. 

Ba shampla dá ealaín an gheallúint agus an bhagairt in éineacht a d’fhógair sé sa Teach Bán Dé Céadaoin. 

Gheall sé go dtiocfadh ísliú 1,000 faoin gcéad ar phraghsanna drugaí a dhéantar san Aontas Eorpach a dhíoltar sna Stáit. Geallúint a raibh cuma áiféiseach uirthi murach gur bhagair sé, mura n-ísleodh na praghsanna, go gcoiscfí díol charranna ón AE sna Stáit. 

Chuir a ndúirt an t-uachtarán i gcuimhne d’ionadaithe trádála na Stát Aontaithe, agus an AE go háirithe, gur ar mhian an Uachtaráin a bheidh conradh nua taraifí eatarthu ag brath. Is é sin má bhíonn conradh ar a mhian in aon chor. 

Dhá lá roimhe sin thug Trump sampla dá chumas achrann nua a thosú d’fhonn ceisteanna nach maith leis a sheachaint. Tá sciar dá lucht leanúna míshásta leis ó fuaireadar amach go gclisfí ar a a gheallúint réamhthoghcháin go gcuirfí cáipéisí a bhain leis an ngáinneálaí gnéis Jeffrey Epstein ar fáil don phobal. 

Bhagair Trump go gcuirfeadh sé stop le maoiniú staid nua atá beartaithe ag foireann peile na Washington Commanders a thógáil sa phríomhchathair mura n-athróidís ainm na foirne ar ais go dtí na Redskins. 

D’athraigh úinéirí na foirne an t-ainm in 2020 chun meas a léiriú ar dhúchasaigh Mheiriceánacha. Dúirt Trump Dé Luain gur ainm áiféiseach é an t-ainm nua. Bhí conspóid nua dúisithe aige, daoine glórach ar an dá thaobh den argóint agus an spotsolas dírithe arís eile ar an uachtarán – díreach mar a thaitníonn leis.  

Níl aon rogha ag an rialtas abhus ná ag rialtas ar bith eile ach déileáil lena leithéid d’uachtarán ar dhóigh a sheachnaíonn an oiread dochair agus is féidir dá dtíortha féin.  

Níl leigheas ar an éiginnteacht a chothaíonn sé faraor. Is treise dá bharr áfach riachtanais eile, mar a léirigh cuid den éiginnteacht a bhain leis an dá cháipéis thábhachtacha a d’fhoilsigh an rialtas Dé Máirt: an plean náisiúnta forbartha agus ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh. 

Ní bheifear ábalta an buiséad a fhógrófar i mí Dheireadh Fómhair a leagan amach go cinnte go dtí go mbeidh dea- nó drochthoradh cinnte ar chomhráite an AE leis na Stáit Aontaithe. Táthar dóchasach agus an colún seo á scríobh go ndéanfar margadh i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Ní dheimhníonn dóchas críoch chinnte riamh ar scéal a bhaineann sé le Donald Trump. 

Is fiú mar sin cíoradh a dhéanamh ar an rud is tábhachtaí atá ar chumas an rialtais a chinntiú: smacht ar chaiteachas. Is treise an riachtanas agus figiúirí ag léiriú spleáchas as cuimse an státchiste ar an sciar den cháin chorparáideach a íocann comhlachtaí ilnáisiúnta.  

Chuir comhlachtaí ilnáisiúnta €28.8 billiún chuig na Coimisinéirí Ioncaim anuraidh - 88 faoin gcéad de theacht isteach iomlán na tíre ó cháin chorparáideach. Glactar leis go forleathan i bprionsabal nár chóir caiteachas reatha a bhunú ar theacht isteach nach bhfuil aon chinnteacht leanúnach ag baint leis. Faraor, is fusa airgead a chaitheamh ná prionsabal a chur i bhfeidhm. 

Is ábhar imní nach beag é mar sin go bhfuil méadú €3bn ar chaiteachas an stáit i mbliana cinnte faoin am seo, sa bhreis ar an méadú €3bn a fógraíodh sa bhuiséad deireanach. 

Measann an Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann gur dócha gur méadú €4bn a léireofar faoi dheireadh na bliana agus go bhfeicfear méadú eile den chineál céanna má leantar leis an gclaonadh in 2026.  

Is léir anois, a dúirt Cathaoirleach na Comhairle, Séamus Coffey, nach raibh figiúirí inchreidte sa bhuiséad deireanach agus gur lú arís inchreidteacht na bhfigiúirí anois. 

Mhínigh sé cúis imní eile. Dúirt na hairí Paschal Donohoe agus Jack Chambers agus ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh á eisiúint acu Dé Máirt go gcaithfí buiséad na bliana seo chugainn “a athbhreithniú” dá ngearrfadh na Stáit Aontaithe taraifí arda ar earraí as Éirinn. 

Bheadh cinneadh dá leithéid, arsa Séamus Coffey, glan in aghaidh an ghnáthchur chuige frith-thimthriallach (maith dhom an béarlagair: frith-thimthriallach nó i mBéarla ‘counter-cyclical’) a mholtar: breis tacaíochta a thabhairt don gheilleagar nuair a bhíonn sé in ísle brí agus níos lú nuair a bhíonn sé faoi bhláth. 

Ar ndóigh níl Séamus Coffey, ná an scríbhneoir seo, ná saoi ar bith a mholann stuaim do pholaiteoirí ag brath ar vótaí chun bia a chur ar an mbord. Níor thuill stuaim ná faichill airgeadais mórán vótaí riamh, don rialtas ná do pháirtithe an fhreasúra. 

Is é bun agus barr an scéil áfach go bhfuil bunchuid den pholasaí a chuir an tír ar bhealach a haimhleasa i mblianta tosaigh an chéid á cur i bhfeidhm arís.  

Níl an tír sa riocht céanna ná na bainc imithe ó smacht ná an chontúirt chomh mór agus a bhí scór bliain ó shin. 

Ach má bhuaileann tubaiste Trumpúil nó tubaiste ar bith an geilleagar (laghdú tobann ar cháin chorparáideach mar shampla) deimhneoidh an lag-stiúir ar chaiteachas go mbeidh an dochar a dhéanfar níos troime ná mar a bheadh dá mbeadh smacht níos éifeachtaí i bhfeidhm. 

Is é Charlie McCreevy a bhí ina aire airgeadais idir 1997 agus 2004 a rinne an cur síos is cáiliúla agus is soiléire ar an bpolasaí. “Caith an t-airgead má bhíonn sé agat,” a dúirt sé in 2001, “ach déantar botún má dhéantar iarracht airgead a chaitheamh nach bhfuil agat.”

Tá an leabhar sin léite againn roimhe seo. Níor mhaith lenár bhformhór é a léamh arís i bhfírinne. 

Fág freagra ar 'Níl caiteachas an stáit á smachtú ainneoin na héiginnteachta a chothaíonn Trump'