Níl barántas ar bith ag Leo Varadkar go mbeidh sé ina Thaoiseach arís

Agus dhá bhliain tugtha aige in oifig an Taoisigh tá idir údair dhóchais agus údair imní ag Leo Varadkar

Níl barántas ar bith ag Leo Varadkar go mbeidh sé ina Thaoiseach arís

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dhá bhliain agus an lá inné a thogh Dáil Éireann an 14ú ceannaire rialtais ó bunaíodh an stát. Is ar 14 Meitheamh 2017 a d’fhill Leo Varadkar ar an Dáil ó Áras an Uachtaráin agus a dúirt:

“B’áil liom a chur in iúl mar eolas don Dáil gur chuir mé m’ainmniú mar Thaoiseach in iúl don Uachtarán agus gur cheap sé mé dá réir.”

Chuir teacht i gcumhacht an Taoisigh nua tús le ré nua pholaitiúil, mar gheall ar aois an Taoisigh ab óige riamh (38), mar gheall ar a scéal sainiúil mar fhear aerach sa saol poiblí, agus toisc gur mhac é le fear a tháinig ar imirce go hÉirinn ón India. Ní raibh a mhacasamhail de dhuine i gceannas ar rialtas ar bith roimhe. 

Nuair a d’fhógair an Taoiseach go mbeadh Paschal Donohoe ag dul i gcomharbacht ar Michael Noonan mar aire airgeadais, agus go raibh Eoghan Murphy agus Regina Doherty ceaptha mar airí rialtais aige, b’fhollasaí an t-athrú ó ghlúin amháin go glúin eile sa rialtas. 

Bhí cumas agus stuaim an Taoisigh nua agus an aire gnóthaí eachtracha nua Simon Coveney soiléir sula i bhfad agus aghaidh á tabhairt acu ar chúrsaí Breatimeachta – an dúshlán is achrannaí a bhí agus atá fós ar chlár oibre an rialtais.

Thug toradh an reifrinn ar ghinmhilleadh anuraidh, nuair a vótáil dhá thrian den phobal i bhfabhar leasú an rialtais, ábhar misnigh eile d’Fhine Gael de réir mar a chuaigh an páirtí chun cinn sna pobalbhreitheanna.

Is ina dhiaidh sin a chuaigh muinín an phobail as an Taoiseach nua ar gcúl de réir a chéile. B’éigean do bheirt airí, Frances Fitzgerald agus Denis Naughten, éirí as oifig. Cáineadh an tAonad Straitéiseach Cumarsáide a bhunaigh sé i Roinn an Taoisigh mar áis a thug tús áite d’ábhar bolscaireachta a scaipeadh ar mhaithe le haird a tharraingt ar shaothar Fhine Gael agus Varadkar.

Léirigh sé místuaim ar dtús nuair a tháinig scannal CervicalCheck chun solais anuraidh. D’fhógair sé scéimeanna cúitimh agus atástála mar iarracht fearg agus imní an phobail a mhaolú.

A mhalairt a bhí mar thoradh ar a chuid cainte leath-thomhaiste nuair a fuarthas amach nach bhféadfaí ceachtar geallúint a d’fhógair sé a chomhlíonadh.

Bhí an Taoiseach ina cheap magaidh abhus nuair a dúirt sé in Washington anuraidh gur ghlaoigh sé ar chomhairle contae an Chláir in 2014, tar éis do Donald Trump a rá leis go raibh sé míshásta le scéim a bhí beartaithe chun muilte gaoithe a thógáil in aice lena óstán i nDún Beag. B’éigean do Varadkar a admháil níos deireanaí nár ghlaoigh (níor tógadh na muilte gaoithe).

Is mó an dochar atá á dhéanamh don rialtas mar gheall ar amhras atá á spreagadh go leanúnach maidir le cúrsaí airgeadais. Is féidir an cinneadh dul chun cinn le scéim náisiúnta nua leathanbhanda a chosaint – tá géarghá le córas a chuirfidh gach áit sa tír ar bhonn cothrom ó thaobh na cumarsáide. Sin ráite, tá amhras réasúnta ar mhórán maidir leis an 3 billiún atá faoin rialtas a chaitheamh ar chóras a fhágfar i seilbh comhlachta phríobháidigh. 

Chuir an méadú a tháinig ar na costais a bhaineann le tógáil an ospidéil nua do leanaí breis imní ar an bpobal, mar a chuir an tuairisc is deireanaí ón gComhairle Fhioscach Chomhairleach (ní mise a chum ná a cheap a theideal). 

An chontúirt is mó do Leo Varadkar agus a pháirtí: nach mbeidh sé ar a gcumas a chur ina luí ar vótóirí san olltoghchán a bheidh ann idir seo agus Feabhra 2021 nach bhfuil aon pháirtí eile chomh freagrach, chomh hiontaofa ná chomh héifeachtach le Fine Gael maidir le cúrsaí airgeadais.

Is faoi anáil an Bhreatimeachta a bheidh ar Leo Varadkar aghaidh a thabhairt ar gach dúshlán as seo amach.

B’fhiú dó cuimhneamh freisin ar an mbunchúis gur toghadh mar cheannaire ar a pháirtí é: toisc gur shíl móramh i bhFine Gael go rachadh sé chun tairbhe d’iarrthóirí toghcháin an pháirtí. 

Chuir torthaí na dtoghchán Eorpach agus áitiúil i gcuimhne dóibh go léir nach bhfuil barántas ar bith ann go mbeidh Varadkar ina Thaoiseach tar éis an olltogcháin, cibé uair a fhógrófar é.

Fág freagra ar 'Níl barántas ar bith ag Leo Varadkar go mbeidh sé ina Thaoiseach arís'