‘Níl aon rud le léamh agam, Mamaí’

Bíonn díospóireachtaí casta fadálacha agam leis an mbabaí faoi chúrsaí ama nach mór chuile thráthnóna

‘Níl aon rud le léamh agam, Mamaí’

‘Níl aon rud le léamh agam, Mamaí,’ a dúirt an Babaí go truamhéalach an oíche cheana nuair a bhí sé in am a dhul a chodladh. Bhí sé thar am dháiríre. Is é an dall is an bacach is an dall chun tosaigh sa teach seo nuair a bhíonn sé in am a dhul a chodladh.

Tá mé ar mo mhíle dícheall ag iarraidh nósanna saoil a athrú, bhuel, tá mé ag cuimhneamh air, nó tá mé ag léamh altanna le teidil ar nós ‘Téigh a chodladh níos luaithe – deich  gcleas’, ‘Glaineacht codlata agus a tábhacht’, agus ‘Mochéirí don Amadán’.

Níor chabhraigh aon cheann acu liom fós, ach deirtear go dtógann sé 21 lá nós nua a chothú agus ní dhearna mé níos mó ná dhá oíche i ndiaidh a chéile fós.

An rud nach dtuigimse ná cén fáth é nuair atá sé in am a dhul a chodladh go mbíonn mé ag iarraidh fad a chur leis an lá agus gur  a mhalairt a bhíonn orm ar maidin? Is dóigh go bhfuil an claonadh céanna sa mBabaí agus bíonn díospóireachtaí casta fadálacha againn nach mór chuile thráthnóna.

Níl mé cinnte an mbíonn sé ag léamh dáiríre, ag breathnú ar na pictiúir, nó ag moilleadóireacht ag iarraidh fanacht ina shuí níos deireanaí san oíche is nach bhfuil sna leabhair ach cur i gcéill. Agus, ar aon chaoi, tá neart leabhar ann.

‘Ar bhreathnaigh tú ar an tseilf thuas staighre?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Mar tá mé beagnach cinnte go bhfuil dhá mhíle trí chéad leabhar thuas ann.’

‘Níl sé sin barrúil, Mamaí,’ a deir sé liom go míshásta. Cheap mé féin go raibh sé sách barrúil.

‘Níl sé barrúil ar chor ar bith?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Fiú ruainnín barrúil?’

‘Sea,’ a deir sé. ‘Tá’s agam go bhfuil go leor leabhar thuas ann, ach níl aon rud ann atá mé ag iarraidh a léamh!’

D’airigh mé go dona go ndearna mé beag is fiú dá ghearán, tuigim go maith an galar sin nuair atá neart leabhar le léamh agat ach nach bhfuil an giúmar ‘ceart’ ort do cheann ar bith acu.

Is é an rud faoi, tá sé beagnach dodhéanta coinneáil le spéiseanna, foinn agus giúmar léitheoireachta an tí.

‘Ba cheart duit a bheith buíoch go bhfuil an oiread leabhar le fáil! Nuair a bhí mise d’aois-se,’ a dúirt mé, ‘ní raibh le léamh agam ach Ireland’s Own agus cúl an mhála siúcra!’ 

Cé a thógfadh orm ruainne beag a chur leis an scéal ar mhaithe le héifeacht dhrámatúil?

‘Níl sé sin fíor, Mamaí,’ a deir sé agus é an-chinnte as a chuid fíricí. ‘Bíonn tú i gcónaí ag rá ‘léigh mé an leabhar sin nuair a bhí mé beag.’ B’fhíor dhó. Is dóigh go mbíonn sé ag éisteacht liom anois is arís.

Chaithfeadh go bhfuil sé faighte róshean anois is ní oibreoidh na bréigíní beaga bídeacha a bhíodh agam le tacú le mo chuid argóintí agus mé ag iarraidh a chur ina luí air gur cheart dó a dhul a chodladh. Beidh orm a theacht aníos le bréaga nua sofaisticiúla má tá mé ag iarraidh aon údarás a bheith agam ag am codlata.

Seo mar a thosaíonn sé, bréigíní beaga ar dtús is fásann siad is fásann siad agus ar deireadh níl a fhios agat féin céard í an fhírinne agus céard í an bhréag.

Fág freagra ar '‘Níl aon rud le léamh agam, Mamaí’'