‘Níl aon phlean ann polasaí ar leith a leagan amach don ghaeloideachas’ – Bruton

Deir an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton go bhfuil a Roinn ag tacú ‘trí thionscnaimh éagsúla’ le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais

‘Níl aon phlean ann polasaí ar leith a leagan amach don ghaeloideachas’ – Bruton

An tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Níl aon phlean ag an Roinn Oideachais polasaí náisiúnta ar leith a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge, a deir an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton.

D’fhiafraigh Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, den Aire sa Dáil an raibh sé i gceist ag a Roinn “beartas cuimsitheach Stáit ar an nGaeloideachas” a fhorbairt, agus má bhí, cathain a d’fhoilseofaí é.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Bruton nach raibh “aon phlean ann chun beartas ar leithligh a leagan amach don ghaeloideachas”.

Dúirt an tAire Bruton go raibh a Roinn ag tacú “trí thionscnaimh éagsúla” le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais agus “leis an gcóras Gaeloideachais”.

Luaigh sé gur tugadh isteach curaclam bunscoile agus iarbhunscoile nua don Ghaeilge agus go leagtar béim sna curaclaim sin ar “an gcur chuige cumarsáideach” agus ar riachtanais fhoghlaimeoirí Gaeilge agus chainteoirí dúchais araon. Luaigh an tAire chomh maith an Polasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus an gealltanas atá ann maidir le cur leis an soláthar múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt an tAire Bruton gur léirigh na forbairtí sin “tiomantas leanúnach” a roinne do chur chun cinn na Gaeilge “ar fud an chórais oideachais” agus don Ghaeloideachas.

“Beidh tionchar dearfach ag cur chun cinn na ngníomhaíochtaí atá sa Bheartas ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 maidir leis an soláthar ginearálta don Ghaeloideachas,” a dúirt an tAire Bruton.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go bhfuil sé “dochreidte nach bhfuil plean ar bith ag an Roinn Oideachais maidir leis an ngaeloideachas i gcoitinne, agus nach bhfuil sé beartaithe plean a chur le chéile amach anseo”.

“Tá éileamh as cuimse ar Ghaeloideachas sa stáit – tá breis is 23% tuismitheoirí á éilimh dá bpáistí, ach níl ach 5% de bhunscoileanna ina scoileanna lán Ghaeilge mar shampla. D’fháiltíomar go mór roimh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a bhí go mór de dhíth. Ach tá fís, creatlach, agus stiúradh ag teastáil le cur leis an ngaeloideachas go ginearálta. Ní dhéanann sé ciall go bhfuil an roinn, atá  freagrach as dul chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais, sásta treabhadh leo gan treoir,” a dúirt Tóibín.

Fág freagra ar '‘Níl aon phlean ann polasaí ar leith a leagan amach don ghaeloideachas’ – Bruton'

  • Traolach

    Admháil í sin ó Bruton atá dochreidte agus maslach. Ba cheart dó éirí as oifig ar an toirt. Teanga i mbaol í an Ghaeilge agus dar leis nach gá faic a dhéanamh faoi bheartas ‘ar leith’ a inleadh mar le gné lárnach di a fheabhsú ná fiú a iniùchadh. Dá mbeadh speiceas ainmhí nó planda i mbaol dhéanfaí cúram díobh. Ach ní mheánn lucht labhartha na Gaeilge brobh. Bímis á bhodhradh le ceisteanna faoi seo.

  • Roddy

    Is in anneoin an Stáit atá bláthú ar an nGaeloideachas. Tá moladh faoi leith tuillte ag na coistí dheonacha. Iadsan a throideann go dúthrachtach in aghaidh na bacanna go léir a cuirtear os a gcomhar ag an Roinn Oideachas. Is é fírinne an scéil ná go bhfuil an Roinn Oideachas patfhuar ar an gceist seo agys i gcásanna áirithe tà an Rialtas Buan naimhdeach do Ghaeloideachas.