Níl aon dabht ach gurbh í 2019 bliain na dTiobraid Árannach

Fiú mura raibh 2019 chomh maith mar bhliain is a bhí 2018, ní raibh aon easpa cluichí breátha, gaiscí móra agus buanna gan choinne ann

Níl aon dabht ach gurbh í 2019 bliain na dTiobraid Árannach

Ger Browne agus imreoirí Thiobraid Árann ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is dócha go gcuimhneofar ar 2019 san iomáint mar an bhliain ar tháinig Liam Sheedy ar ais mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann. Cad é mar críoch a chuir sé léi mar bhliain.

Smaoineoimid freisin ar na sárthaispeántais a thug foireann Chill Chainnigh sna cluichí ceathrú ceannais agus na cluichí leathcheannais i gcoinne Chorcaí agus Luimnigh.

Agus cé a dhéanfaidh dearmad go deo ar na taispeántais a thug Luimneach agus Loch Garman chun coirn na gcúigí a thabhairt leo? Thug Luimneach greadadh ceart doThiobraid Árann agus fuair Loch Garman an lámh in uachtar ar an tsean-namhaid Cill Chainnigh.

In 2019 b’údar iontais againn an 3-10 a scóráil réalta Chorcaí Patrick Horgan i gcoinne Chill Chainnigh, cluiche a chaill Corcaigh d’ainneoin ghaisce Horgan.

Caithfimid aitheantas a thabhairt chomh maith d’iománaí na bliana Séamus Callinan as cúl a fháil i ngach cluiche craoibhe a d’imir sé.    

I lár mhí Eanáir bhuaigh an Clár an céad duais sa bhliain nuair a chuireadar ceithre chúl in eangach Thiobraid Árann chun corn shraith na Mumhan a sciobadh leo.

Seachtain ina dhiaidh sin an Ghaillimh a bhí ina seaimpíní i gcúige Laighean nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Loch Garman.

D’fhreastail sluaite móra ar na cluichí sraithe agus tríd is tríd bhí an chuid is mó de na cluichí sin iomaíoch go leor cé nach raibh an gearradh céanna iontu agus a bhí le blianta beaga anuas. Gan dabht bheifeá ag súil leis sin ó tharla nach raibh aon dícháiliú ag bagairt. Ag druidim le deireadh na sraithe chonaiceamar sárthaispeántais scórála ó Joe Canning agus Stephen Bennett agus bhí bua gan choinne ag Baile Átha Cliath ar Thiobraid Árann.

Ach ba iad Luimneach agus Port Láirge a thug aghaidh ar an gceanncheathrú agus iad ag iarraidh Corn an Chrócaigh a thabhairt leo.

Ba iad Luimneach ab fhearr ó thús deireadh nuair a scóráil Aaron Gillane cúl iontach le flic shnasta ag druidim le deireadh an chéad leatha, bhí sé soiléir go leor go mbuafadh fir John Kiely. Chríochnaíodar an cluiche go láidir, mar a rinneadar go rialta sa bhfeachtas sraithe, agus bhí farasbarr ocht gcúilín ag an deireadh acu. 

Agus ansin thosnaigh an chraobh agus sheas Tiobraid Árann amach óna gcéad chluiche inar thug siad taispeántas foirne thar a bheith cumasach agus léasadh ceart á thabhairt acu do Chorcaigh i bPáirc Uí Chaoimh. I ndiaidh an dara babhta cluichí bhí sé soiléir go gcáileodh Tiobraid Árann, go mbeadh seaimpíní na hÉireann, Luimneach, go  maith arís ach go raibh Port Láirge i dtrioblóid. Ach ní rabhthas cinnte go dtí na nóiméid dheireanacha sa bhabhta deireanach cén fhoireann eile a bheadh ag dul ar aghaidh. I gcluiche ceannais na Mumhan, thug Luimneach an taispeántas foirne ab fhearr a chonacthas go dtí sin agus bhuail siad Tiobraid Árann go héasca. 

Bhí iomaíocht ghéar i gcúige Laighean chomh maith agus an comórtas idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh. Sa chraobh ba iad Loch Garman a rinne an beart den chéad uair ó 2003 nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Chill Chainnigh. Dar ndóigh theip ar an nGaillimh teacht amach as Cúige Laighean.

Bhí bua gan choinne na bliana againn nuair a bhuaigh Laois ar Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh Cill Chainnigh ar Chorcaigh agus Tiobraid Árann ar Laois agus ní raibh ach ceithre fhoireann fágtha faoin am ar tháinig Lá San Svaítín.

Bhí na cluichí leathcheannais ar fheabhas. Na seaimpíní Luimneach i gcoinne Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann i gcoinne Loch Garman.

Bhí Luimneach ina rogha láidir na coitiantachta roimh an gcluiche ach ba iad na Cait ab fhearr a d’imir agus ba iad a bhuaigh, cé go raibh mórán cainte agus conspóide faoi phoc seasca a cúig nár tugadh do Luimneach ag deireadh na himeartha agus gan iad ach cúilín amháin chun deiridh.

Bhí an-chluiche againn arís sa chluiche leathcheannais eile agus gach cuma air go mbeadh an bua ag Loch Garman. Ach ba iad na Tiobraid Árannaigh ba láidre a chríochnaigh.

I gcluiche ceannais na hÉireann bhí an dá fhoireann cothrom go leor den chuid is mó den chéad leath. Ach ag druidim le leath ama taispeánadh cárta dearg do Richie Hogan agus bhí ar Chill Chainnigh an dara leath go léir a imirt gan an tosaí iomráiteach sin. Pé seans a bhí ag na Cait (agus bhí an lámh in uachtar á fáil ag Tiobraid Árann orthu sula díbríodh Hogan) bhí seans i bhfad níos lú acu sa dara leath agus iad fear i dtaobh le 14.

Chríochnaigh Tiobraid Árann go láidir agus b’iad a d’ardaigh Corn Mhic Cárthaigh agus an chraobh buaite acu den 28ú huair. 

Sé lá ina dhiaidh sin bhuaigh a bhfhoireann faoi fiche craobh na hÉireann chomh maith.

Sea, níl aon dabht ach gurbh í 2019 bliain na dTiobraid Árannach.

Fág freagra ar 'Níl aon dabht ach gurbh í 2019 bliain na dTiobraid Árannach'