An bhfuil aon rún agat don bhliain 2025?
Ba mhaith liom níos mó leabhar a athléamh. Tá cuimhní maithe agam ar an oiread sin leabhar a léigh mé i m’óige, agus ba bhreá liom cuairt a thabhairt orthu arís. Ach le bheith fírinneach, tá mé lánchinnte nach bhfaighidh mé an t-am!
Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025?
Tá mé ag súil le go leor rudaí in 2025. Mar Laureate na nÓg, beidh mé ag dul go Bologna chuig Aonach Leabhar do Pháistí Bologna san Iodáil agus beidh mé ag bualadh le Laureates eile ó thíortha ar fud an domhain.
Táim an-bhródúil as an mbailiúchán iontach leabhar do pháistí atá againn in Éirinn faoi láthair – i nGaeilge agus i mBéarla. Táim chomh bródúil céanna as an bpobal iontach scríbhneoirí agus maisitheoirí atá againn, agus táim ag tnúth le deis a fháil labhairt fúthu i mBologna.
Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2025?
Deireadh ré Michael D. Higgins. Is uachtarán iontach é – truachroíoch, éirimiúil agus cruthaitheach agus creidim go raibh an t-ádh linn, mar thír, go raibh sé ann. Ní dóigh liom go mbeidh a leithéid ann arís!
Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025
Tá mé ag súil go mór le mo leabhar nua a roinnt leis an saol! Seo tionscadal de chuid Laureate na nÓg, agus is treoir scríbhneoireachta do pháistí atá ann. Táim paiseanta faoi pháistí a chur ag léamh agus ag scríobh, agus tá súil agam go gcabhróidh an leabhar seo leo agus iad ag tosú amach!
Tá sé maisithe go hálainn ag Mary Murphy, agus beidh sé á fhoilsiú ag Little Island i mí Mheán Fómhair.
Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2025?
Tá súil agam go bhfeicfear in 2025 síocháin sa Phalaistín agus san Úcráin. Tá an oiread sin leanaí tar éis bás a fháil sna coinbhleachtaí uafásacha seo. Níl aon chumhacht acu agus níl aon ghuth acu. Ach tá dóchas agam fós go stopfaidh an foréigean agus go dtiocfaidh síocháin arís.
Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach in 2025?
Ba bhreá liom a bheith níos eagraithe! Ba bhreá liom éalú ó mo ghuthán níos mó, agus níos mó ama a chaitheamh amuigh faoin aer.
Ach ba mhaith liom tuilleadh leabhar a scríobh freisin agus tuilleadh tionscadal a dhéanamh agus castáil le níos mó gasúr agus…
Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2025, céard a d’athrófá?
An aimsir!
*Tá An Mac Tíre Deireanach le Patricia Forde atá maisithe ag Lauren O’Neill [Futa Fata] a bhí ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2024 ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'Níl aon chumhacht agus níl aon ghuth ag páistí na Palaistíne ná na hÚcráine'