Níl aon chosúlacht idir aon duine a luaitear sa cholún seo le haon duine beo nó marbh…

Seo cur síos rúnda ar chruinniú tábhachtach zoom a bhí ag scata daoine a ceapadh i bpoist nua le gairid

Níl aon chosúlacht idir aon duine a luaitear sa cholún seo le haon duine beo nó marbh…

Pictiúr: Julian Behal

Le tamall anuas tá cruinnithe ar líne á reáchtáil go tréan ag cumainn, ag comhlachtaí agus ag eagrais den uile chineál mar gheall ar an víreas corónach.

Cuireann deacrachtaí éagsúla isteach ar stiúir na gcruinnithe sin, go háirithe sula mbíonn taithí ag na rannpháirtithe ar obair rialtais nua a phlé ar zoom nó ar chóras dá leithéid.

Tá cur síos thíos ar chruinniú a reáchtáladh ar zoom le gairid.

Faraor níl cead ag údar an cholúin seo a rá cé a bhí páirteach ann. Tá an chéad chuid de thras-scríbhinn an chruinnithe á foilsiú anois le súil is go bhféadfaí ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na deacrachtaí a léirítear inti.

Níl gradam ná teideal duine ar bith tugtha sa tras-scríbhinn, agus is lena chéad ainm amháin a thugtar le fios cé atá ag caint. Tá bearnaí inti freisin (a léirítear le lánstadanna, mar seo ‘…’), rud a cuireadh isteach ionas nach mbeadh an léitheoir mífhreagrach nó mailíseach ábalta ciall mhí-oiriúnach a bhaint as an gcomhrá.

Ar ndóigh, níl aon chosúlacht idir aon duine a ainmnítear sa chur síos seo agus aon neach beo nó marbh.

CRUINNIÚ AR ZOOM A TIONÓLADH AR .. IÚIL 2020

MICHEÁL: Fáilte roimh chách. Tá áthas orm go bhfuil sibh go léir…
LEO: Fan ort soicind, feicim do bhéal ag bogadh ach nílim ábalta tú a chloisteáil. An gcloiseann gach duine mise?
MICHEÁL: An gcloiseann gach duine Leo?
GLÓRTHA ÉAGSÚLA: Cloisim. Cloisim. Cloisim. Clois…
MICHEÁL: Maith go leor. Cloisimid go léir thú Leo.
LEO: Céard?
ÉAMON: Leo, ar chliceáil tú ar an deilbhín thíos ar dheis?
… (tost)…
HEATHER: Mura gcloiseann sé Micheál, tá sé ionann agus cinnte nach gcloiseann sé tusa, a Éamoin ach oiread.
NORMA: Féach, tá comhairle do Leo scríofa amach agam. (Cuireann sí leathanach in airde. Tig le gach duine an chéad abairt a léamh gan stró) ‘A Phríomhoide agus a Thuismitheoirí, tá áthas orm a chur in iúl daoibh gur ar bhunscoil i mo chontae féin a bhronnfar an chéad deontas athchóirithe chun…’
SIMON: Sílim gur píosa páipéar eile a bhí fút a chur suas.
NORMA: Gabhaim mo leithscéal. Coinnígí éirim na litreach sin faoi rún le bhur dtoil. Beidh sí á seoladh go Drom … agam tráthnóna. Anois, cár chuir mé an páipéar ceart? Tá sé agam anois. (Cuireann sí leathanach in airde ar ar scríobh sí, i gceannlitreacha: LEO, CLICEÁIL AR AN DEILBHÍN BEAG AR CHLÉ, ATÁ COSÚIL LE MICREAFÓN)
… (tost, ar feadh cúpla soicind)…
LEO: An féidir libh mé a chloisteáil anois?
GACH DUINE IN ÉINEACHT: Is féidir.
MICHEÁL: Ceart go leor mar sin. Cuirfimid tús leis an gcruinniú. Ba mhaith liom i dtosach…
DARRAGH: Gabhaim mo leithscéal, ní fheicim Paschal a thuilleadh. Níl ach cearnóg dhubh le feiceáil san áit ina raibh sé ina shuí nóiméad ó shin.
SIMON: Chuir sé téacs chugam anois díreach. Ní raibh sé in ann duine ar bith a fheiceáil, agus chuaigh sé isteach sa teach chun fios…
CATHERINE: Isteach sa teach?
SIMON: … a chur ar a mhac chun cabhrú leis. Gabhaim mo leithscéal, b’fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach duine gur in oifig a thóg sé sa ghairdín ar chúl an tí atá sé. Pé scéal é…
Feictear gnúis ghealgháireach sa chearnóg a bhí dubh go dtí seo, agus Paschal ag gabháil buíochais le gasúr óg atá lena ais agus é ag siúl amach as an seomra.
PASCHAL: Gabhaim mo leithscéal, níl lánmháistreacht bainte amach agam fós ar zoom. Nuair a bhí mé ag stocaireacht i gcomhair an phoist mar …ar Ghrúpa na ….Stát, bhíodh duine éigin ón roinn …ag cabhrú liom de ghnáth. An bhfuil sibh go léir ábalta mé a chloisteáil?
GACH DUINE (agus osnaíl throm le cloisteáil as gach cearn* den tír) Tá!
MICHEÁL: Maith go leor. Gan a thuilleadh moille, tá Barry chun cur síos a dhéanamh ar an obair atá ar bun sa roinn … ar an tionscnamh … a sheolfar chomh luath agus is féidir idir seo agus deireadh na míosa.
BARRY: Go raibh maith agat, a… Tuigim na deacrachtaí a bhaineann le zoom, ach is mór an faoiseamh do mo leithéidse é nach gá dom tiomáint go Baile Átha Cliath chun freastal ar chruinniú mar seo.
(Cloistear sciotaíl agus miongháire ó dhaoine éagsúla)
BARRY (go searbh): Tá áthas orm go bhfuil duine éigin in ann taitneamh a bhaint as mo chruachás.

An tEAGARTHÓIR: Stop in ainm Dé! Ní bhainfidh ár léitheoirí tairbhe ná pléisiúr as a thuilleadh den leadrán seo.
Mise: Ceart go leor.

* Gach cearn den tír, ní foláir a rá, ach amháin an t-iarthar agus an t-iarthuaisceart agus an t-oirdheisceart.

Fág freagra ar 'Níl aon chosúlacht idir aon duine a luaitear sa cholún seo le haon duine beo nó marbh…'

  • coc

    Más sin deireadh an chruinnithe is cosúil gurb an cruinniú Zoom is giorra dá raibh riamh ann. D’fhéadfaddh Cathal úrscéal iomlán a tharraingt as aon ghnáth tras-scríobh Zoom.