Níl aon chontae mar do chontae féin

Agus Kevin Walsh ainmnithe mar bhainisteor nua na Gaillimhe, labhraíonn Tuairisc.ie leis na fir a d’imir leis, agus leo sin a d’imir ina aghaidh agus faoina stiúir.

Kevin Walsh, bainisteoir nua na Gaillimhe: Pictiúr: Inpho
Kevin Walsh, bainisteoir nua na Gaillimhe: Pictiúr: Inpho

Bhí sé soiléir ón lá ar sheas Alan Mulholland siar mar bhainisteoir na Gaillimhe go raibh fear amháin chun tosaigh ar ‘chuile dhuine eile a bhí á lua leis an bpost.

Bhí Kevin Walsh ar cheann de na laochra a bhí ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó – i 1998 agus 2001 – agus bhí taithí mhaith bainistíochta aige freisin. An tseachtain seo caite, rinne Bord Contae na Gaillimhe cinneadh é a cheapadh mar bhainisteoir ar fhoireann peile a chontae dúchais.

Ba mhinic é féin agus Darragh Ó Sé ó Chiarraí i gcoimhlint lena chéile ar pháirc na himeartha nuair a bhí Gaillimh agus Ciarraí ar an dá fhoireann is fearr sa tír.

“Ar an gcéad dul síos, fear mór sé troithe, ceithre horlaí a bhí ann. Bhí sé leathan ach fós bhí sé in ann taisteal. Bhí tionchar mór aige nuair a bhí Gaillimh ag imirt go maith.

“Sa chluiche a chríochnaigh ar comhscór i 2000, thainig sé isteach roimh leath ama agus bhí ana-thionchar aige ar an gcluiche. Bhí Ciarraí ag imirt go maith roimis sin ach tháinig Kevin isteach agus d’athraigh sé an cluiche. Dhein sé scrios.”

Faoin am ar éirigh fear Chill Aithnín as, bhí dhá bhonn Uile Éireann agus trí dhuais All-Star aige. Cé gur leag Walsh a chuid bróga peile uaidh, níor fhan sé amach ón bpáirc peile i bhfad.

“Bhí a fhios agat go raibh caid ina cheann aige. Bhís ábalta é sin a fheiscint sa tslí a d’imir sé agus sa tslí a labhair sé,” a deir Ó Sé.
Deir Seán Ó Domhnaill, an fear a d’imir le Walsh i lár na páirce le linn ré órga úd na Gaillimhe, nach raibh aon seans go raibh an Breatnach chun an pheil a fhágáil ina dhiaidh nuair a d’éirigh sé as.

“Bhain Kevin le teaghlach a raibh a gcroí acu sa bpeil i gcónaí, idir é fhéin agus a bhean, Mary. Bhíodh sé féin ag rá gurb í Mary a bhí á chur amach ag traenáil ‘chuile oíche,” a deir Ó Domhnaill.

Thosaigh Walsh amach ag traenáil mná na Gaillimhe agus in 2008, thóg sé jab bainistíochta le peileadóirí Óileain Árann. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Sligeach, áit ar ceapadh é mar bhainisteoir ar fhoireann an chontae ag deireadh na bliana 2008.

An bhliain dár gcionn, bhuaigh seampíní na bliana sin, Ciarraí, ar Shligeach, ach ar éigean é. Tar éis bliain eile, bhí Sligeach tarraingthe aníos ag Walsh ó Roinn 4 go dtí Roinn 2 sa tSraith Náisiúnta Peile. Faoin am a chríochnaigh sé i 2013, bhí dhá chluiche ceannais Craobh Connachta sroichte acu, cé gur chaill siad in aghaidh Ros Comáin i 2010 agus in aghaidh Mhaigh Eo dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Ag an tráth sin, bhí go leor daoine ag ceapadh go raibh a phrintíseacht déanta ag Walsh agus go raibh sé in am an jab mór a thabhairt dó ina chontae féin. Bhí na Gaillimhigh, faoi chúram Alan Mulholland, tar éis Páirc an Chrócaigh a bhaint amach den chéad uair ó 2008 agus bhí ar an bhfear mór fanacht píosa eile.

I 2014 ghlac Walsh an post mar bhainisteoir ar Chumann Mhicheál Breathnach. Ar dhuine dá imreoirí i gConamara, bhí Fiontán Ó Curraoin, imreoir a chuir Walsh féin i gcuimhne do dhaoine agus é i lár páirce do Ghaillimh nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann faoi 21 i 2011 agus arís i 2013.

Dar leis an bhfear óg Gaeltachta go raibh sé go hiontach Walsh a fheiceáil ag teacht go dtí a chumann féin.

“Is laochra a bhí ann dom, go háirithe agus é ag imirt i lár na páirce. Leis an méid atá bainte amach aige, bhí sé ar fheabhas é a fháil mar bhainisteoir.”

Bhí bliain mhaith ag Ó Curraoin i ngeansaí na Gaillimhe i mbliana agus deir sé gurb é Walsh ba chúis leis an rath a bhí air.

“Thug sé comhairle dom faoi na rudaí beaga a bhaineann le ciceanna amach. Rudaí ar nós cén chaoi spás a chruthú dom féin agus mo theicníocht a fheabhsú.”

“Fear stuama, dáiríre,” a thugann Darragh Ó Sé ar Walsh, agus deir Ó Curraoin gur fear beagfhoclach é a dhéanann go leor machnaimh ar an taobhlíne.

“Ní bhíonn sé ag glaoch amach i gcónaí, ar nós cuid de na bainisteoirí eile. Bíonn sé ag breathnú ar na rudaí dearfacha agus ní bhíonn sé ag liúch i do chluais i gcónaí.

“Aon treoir a thugann sé, bíonn sé dírithe ar ár gcluiche féin, ní bhíonn sé ag díriú ar phlean na foirne eile. Is foireann óg muid [Gaillimh] agus is dóigh liom go gcabhróidh sé sin linn.”

Bhí díomá ar Ó Curraoin nuair a d’éirigh Mulholland as mar bhainisteoir na Gaillimhe.

“Bhí tréimhse fhada againn le chéile faoi 21 agus thug sé an seans dom leis an bhfoireann sinsear i 2013 agus beidh mé buíoch dhó i gcónaí.”

Ina dhiaidh sin féin, tá áthas air go bhfuil imreoir a bhí ar cheann d’fhoirne na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann mar bhainisteor ar fhoireann an chontae anois.

“Ta sé an-tábhachtach go bhfuil na himreoirí sin thart. Nuair a bhí muidne óg, is ar Kevin agus na lads eile a bhíodh muid ag breathnú i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Paul Clancy agus Declan Meehan linn anuraidh chomh maith agus thug siad an-chomhairle agus cabhair dúinn.

“Tá sé déanta uile acusan; tá craobhanna na hÉireann agus All-Stars buaite acu. Sin é an leibhéal atá muidne ag iarraidh a bhaint amach faoi láthair,” a deir Ó Curraoin.

Is fear é Darragh Ó Sé a bhfuil cleachtadh aige ar iarbhuaiteoirí Chraobh na hÉireann a bheith aige mar bhainisteoirí agus aontaíonn sé leis an gCurraoineach faoin tionchar a bhíonn acu.

“Tá sé sin ana-thábhachtach. Tá sé tábhachtach mar, nuair atá sé [an bainisteor] ag caint, bíonn meas ag na himreoirí air. Beidh sé sin ag Kevin. Is fear é a bhfuil meas air, fiú amháin anseo i gCiarraí, mar is iontach an t-imreoir a bhí ann.”

Cé nach bhfuil na Gaillimhigh tagtha le chéile fós faoi chúram na bainistíochta nua, tá a fhios go maith ag Ó Curraoin céard iad na spriocanna a leagfar rompu i 2015.

“Beidh muid ag iarraidh dul suas go dtí Roinn 1 agus bheith ag imirt in aghaidh Chiarraí, Bhaile Átha Cliath agus na foirne móra eile. Má tá tú ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, is in aghaidh na bhfoirne sin a chaithfidh tú a bheith ag imirt.

“Chomh maith leis sin, tá muid ag iarraidh Craobh Chonnacht a bhaint amach. Níl sé buaite ag Gaillimh le cúig bliana anuas agus sprioc mhór eile í sin.”

Níl aon dabht ag Seán Ó Domhnaill ach go n-éireoidh go geal le Walsh ach tá focal rabhaidh aige dá chara faoi na hathruithe atá tagtha ar an saol ó bhí an bheirt acu ag imirt lena chéile.

“Nuair a bhí John O’Mahony mar bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe, bhíodh seisean ag eagrú gach uile rud; traenáil, roghnú na foirne, gach rud, ach ní tharlaíonn sé sin níos mó.

“Is é an rud deacair ná an structhúr ceart a fháil timpeall ort. Is é an obair is mó atá sa mbainistíocht faoi láthair ná an t-eolas ceart a fháil ar ais ó na roghnóiri agus na traenálaithe, daoine ar nós Donie Buckley agus Cian O’Neill. Féach ar an obair a rinne O’Neill le Ciarraí i mbliana.

Luann fear na Ceathrún Rua bua gan choinne Chiarraí i 2014 mar thacaíocht lena phointe.

“Tá sé ráite agam cheana féin gurb iad an fhoireann is measa a bhí ag Ciarraí ó 1996 ach rinne siad an obair chrua chun go mbeadh siad níos láidre agus níos aclaí. Tá an cluiche imithe chomh proifisiúnta sin, agus ní maith le daoine an focal sin a rá ach sin é an chaoi a bhfuil sé faoi láthair.”

Cé nach bhfuil go leor taithí ag imreoirí na Gaillimhe, ceapann Darragh Ó Sé go mb’fhéidir go bhfuil tréimhse spreagúil rompu.

“Tá an-obair déanta ag Alan Mulholland le cúpla bliain anuas. Tá imreoirí óga, imreoirí a bhfuil neart scileanna acu, ag Gaillimh agus d’fhéadfadh go bhfuil ré ghlórmhar rompu. Tá súil agam go mbeidh Kevin in ann iad a thabhairt go dtí an chéad chéim eile.”