‘Níl an méid a deir Michael O’Leary faoi Raidió na Gaeltachta cruinn’ – Ceannaire RnaG

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ryanair go mbíonn airgead á chailleadh ‘hand over fist’ ag an gcraoltóir Gaeilge agus gur chóir deireadh a chur leis murar féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’

‘Níl an méid a deir Michael O’Leary faoi Raidió na Gaeltachta cruinn’ – Ceannaire RnaG

Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin

Níl an méid a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O’Leary faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine “cruinn”, dar le Ceannaire RnaG, Edel Ní Chuireáin.

Dúirt O’Leary ag bricfeasta gnó a d’eagraigh Fianna Fáil Dé hAoine gur chóir deireadh a chur leis an stáisiún raidió murar féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’ agus mhaígh sé go mbíonn airgead á chailleadh ‘hand over fist’ ag an gcraoltóir Gaeilge.

I ráiteas a thug sí do Tuairisc.ie, thug Ceannaire RnaG, Edel Ní Chuireáin, freagra ar an méid a bhí le rá ag an bhfear gnó.

“Níl an méid a deir an tUasal Ó Laoire cruinn. Is cuid lárnach de sheirbhís chraoltóireacht phoiblí an chraoltóra náisiúnta iad RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuirimid seirbhís luachmhar ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, ar bhonn fíor-éifeachtúil ó thaobh costas de.

“Níl muid ag cailleadh airgid mar nach ar bhonn tráchtála a reáchtáiltear an stáisiún, agus faigheann an cáiníocóir luach ar a chuid airgid ón tseirbhís chuimsitheach a chuirtear ar fáil,” a dúirt Ní Chuireáin.

Dúirt O’Leary gur ‘monaplacht ar theip uirthi’ é RTÉ agus nach raibh ‘leas na tíre’ déanta ag an gcraoltóir poiblí. Dúirt sé gur cheart RTÉ a dhíol agus a phríobháidiú.

Sa chás sin bheadh Raidió na Gaeltachta ‘ar a chonlán féin’, a dúirt Príomhfheidhmeannach Ryanair.

“If Raidió na Gaeltachta cannot stand on its own two feet then frankly it should not exist,” a dúirt O’Leary.

Ní RTÉ agus RnaG amháin a fuair léasadh teanga ón bhfear gnó conspóideach.

Dúirt sé go raibh an Rialtas “spineless, weak and incompetent” le linn na conspóide faoi bhille cánach Apple.

“Our Government should have said ‘F you Brussels, we are not tolerating this, we are an autonomous country, we have autonomy over our tax, so p*** off. We are not putting up with that’,” a dúirt sé ag bricfeasta gnó Fhianna Fáil.

Dúirt O’Leary chomh maith go raibh “f**k all” déanta ag gluaiseacht na gceardchumann d’aon duine le seasca bliain anuas, agus thug sé “the worst assembly of half-wits and lunatics” ar chuid de na Teachtaí Dála a toghadh chun na Dála in olltoghchán na bliana seo.

Fág freagra ar '‘Níl an méid a deir Michael O’Leary faoi Raidió na Gaeltachta cruinn’ – Ceannaire RnaG'