Níl an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó a lorgaítear seirbhísí ateangaireachta iontu sna cúirteanna.
De réir figiúirí nua, caitheadh €5.1 milliún ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna le cúig bliana anuas.
Níl aon bhriseadh síos ar fáil ó Sheirbhís na gCúirteanna ar an gcaiteachas de réir teanga, ach léiríonn na figiúirí gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge.
9,070 iarratas a rinneadh ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna anuraidh.
Bhain 7,740 de na hiarratais sin le héileamh ar sheirbhísí ateangaireachta sna deich dteanga is mó a mbíonn éileamh orthu.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua, bhain beagnach 60% de na hiarratais leis na trí theanga is mó éileamh– An Pholainnis, An Rómáinis agus an Liotuáinis.
Tá an Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha ‘Eile’ ar lorgaíodh seirbhísí ateangaireachta iontu in 2018. 1,330 iarratas a deineadh ar ateangaireacht sna teangacha ‘Eile’ sin go léir.
LÍON NA nIARRATAS AR SHEIRBHÍSÍ ATEANGAIREACHTA
Teanga | 2018 | 2017 | 2016 | 2015 |
---|---|---|---|---|
Polainnis | 2,587 | 2,155 | 2,420 | 2,141 |
Rómáinis | 1,541 | 1,306 | 1,449 | 1,433 |
Liotuáinis | 1,182 | 1,079 | 1,081 | 1,049 |
Rúisis | 905 | 819 | 797 | 712 |
Laitvis | 312 | 284 | 240 | 259 |
Mandairínis | 205 | 149 | 243 | 251 |
Portaingéilis | 430 | 357 | 232 | 166 |
Seicis | 176 | 164 | 194 | 160 |
Fraincis | 126 | 141 | 97 | 120 |
Araibis | 276 | 167 | 183 | 118 |
Eile | 1,330 | 1,176 | 1,079 | 1,081 |
Iomlán | 9,070 | 7,217 | 8,015 | 7,490 |
An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a fuair na figiúirí nua ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Faoi Alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé ‘de cheart ag duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt’.
De réir na reachtaíochta céanna, tá dualgas ar gach cúirt a chinntiú gur féidir le haon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus ní mór a chinntiú chomh nach bhfágfar ‘faoi mhíbhuntáiste’ mar gheall ar an rogha a dhéanann sé. D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste féadfadh an chúirt pé socrú is gá a dhéanamh chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil.
Níl ceart ar Bhreitheamh le Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht.
Tá leasú molta ar Alt 8 den Acht Teanga sa reachtaíocht chun an t-acht a láidriú atá geallta le fada.
Faoin leasú sin thionólfaí ar a laghad suí amháin de chuid na Cúirte Dúiche in aghaidh na bliana i nGaeilge i ngach ceann de na ceantair a fhreastalaíonn ar limistéir Ghaeltachta.
Costas na seirbhísí ateangaireachta
2014 € | 2015 € | 2016 € | 2017 € | 2018 € |
---|---|---|---|---|
1,007,562.52 | 923,490.48 | 1,065,695.48 | 1,031,678.91 | 1,077,893.74 |
Aililiú!
Níl sa ‘cheart’ a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla ach cac asail i dtaca le cearta an tsaoránaigh. Ach tá tábhacht mhór leis, mar sin féin: tugann sé an “ceart” don Stát an Béarla a úsáid ina ghnóthaí le saoránach na Gaeilge i.e. an Béarla a chur idir é agus saoránach na Gaeilge – an dóigh chéanna a gcuireann sé an Béarla idir é féin agus daoine le Polainnis, Sínis, Rómáinis etc. (Sea, ba chóir go ndéanfadh an Stát freastal ar na saoránaigh, seachas bheith ag maíomh “ceart” le gan sin a dhéanamh) , ach ní hea: seo againn an stáitín bréan, oidhre dílis Impireacht Shasana in Éirinn.)
Pól Ó Braoin
Sách ráite ag an té gan ainm thuas… Bheinn as mo mheabhair agus a iarraidh déileáil leis na cúirteanna ná leis na córais eile stáit i nGaeilge. Ba mhór an spóirt é aon uair a d’iarr mé an “rogha” Gaeilge a chur ag obair le mo chuid gnó a dhéanamh leis na státseirbhísigh suas go dtí seo… má bhí mé ag iarraidh aon mhaith a dhéanamh bhí orm casadh ar theanga oifigiúil na tíre seo… agus ba mhór an bac orm é, cheapfainn, mara raibh mé ábalta é a labhairt.