Níl an Carn Mór ar fáil d’Executive Helicopters faoi láthair – Comhairle Contae na Gaillimhe

Rún rite ag Comhairleoirí nach bhfuil Aerfort an Chairn Mhóir ar fáil do sheirbhís aeir go hÁrainn faoi láthair

helicopter-3-1310424-1279x886

Tá glactha d’aon ghuth ag Comhairleoirí Contae na Gaillimhe le rún nach ceadmhach Aerfort na Gaillimhe ar an gCarn Mór a úsáid le haghaidh seirbhís aeir go hOileáin Árann.

Bhí cruinniú tráthnóna i Halla an Chontae chun a bhfuil i ndán do sheirbhís aeir na n-oileán a phlé.

Bhí sé i gceist ag an gcomhlacht Executive Helicopters Ltd, ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana d’aersheibhís Árann, Aerfort an Chairn Mhóir a úsáid don tseirbhís héileacaptair a bhí beartaithe acu.

Bhí ceist ann le tamall, áfach, faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an t-aerfort i nGaillimh ar fáil don chomhlacht an bhliain seo chugainn.

Chinn Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, gan dul i mbun idirbheartaíochta leis an gcomhlacht fad is a bhí soiléiriú á lorg aige ón gComhairle Cathrach agus ón gComhairle Contae maidir leis an Aerfort i nGaillimh a bheith ar fáil.

Thairg Roinn na Gaeltachta síneadh conartha d’Aer Arann Islands, an comhlacht atá ag cur seirbhís aeir ar fáil do mhuintir Árann faoi láthair, go dtí an 1 Feabhra 2016. Ní fios go fóill an nglacfaidh Aer Arann Islands leis an tairiscint sin. Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht le Tuairisc.ie le déanaí go dtiocfadh deireadh le seirbhís Aer Arann Islands ag deireadh na míosa seo, tráth go mbeidh an conradh atá faoi láthair acu caite.

Ciallaíonn cinneadh na Comhairle inniu go gcaithfeadh comhairleoirí a mbeannacht a thabhairt d’aon dream a bheadh ag iarraidh an t-aerfort a úsáid tar éis mhí na Nollag, 2015.

Deirtear sa rún a ritheadh tráthnóna nach bhfuil sé bailí faoi láthair aon gheallúint a thabhairt maidir le húsáid an aerfoirt do sheirbhís aeir go hoileáin Árann.

Fág freagra ar 'Níl an Carn Mór ar fáil d’Executive Helicopters faoi láthair – Comhairle Contae na Gaillimhe'