Níl a jab á dhéanamh i gceart ag an scríbhneoir a dhéanann neamhaird den ghéarchéim aeráide

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is é tasc an scríbhneora sa chath i gcoinne athrú na haeráide gan ligean d’éinne dearmad a dhéanamh go bhfuil olltubaiste aeráide ag bagairt orainn ar fad

Níl a jab á dhéanamh i gceart ag an scríbhneoir a dhéanann neamhaird den ghéarchéim aeráide

Agus comhdháil an COP26 faoi lán seoil i nGlaschú na hAlban faoi láthair, shíl mé go mbeadh sé go deas féachaint céard iad na bealaí gur féidir le scríbhneoirí a gcuid féin a dhéanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide.

Ná bíodh páistí agat an chéad chomhairle a rith liom – beidh níos lú éilimh ar acmhainní nádúrtha agus beidh níos mó ama agat féin le bheith i mbun oibre. Comhairle chonspóideach, glacaim leis sin – agus drochsheans go scríobhfadh an té a ghlacfadh léi litríocht don aos óg. Ach mar sin féin.

Ansin, rith go leor noda beaga praiticiúla liom. A laghad úsáide agus is féidir a bhaint as an bprintéir, a éileamh ar fhéilte litríochta ticéid traenach a chur ar fáil seachas ticéid eitleán, páirt a ghlacadh in imeachtaí ar líne – an cineál sin ruda.

Agus, ar ndóigh: leabhair a cheannacht i siopaí fisiciúla seachas sna siopaí móra ar líne a bhaineann úsáid as ionaid sonraí ollmhóra a úsáideann an t-uafás fuinnimh agus uisce. Ar an gcúis chéanna, b’fhearr tús áite a thabhairt i gcónaí don leabhar clóite thar an ríomhleabhar. (Chaithfeá os cionn 70 ríomhleabhar a léamh le gur lú an dochar a dhéanfadh an gléas ar a léifeá iad don timpeallacht ná na leabhair chéanna i bhfoirm chlóite – ach fós féin bheifeá ag tabhairt tacaíochta do chomhlachtaí a bhraitheann ar ionaid sonraí mhóra agus nach n-íocann luach ceart ar a gcuid saothar leis na húdair.)

Ach ag deireadh mo chuid machnaimh rith sé liom nach bhfuil sna noda beaga thuas ar fad ach soip in áit na scuaibe.

Gan ligean d’éinne dearmad a dhéanamh go bhfuil olltubaiste aeráide ag bagairt orainn ar fad, agus méid an dochair atá déanta cheana féin a mheabhrú dúinn seasta – sin é, dar liom, tasc an scríbhneora ficsin, an fhile agus an drámadóra sa chath i gcoinne athrú na haeráide.

Ní hionann sin is a rá go gceapaim gur chóir dúinn a bheith ag scríobh faoin aeráid agus faoin aeráid amháin go síoraí seasta. Go bhfóire Gaia orainn.

Ach bíodh an aeráid – agus an dochar atá á dhéanamh di – i gcónaí le feiceáil, le bolú nó le brath inár gcuid ficsin agus neamhfhicsin, inár gcuid dánta, amhrán agus drámaí. Sa chúlra – ach gan aon éalú a bheith uaidh, mar atá san fhíorshaol.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil níl sé sin deacair ar chor ar bith. A mhalairt. Úrscéal staire a chaithfeá a scríobh, is baolach, dá dteastódh uait neamhaird a dhéanamh den ghéarchéim aeráide. Más ag trácht ar an am atá againn faoi láthair a bhíonn tú i do chuid scríbhneoireachta agus mura mbíonn an olltubaiste aeráide atá ag bagairt orainn le sonrú idir na línte – is oth liom é a rá leat, ach níl do jab á dhéanamh i gceart agat.

Fág freagra ar 'Níl a jab á dhéanamh i gceart ag an scríbhneoir a dhéanann neamhaird den ghéarchéim aeráide'

  • Antóin

    Go maire saoirse an scríbhneora.