Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta

Máirt ‘mharbhánta’ seachas Máirt Mhór a bhí ann i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá inné agus bua neafaiseach eile ag Donald Trump

Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta

Tuairiscítear go bhfuil Nikki Haley, an t-aon chéile comhraic a bhí fágtha ag Donald Trump d’ainmniúchán uachtaránachta na bPoblachtánach, chun éirí as an rás.

Máirt ‘mharbhánta’ seachas Máirt Mhór a bhí ann i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá inné agus bua neafaiseach eile ag Donald Trump atá ar tí ainmniúchán na bPoblachtánach a fháil don uachtaránacht agus aghaidh a thabhairt athuair ar Joe Biden sa rás go dtí an Teach Bán.

Níor bhuaigh Nikki Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais, Washington DC agus Vermont.

Bhí bua mór eile ag Trump inné agus bhí gach cosúlacht ar an scéal go mbainfeadh sé amach an líon toscairí atá ag teastáil don ainmniúchán ar a bhogstróc.

D’fhág torthaí an 15 réamhthoghchán a bhí ag an bPáirtí Poblachtánach inné, go bhféadfadh go mbeidh dóthain toscairí ag Trump ar an 12 nó an 19 Márta.

Bhí buanna móra ag Trump inné i stáit amhail California, North Carolina, Tennessee, Texas agus  Virginia.

Níor éirigh le Haley an bua a fháil ach i stát amháin inné, Vermont.

An port a bhí ag Nikki Haley go dtí seo ná go bhfuil malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.

Ach i bhfianaise thorthaí an lae inné, bhí sé níos deacra fós ag iarionadaí na Stát Aontaithe ag na Náisiúin Aontaithe cás a dhéanamh gurbh fhiú di fanacht i bhfeachtas uachtaránachta 2024.

Agus an tUachtarán Joe Biden ar a chomhairle féin i bhfeachtas réamhthoghcháin na nDaonlathach, ní raibh mórán teannais ag baint leis an Máirt Mhór agus na stáisiúin nuachta lánsásta torthaí a fhógairt go gairid i ndiaidh dhúnadh na mbothán vótála sna stáit éagsúla.

Fág freagra ar 'Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta'