Ní teideal oifigiúil é, ach is í Angela Merkel Taoiseach na hEorpa

Tá an leas coiteann ag brath ar pholasaithe agus ar chumas Angela Merkel, Taoiseach na hEorpa

Ní teideal oifigiúil é, ach is í Angela Merkel Taoiseach na hEorpa

Enda Kenny agus Angela Merkel. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Casann roth na staire go mall ach go cinnte. Cuimhnigh ar a laige a bhí an Ghearmáin tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus ar an droch-cháil a bhí tuillte aici. Cuir i gcomparáid an riocht ina raibh an tír i 1945 lena neart eacnamaíoch agus lena tionchar polaitiúil idirnáisiúnta anois.

Bhí tosaíocht na Gearmáine san Eoraip maidir le cúrsaí eacnamaíochta soiléir i bhfad sular thosaigh an bonn ag titim de chúrsaí airgeadais na hÉireann. Bhí na Gearmánaigh ábalta dá bharr iachall a chur ar bhallstáit laga an Aontais Eorpaigh glacadh le géire agus le dolúbthacht airgeadais mar leigheas ar ár gcruachás. Más leigheas é.

Tá baint mhór ag éidreoir agus easaontas polaitiúil i dtíortha móra eile an AE le cumhacht pholaitiúil na Gearmáine atá ag neartú in aghaidh an lae beagnach. Níl rialtas na Gearmáine slán ó bhuairt, ach níl aon chosúlacht idir an léargas i mBeirlín agus cúrsaí polaitíochta sa bhFrainc, mar shampla, gan trácht ar an mBreatain.

Toghadh Angela Merkel mar Sheansailéir den chéad uair 16 bliain ó shin. Is faide a tréimhse oifige cheana féin ná Gearmánach ar bith i gceannas ó aimsir Hitler. Beidh téarma eile á lorg aici in olltoghchán a reáchtálfar sa bhFómhar.


Saol Seansailéara: deich bpointe


Breith: 1954, i Hamburg.
Athair: Horst, ministir Protastúnach as Beirlín.
Máthair: Herlind, múinteoir Polannach.
Óige: Templin, san Oir-Ghearmáin (stát Cumannach).
A céad ghairm: eolaí ceimice.
A céad bhua toghcháin: ionadaí sa Bundestag, 1990.
Seansailéir: ó 2005, an chéad bhean riamh sa phost.
Fear céile: Joachim Sauer, ollamh le ceimic.
Teangacha eile: Rúisis.
Leasainm: ‘Mutti’, cosúil le ‘Mamó’ abhus.


Tá Merkel faoi bhrú, laistigh dá páirtí féin, an CDU (Aontas Críostaí Daonlathach) agus lasmuigh de, ó d’fhógair sí saorchead isteach sa tír d’imircigh in 2014. Tháinig milliún imirceach anuraidh, agus tá srianta ar iarratais tearmainn curtha i bhfeidhm ó shin. Tá cosc molta freisin aici ar chaitheamh an burkah sa Ghearmáin.

Ghéaraigh an t-ionsaí a rinneadh ar mhargadh Nollag i mBeirlín an 19 Nollaig, inar maraíodh dáréag, ar an imní faoi theacht na n-imirceach. Glactar leis anois go n-éireoidh leis an bpáirtí frith-imirce Alternative für Deutschland suíocháin a ghnóthú sa Bundestag den chéad uair san fhómhar.

Tugann na pobalbhreitheanna le fios go mbeidh an CDU i mbun rialtais nó comhrialtais arís tar éis an toghcháin, agus go bhfillfidh Merkel ar oifig an tSeansailéara.

Fág ar leataobh an t-amhras a bhíonn ar dhaoine ar na saolta seo faoi phobalbhreitheanna, agus fiú má bhíonn an CDU in uachtar arís, ní féidir a chur as an áireamh go ndéanfar iarracht le Merkel a dhíbirt.

Ach má éiríonn léi a post a choinneáil, beidh dúshláin mhóra roimpi go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

An mbeidh sí ábalta teacht ar chomhthuiscint le Donald Trump faoin gcur chuige a theastaíonn leis an Eoraip a chosaint ar bhagairt Vladimir Putin?
An féidir léi cur ina luí ar Trump gur chóir dó dul i gcomhairle léi agus le ceannairí eile sula dtéann sé i mbun gnímh?
An mbeidh sí toilteanach an dianpholasaí dolúbtha airgeadais atá á bhrú ag an nGearmáin ar bhallstáit eile an AE a mhaolú?

Is bocht an scéal é nach bhfuil ceannaire eile san Eoraip atá inchurtha léi ó thaobh seasmhachta agus tionchair de, ach sin mar atá.
D’uireasa cheannaire níos fearr, tá ár leas coiteann ag brath ar pholasaithe agus ar chumas Angela Merkel, Taoiseach na hEorpa.

Viel Glück Kanzler!

Go n-éirí leat a Sheansailéir!

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ní teideal oifigiúil é, ach is í Angela Merkel Taoiseach na hEorpa'

  • Fearn

    Leasainm: ‘Mutti’, cosúil le ‘Mamó’ abhus??

    Ní hé muis, ach “mamaí” abhus!

  • Pádraic

    Agus ‘Kanzlerin’ (bean ar seansailéir í) in ionad ‘Kanzler’ atá ceart!