‘Ní spéis le daoine ó dheas stair an Tuaiscirt, seo oscailt súl dóibh’

Craolfar anocht ar RTÉ scannán faisnéise faoin ‘Glennane Gang’ agus an claonpháirteachas. Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir ‘Unquiet Graves’

‘Ní spéis le daoine ó dheas stair an Tuaiscirt, seo oscailt súl dóibh’

Samhlaigh é. Scata gunnadóirí ag dul isteach i mbunscoil tuaithe in Éirinn, ag marú páistí agus múinteoirí araon.

Sin plean a chuir ball de sheirbhísí rúnda na Breataine chun cinn ag cruinniú de chuid an Glenanne Gang, grúpa ina raibh paraimíleataigh dhílseacha chomh maith le baill den RUC, den UDR agus d’Arm na Breataine.

Idir 1972 agus1978, maraíodh corradh le 120 duine i gceantair i dTír Eoghain agus in Ard Mhacha, limistéar ar tugadh ‘The Murder Triangle’ air agus pléadh ionsaí a dhéanamh ar bhunscoil i mBéal Leice i gContae Fhear Manach ag cruinniú de chuid an Glenanne Gang.

Admhaíonn iarbhall den ghrúpa agus oifigeach san RUC, John Weir, gur tharla a leithéid in agallamh a thugann sé in Unquiet Graves, scannán coscrach a bheidh le feiceáil ar RTÉ anocht, Dé Céadaoin, ar a 9.35pm.

Bhí an stáisiún leis an scannán a chraoladh i mí Iúil anuraidh ach tarraingíodh siar é “mar gheall ar chúiseanna dlí”.

“Sílim go raibh siad ag iarraidh a bheith cinnte go raibh gach rud sa scannán inchosanta ó thaobh an dlí de,” arsa Seán Murray, stiúrthóir an scannáin.

“Anuraidh, chraol RTÉ No Stone Unturned a bhain leis na dúnmharuithe i Loch an Oileáin i gcontae an Dúin ach b’éigean leasuithe a dhéanamh ar an scannán sular craoladh é. Níor tharla sé sin i gcás Unquiet Graves, níor gearradh ar chor ar bith é,” a deir Murray.

Measann sé go bhfuil cuid mhór le foghlaim ag an lucht féachana ó dheas mar gheall ar an dáimh a fheiceann sé ag an bhunaíocht ó dheas le hAontachtaigh.

“Measaim go bhfuil neamhshuim ag cuid mhór daoine ó dheas i stair an tuaiscirt, ‘an tuaisceart dubh’ mar a tugadh air, ach sílim go dtugann an scannán seo insint dhifriúil ar ar tharla sa tuaisceart, dearcadh ailtéarnach ó na híomhánna a craoladh isteach i seomraí suí ar an taobh eile den teorainn le linn na coimhlinte,” ar sé.

Ach pléann Unquiet Graves na buamaí a pléascadh i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán fosta agus an ról a bhí ag an Glenanne Gang sa sléacht marfach sin inar maraíodh 34 duine i 1974.

Bhí an drong páirteach i ndúnmharú bhaill den Miami Showband agus sna scórtha dúnmharuithe nach bhfuil an oiread cainte déanta fúthu.

Measann Murray go bhfuil RTÉ “cróga” an scannán a chur amach mar bhí “guthanna áirithe” ag iarraidh nach gcraolfaí é. Bhí sé d’ádh ar Murray go bhfuil an scannán bunaithe ar leabhar le hAnn Cadwallader, Lethal Allies, ina bhfuil fianaise shoiléir fhóiréinseach faoin chlaonpháirteachas idir paraimíleataigh dhílseacha agus “fórsaí slándála” na Breataine, fianaise a tháinig, ní ó bholscairí poblachtánacha, ach ó fhoinsí oifigiúla sa Bhreatain agus in Éirinn.

Sin an fáth nár léiríodh mórán suime sa chlár faisnéise, dar le Murray, cionn is nárbh fhéidir fianaise na n-íobartach agus na rannpháirtithe a shéanadh.

Cé gur thuig náisiúnaithe cad é a bhí ag dul ar aghaidh, mar a dúirt na sagairt Denis Faul agus Réamonn Ó Muirí, bhí “ráta teipe 100% ag an RUC duine ar bith de na dílseoirí a bhí ciontach a thabhairt os comhair na cúirte”.

Deir an stiúrthóir gur “oscailt súl” a bheas ann do na daoine sin ó dheas, agus fiú ó thuaidh, a bhfuil dearmad déanta acu den tréimhse sin, nach cogadh salach in éadan sceimhlitheoirí poblachtacha a bhí ann ach feachtas armtha in éadan na sibhialtach Caitliceach le himeagla a dhéanamh orthu.

“Bhí eolas againn ar na scéalta seo ach ní go dtí gur chuir Ann Cadwallader Lethal Allies amach agus go ndearna muidinne Unquiet Graves gur tháinig na scéalta seo uilig le chéile in aon sruth smaointeachais amháin agus baineadh geit asainne as an úr, bhí an fhianaise chomh spleodrach sin. Sílim go mbeidh an t-eispéireas céanna ag lucht féachana ó dheas fosta,” arsa Murray.

– Beidh Unquiet Graves, le feiceáil ar RTÉ1 anocht ag 9.35pm.

Fág freagra ar '‘Ní spéis le daoine ó dheas stair an Tuaiscirt, seo oscailt súl dóibh’'