Ní réiteoidh an margadh ná idé-eolaíocht FG/FF fadhbanna na tíre

Tá sé in am dúinn sampla TK Whitaker a leanúint agus bealach nua a aimsiú chun teacht ar fhuascailt na bhfadhbanna ar fad atá againn

Ní réiteoidh an margadh ná idé-eolaíocht FG/FF fadhbanna na tíre

Cén ról ba chóir a bheith ag an stát i bhforbairt na heacnamaíochta? Cén ról, go deimhin, a d’fhéadfadh a bheith ag an stát sa chúram sin nuair a thugtar rialacha an Aontais Eorpaigh san áireamh?

Tá prionsabail an nua-liobrálachais daingnithe i dtéarmaí an Chomhaontaithe Fhioscaigh agus i gconarthaí eile de chuid an Aontais, agus ní easaontaíonn Fine Gael ná Fianna Fáil leis na prionsabail sin.

Tá an smaointeoireacht chúng seo ina chuing orainn dá bharr agus diúltaítear labhairt fiú faoi aon chur isteach a bheith ag an stát sa scéal seachas chun spreagadh a thabhairt don mhargadh le ceadú dó rudaí a shocrú de réir a mhianta féin.

Mar sin, agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim tithíochta is mó le daichead bliain, diúltaíonn an rialtas an dualgas a chur ar na húdaráis áitiúla an beart a dhéanamh faoi mar a rinneadh sna daichidí, sna seachtóidí, sna hochtóidí is eile.  Agus tacaíonn Fianna Fáil leis an diúltú, in ainneoin chur i gcéill an pháirtí gur freasúra iad.

Níos measa fós, cé nach luaitear os ard go minic é, níl cead ag an stát airgead a fháil ar iasacht go poiblí le híoc as tithe a thógáil ar an údar gur sárú a bheadh ansin ar shrianta an Chomhaontaithe Fhioscaigh!

Maidir le cúrsaí sláinte, tá prionsabail an mhargaidh i bhfeidhm i gcónaí: costais a laghdú trí shrian a choinneáil ar phá, ar an líon altraí, dochtúirí is eile, agus trí bhrú a chur ar dhaoine a bhfuil airgead acu íoc go príobháideach as árachas sláinte.

’Sea, ceann de na réitigh atá ag an stát ar ghéarchéim na liostaí feithimh faoi láthair ná go gcuirfeadh an tseirbhís phoiblí othair go dtí na hospidéil bhrabúis, agus go n-íocfadh an stát as.

Ní cheadaíonn rialacha an Aontais Eorpaigh don stát aon ról díreach a bheith aige i gcruthú fostaíochta. Ag cur isteach ar shaoriomaíocht a bheadh ina leithéid de chur chuige, a deirtear. Tá cead tacaíocht a thabhairt do bhainc Ghearmánacha is eile a chailleann airgead ar iasachtaí meargánta a thabhairt, ach níl cead teacht i gcabhair sa mbaile ar lucht ceannach tithe atá buailte ag cothromas diúltach is a n-ioncam ag dul in olcas.

Agus téann fréamhacha na ndeacrachtaí reatha i bhfad siar go tús na géarchéime, nuair a gearradh siar go mór ar chaiteachas poiblí.

In 2009, nuair a chuir an ghéarchéim isteach go tubaisteach ar eacnamaíocht (agus sochaí) nach raibh ag súil leis, roghnaigh Aire Airgeadais na linne, Brian Lenihan, an t-eacnamaí clúiteach Colm McCarthy chun sraith de chiorruithe a mholadh (Bord Snip Nua, mar a tugadh air).

Clúiteach?  Sea, bhí cáil ar McCarthy mar dhuine a labhair amach riamh i gcoinne chaiteachas poiblí.

Agus chuaigh sé i mbun oibre go scafánta. Agus é den tuairim nach raibh a dhóthain airgid ag an stát bhrúigh sé laghduithe iltaobhacha ar an tseirbhís phoiblí.

Ní raibh aon anailís ann ar na rannóga a d’fhéadfadh glacadh le laghduithe; bhí na laghduithe le déanamh ar fud an chórais.

Mar sin, i gcúrsaí sláinte, mar shampla, nuair a d’imigh altra fágadh an post gan líonadh.  Agus nuair a tháinig altraí amach as na coláistí ullmhúcháin, ní raibh jabanna ar fáil dóibh in Éirinn toisc nach raibh aon earcaíocht ar siúl.

Chuaigh na céadta thar sáile, go dtí an Astráil cuid mhaith acu.  Shocraigh a lán acu síos ansin, phós siad, bhí clann acu. Ba chailliúint mhór iad don tír inar saolaíodh iad, an tír a d’íoc as a gcuid oiliúna.

Agus má fhilleann siad anois, is ar éigean go mbeadh siad in ann morgáiste a fháil le teach a cheannach mar ní oireann sin don mhargadh mar atá. Sea, ní réitíonn an margadh fostaíochta leis an margadh tithíochta, ná le margadh ar bith eile.

I ndáiríre, thosaigh Colm McCarthy ag an bpointe mícheart.  Bhí sé ar bís le ciorruithe a dhéanamh in ionad breathnú ar an gcóras is measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí a bheadh riachtanach do thír shibhialta, na seirbhísí a thabharfadh tús áite do leas na saoránach agus seirbhísí a d’fhéadfaí a thabhairt slán le hairgead a bhaileofaí ó dhaoine saibhre, ó bhainc eachtrannacha, ó amhantraithe is eile.

Thiocfadh a leithéid salach, ní hamháin ar rialacha an Aontais Eorpaigh, ach ar idé-eolaíocht na bpáirtithe móra sin, Fine Gael is Fianna Fáil.

Agus seo muid mar sin, gafa is sáinnithe i gciorcal an oilc. Ní féidir linn déileáil leis na fadhbanna atá againn maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte, uisce agus cruthú fostaíochta.  Caitear an margadh a spreagadh chun déileáil leo, an margadh céanna a thagann salach air féin fiú.

Ach léiríonn an saol nach féidir leis an margadh an jab a dhéanamh.

Nach bhfuil sé in am mar sin fáil réidh leis an gcóras fabhtach seo atá ag brath ar idé-eolaíocht fhabhtach, sampla TK Whitaker a leanúint agus tosú ag smaoineamh ar bhealach nua?

Fág freagra ar 'Ní réiteoidh an margadh ná idé-eolaíocht FG/FF fadhbanna na tíre'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “’Sea, ceann de na réitigh atá ag an stát ar ghéarchéim na liostaí feithimh faoi láthair ná go gcuirfeadh an tseirbhís phoiblí othair go dtí na hospidéil bhrabúis, agus go n-íocfadh an stát as.” Sin a deireann Eoin ina alt.

    Táimse ar liosta feithimh le 6 mhí anois. Níl a fhios agam cén fhad eile a bheas mé ag feitheamh ar an liosta, mar othair poiblí. Dá bhfaighfinn glaoch ag ceann dena ‘hoispidéil bhrabúis’ beidh mé thar a beith sásta. An gceapann Eoin go mba cheart dom féin íoc as mar othair poiblí?

    Cén locht atá ag Eoin ar sin mar réiteach?