Ní raibh sé in ann insint dá mhuintir cad a bhí ag tarlú san aonad síciatrach mar nach raibh aon chaint aige

Fiú má dhúntar Maigh Chomair ní mór a chinntiú nach dtarlóidh mí-iompar in ionad eile agus fiosrú poiblí riachtanach

Ní raibh sé in ann insint dá mhuintir cad a bhí ag tarlú san aonad síciatrach mar nach raibh aon chaint aige

‘Beidh sé slán sábháilte anseo linne,’ a dúirt ball foirne le muintir an fhir ghoilliúnaigh a bhí á fhágáil faoi chúram an ospidéil. Ar an drochuair, ba é a mhalairt a tharla dó sin agus do dhaoine eile.

Tá a chás ag croí an scannail a chothaíonn amhras faoi chumas na seirbhíse sláinte aire a thabhairt do na daoine is laige agus is soghonta sa tsochaí.

Bhí an fear 20 bliain d’aois, titimeas air agus riachtanais chasta aige. Níl sé in ann caint – tá sé neamhbhriathartha – agus dá bhrí sin ní raibh sé in ann insint dá mhuintir cad a bhí ag tarlú san aonad síciatrach den ospidéal ina raibh sé. Ionad cúraim réigiúnach do dhaoine le deacrachtaí foghlama is ea an t-ospidéal i Maigh Chomair i gContae Aontroma.

In 2017 tháinig físeán chun solais ina raibh ionsaí á dhéanamh ar othar. Rinneadh lear mór botún nuair a chuaigh a mhuintir agus a bhfeisire Parlaiminte, Gavin Robinson DUP, sa tóir ar eolas. Thóg sé i bhfad rófhada teacht ar fhreagraí agus admháil a fháil go raibh fadhb mhór i Maigh Chomair. B’éigean don teaghlach a dhul i muinín an Achta um Shaoráil Faisnéise chun freagraí a fháil.

Faoin tráth seo tá suas le 1,500 líomhain drochíde ar na céadta othar á bhfiosrú ag an PSNI, an NCA, an Áisíneacht Náisiúnta Frith-Choiriúlachta, agus ag na húdaráis sláinte. Tá go leor den fhoireann ar fionraí.

Tá na mílte uair an chloig d’fhíseáin ó CCTV scrúdaithe agus é soiléir go raibh cleachtais chontúirteacha coitianta in aonad ar leith ar feadh achair fhada. Ní mór a rá nach gcuirtear mí-iompar i leith gach ball foirne san aonad sin. Baineann na líomhaintí le mí-úsáid chorpartha agus mhothúcháin, buillí boise, bulaíocht agus fiú gaibhniú aonair ar othair mar phionós.

Is é seo an fiosrú coiriúil faoi chosaint daoine fásta is mó riamh i dTuaisceart Éireann.

Anuraidh rinne an tIontaobhas Sláinte scrúdú ar an iompar san ospidéal idir 2012 agus 2017. Chinn siad go raibh lochtanna tubaisteacha ar an iompar agus gur cheart an t-ospidéal a dhruidim. Ghabh Iontaobhas Bhéal Feirste leithscéal le hothair agus lena ngaolta.

Cuireadh fáilte go forleathan roimh admháil na n-údarás gur lig siad daoine síos. Is maith sin ach tá an-chuid ceisteanna faoi fhadhbanna córasacha gur gá a dhul i ngleic leo. Is beag iontaoibh a bheadh ag tuismitheoirí go gcuirfear cúrsaí ina gceart mura scrúdaítear na cleachtais faoi lánsolas an lae.

Sa samhradh seo caite thug an Roinn Sláinte in Stormont an t-eiteachas d’éileamh ar fhiosrú poiblí, ag rá nach mbeadh se fóirsteanach faoi láthair. Measadh go raibh drogall orthu aon cheo a dhéanamh a thiocfadh salach ar na fiosruithe choiriúla ach maíonn ionadaithe thar ceann na dteaghlach gurbh fhéidir fiosrú poiblí a rith slán ón riosca sin.

Le déanaí ag cruinniú leis an bhfeisire Parlaiminte de chuid an DUP, Gavin Robinson, agus dlíodóir thar ceann othair, Claire McKeegan, gheall Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith go scrúdódh sé an cás maidir le fiosrú poiblí. Dúradar leis go bhféadfaí fiosrú poiblí a reáchtáil chun déileáil leis na ceisteanna córasacha gan cur isteach ar aon fhiosrú coiriúil.

Tá gach seans go dtógfaidh sé blianta sula dtabharfar na fiosruithe coiriúla chun críche. Ní féidir fanacht chomh fada sin chun a chinntiú go mbeidh daoine sábháilte in institiúidí atá in ainm is a bheith ag tabhairt aire dóibh. Tá na scórtha blianta caite ag roinnt othar i Maigh Chomair, daoine eile nach raibh ansin ach cúpla bliain ar nós an fhir, atá 23 bliain d’aois anois, arb é a chás a spreag na fiosruithe iomadúla faoin scannal seo.

Tá siadsan go léir agus na daoine a mbeidh gá acu le cúram amach anseo i dteideal fiosrú poiblí, scrúdú oscailte ar gach ar tharla agus iniúchadh ar na riachtanais lena chinntiú nach féidir leis tarlú arís.

Fág freagra ar 'Ní raibh sé in ann insint dá mhuintir cad a bhí ag tarlú san aonad síciatrach mar nach raibh aon chaint aige'