Ní raibh cóip de ‘Men’s Health’ nó ‘Vogue’ ceadaithe ach bheadh fáilte roimh ‘Comhar’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá eitleáin go dona don timpeallacht ach is cosúil go bhfuil meas ag na haerlínte ar an bhfocal scríofa!

Ní raibh cóip de ‘Men’s Health’ nó ‘Vogue’ ceadaithe ach bheadh fáilte roimh ‘Comhar’

Bhí mé ar eitleán an lá cheana.

Tá a fhios agam, bím go síoraí seasta ag tabhairt amach faoi aerthaisteal ach ní sheolann longa paisinéirí idir an Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus an Eoraip a thuilleadh.

Thug mé suntas d’fhógra in aice leis an bpóca i gcúl an tsuíocháin os mo chomhair: literature only. Nach deas sin, a shíl mé, tá eitleáin go dona don timpeallacht ach ar a laghad tá meas ag an aerlíne seo ar chúrsaí cultúir! Ní raibh cead cóip Men’s HealthVogue a chur sa phóca sin ach bheadh fáilte roimh Comhar. Seans go dtabharfadh aeróstach amach duit dá gcuirfeá cóip de 50 Shades of Grey sa phóca ach ní bheadh fadhb ar bith le Cré na Cille. (Déanta na fírinne, bheadh – bheadh an póca róbheag, agus do 50 Shades féin, leis. Litríocht faoi bhun 200 leathanach amháin a bhí ceadaithe, de réir dealraimh.)

Ach seachas an dréacht deireanach de m’úrscéal féin (nach bhfuil cead agam breathnú air go ceann seachtain nó dhó eile) ní raibh aon litríocht i mo mhála a d’fhéadfainn a chur sa phóca sin sa suíochán os mo chomhair. Bhí uasteorainn dhocht le meáchan an bhagáiste láimhe agus ní raibh spás fágtha do leabhar clóite. Bhí teorainn, freisin, leis an méid podchraoltaí a d’éirigh liom a shábháil ar mo ghuthán póca ach bhí dóthain cuimhne fágtha, ar ámharaí an tsaoil, do chúig nó sé cinn. I dteannta Deborah Treisman – duine de mo chuid réaltaí eolais i bhfarraigí agus spéartha na litríochta – agus an podchraoladh iomráiteach aici, The New Yorker Fiction Podcast, a chaith mé an eitilt 11 uair an chloig ó São Paulo go Amsterdam mar sin.

Ach an bhfeicfeadh na haeróstaigh gur ag éisteacht le fíorlitríocht a bhí mé? Ní fheicfeadh! Drochsheans, leis, go n-éireodh leo caighdeán an lóin léitheoireachta a bhí ar a gcuid ríomhléitheoirí ag roinnt paisinéirí eile a mheas ach oiread.

Léirigh siúlóidín taighde tríd an gcábán nach raibh leabhar clóite á léamh ach ag duine amháin. Scéinséir le Harlan Coben. An mbeadh cead é a chur isteach sa phóca i gcúl an tsuíocháin? D’fhág mé an cheist sin faoi na haeróstaigh.

Más aon fhianaise iad na staitisticí ní bheidh an chinniúint chéanna i ndán don leabhar clóite agus a bhí don dlúthcheirnín (tá léibheann – nó plateau mar a déarfadh an Francach – bainte amach ag díolacháin ríomhleabhar agus ríomhléitheoirí) ach is léir gur fearr a oireann an nua-theicneolaíocht don spás teoranta ar bord eitleáin.

Agus b’fhéidir nach drochrud é sin. Mura mbíonn clúdach le feiceáil ní féidir le saoithíní ar nós mé féin a bheith ag tabhairt amach faoi rogha léitheoireachta a gcuid comhphaisinéiri!

Fág freagra ar 'Ní raibh cóip de ‘Men’s Health’ nó ‘Vogue’ ceadaithe ach bheadh fáilte roimh ‘Comhar’'