‘Ní raibh aon fhadhb riamh agam léi’ – fáilte curtha ag Jeffrey Donaldson roimh úsáid na Gaeilge ag corónú Shéarlais

Cloisfear an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh na seanmóra ag an searmanas corónaithe a bheidh ar siúl Dé Sathairn in Westminster Abbey

‘Ní raibh aon fhadhb riamh agam léi’ – fáilte curtha ag Jeffrey Donaldson roimh úsáid na Gaeilge ag corónú Shéarlais

Tá fáilte curtha ag an DUP agus aontachtaithe eile roimh an scéala go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ag searmanas corónaithe Rí Séarlas III na Breataine.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt ceannaire na DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé “oiriúnach” go mbainfí úsáid as an nGaeilge agus teangacha eile le linn an tsearmanais Dé Sathairn agus nach raibh “aon fhadhb riamh aige leis an nGaeilge féin”.

Cloisfear an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury ag an searmanas a bheidh ar siúl Dé Sathairn in Westminster Abbey.

Canfar línte eile an iomainn, Veni Creator Spiritus, sa Bhéarla, sa Bhreatnais agus i nGaeilge na hAlban.

De réir liotúirge oifigiúil an tsearmanais is iad na línte a chanfar i nGaeilge:

‘Go dtí dhíot gurb aithnid dúinn/an tAthair Mhac, a Spioraid, a rún/Tú leo an Triúr in éinphearsa/ Creidimis ionaibh tré bhiotha na mbeatha.’

Dúirt Jeffrey Donaldson go raibh sé ag súil le freastal ar an gCorónú agus gur onóir dó a bheadh ann a bheith i láthair chun ionadaíocht a dhéanamh ar Thuaisceart Éireann.

“Molaim an uile dhuine a raibh baint acu le cur le chéile Ord na Seirbhíse. Tá sé iontach go háirithe an tslí go n-imíonn sé ón traidisiún le ról a thabhairt don phobal sa tseirbhís trína ndílseacht don Rí Séarlas III a fhógairt,” arsa ceannaire an DUP.

“Tá sé oiriúnach go mbainfear úsáid sa tseirbhís as cuid de na mionteangacha as na háiteanna éagsúla sa Ríocht Aontaithe.  Ní raibh aon fhadhb agam riamh leis an nGaeilge féin agus aithním gur cuid de chúlra na coda seo den Ríocht Aontaithe í, ach chuireamar i gcoinne an dream a rinne iarracht arm a dhéanamh aisti [an Ghaeilge] agus í a úsáid chun críche polaitiúla amháin.”

Deirtear sa leagan den liotúirge a bhfuil nótaí oifigiúla curtha leis:

“Is bealach álainn é úsáid teangacha atá ar fud na Ríochta Aontaithe aitheantas a thabhairt d’oidhreacht shaibhir ár dtíre agus na bpobal seo, agus léiriú é ag an am céanna ar an tábhacht a bhaineann le cosaint agus caomhnú na dteangacha céanna.”

Dúirt urlabhraí ó Phálás Lambeth go bhfuil an t-iomann Veni Creator Spiritus á úsáid ag searmanais chorónaithe ón 14ú haois i leith.

“Den chéad uair cloisfear é á chanadh i dteangacha traidisiúnta náisiúin na Ríochta Aontaithe: Béarla, an Bhreatnais, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge.”

Dúirt an t-aontachtóir agus Gaeilgeoir aitheanta, Linda Ervine, gurb “álainn” an rud go mbeadh na teangacha éagsúla le cloisteáil ag an searmanas. Ba chóir, a dúirt sí, go n-úsáidfí Gaeilge Chúige Uladh.

Dúirt Linda Ervine nárbh aon ríogaí í féin agus í ag fás aníos ach go raibh dearcadh níos dearfaí aici i leith na monarcachta le cúpla bliain anuas mar gheall ar an meas, a dúirt sí, atá léirithe acu don teanga agus don chultúr.

Dúirt Ervine chomh maith gur iarr céile an Rí Séarlas, Camilla, uirthi cúpla focal Gaeilge a mhúineadh di nuair a bhí sí ar cuairt ar an Tuaisceart.

Fág freagra ar '‘Ní raibh aon fhadhb riamh agam léi’ – fáilte curtha ag Jeffrey Donaldson roimh úsáid na Gaeilge ag corónú Shéarlais'

  • Pól

    Spréach dhóchais ar deireadh, muis.

  • Dónall Mór Mac Billings

    D’ainneoin cinsearachta agus claonaidh i meáin an ‘Iarthair’ agus an bhéim ar choróiniú Mac na hImpireachta Sasanaigh agus Sinn Féin ag sodar i ndiaidh na n-uasal agus ceannasaíocht na Tíre seo caite i dtraipilí —– Fuair Laoch eile Palaistínach Bas i ndiaidh 83 lá de Stalc Ocrais.

    *****************************************************************************************
    *****************************************************************************************
    FUAIR KHADER ADNAN BÁS INNÉ —-AR DHEIS LÁMH DÉ GO RAIBH A ANAM UASAL
    *****************************************************************************************
    *****************************************************************************************

    ‘Críochnaímis an jab’ a dúirt Biden —– mar an rinne sibh in Vietnam, Cuba, Niceragua, Afganistan, Iran, Iraq, srl
    ——- AGUS ANOIS PALISTINE ———

    Tugaim mo thacaíocht iomlán do Khader Adnan, —- an Palaistíneach abhí ar Stailc Ocrais le 83 lá i bpríosún Iosráileach agus do chúis na bPalaistíneach lena n-iarrachtaí a gceannasaíocht dá dtír agus a saoirse ó chos ar bholg a bhaint amach.

    Is mise le brón, ——– An Phalastín Abú

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

  • Seán Mag Leannáin

    Tá fáilte curtha ag go leor daoine roimh an scéala go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ag searmanas corónaithe Rí Séarlas a bheidh ar siúl Dé Sathairn in Westminster Abbey..
    Cloisfear an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury. Canfar línte eile an iomainn, Veni Creator Spiritus, sa Bhéarla, sa Bhreatnais agus i nGaeilge na hAlban.
    De réir liotúirge oifigiúil an tsearmanais is iad na línte a chanfar i nGaeilge:
    ‘Go dtí dhíot gurb aithnid dúinn
    an tAthair Mhac, a Spioraid, a rún,
    Tú leo an Triúr in éinphearsa
    Creidimis ionaibh tré bhiotha na mbeatha.’

    Tá cuma na seandachta ar an téacs seo – ar nós Séarlas agus Camilla iad féin, d’fhéadfá a rá! Más comhartha ómóis don teanga é an cúpla líne seo le linn an tsearmanais ba chóir go mbainfí úsáid as foclaíocht an lae inniu.

    Seo a leanas m’iarracht féin cuma níos nua-aimseartha a chur ar an téacs bunaidh:

    Mar gheall ortsa gurb aithnid dúinn
    An tAthair-Mhac, a Spiorad, a rún,
    Tú leo an Triúr in aonphearsa
    Creidimis ionaibh trí shaol na saol.