Ní neamhtheanga ná teanga leipreacháin a bheas sa Ghaeilge feasta ó thuaidh

Deir iar-aire airgeadais agus ball tionóil de chuid Shinn Féin go bhfuil cath buaite ar son na teanga agus ar son na comhurraime

Ní neamhtheanga ná teanga leipreacháin a bheas sa Ghaeilge feasta ó thuaidh

I 1987, caitheadh amach as mo chéad chruinniú den Chomhairle i mBéal Feirste mé as Gaeilge a labhairt.

Nó “teanga leipreacháin” mar a bhaist Sammy Wilson uirthi.

Mhúscail mé inniu agus acht Gaeilge ar an tairseach againn. 

Moill rófhada, ach d’éirigh linn mar phobal Gaeilge ó Thuaidh tabhairt ar na húdaráis an t-acht a bhí geallta ó 2006 a ghéillstean.

Tá na heilimintí tábhachtacha atá de dhíth in aon acht ansin:

Stádas oifigiúil.

Coimisinéir Teanga.

Caighdeáin seachas scéimeanna.

Agus ar ndóigh tá ríméad ar leith orm go bhfuil aistriúchán comhuaineach le bheith curtha ar fáil sa Tionól féin agus comhaltaí ag caint Gaeilge.

Is fada an t-aistear atá siúlta againn ó ré theanga an leipreacháin.

Is breá liom fosta go bhfuil deireadh le cur leis an phéindlí deireanach, Acht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Ach ní hin an fhíordhuais – an Ghaeilge a bheith le cloisteáil san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus cead an teanga a úsáid sna cúirteanna an fhíorsprioc.

B’fhearr linn uilig Coimisinéir Gaeilge a bheadh go hiomlán neamhspleách ar an rialtas agus é nó í ag beartú caighdeán teanga do na forais phoiblí ach níor baineadh an méid sin amach fiú sa Bhreatain Bheag, áit a gcaithfidh an Coimisinéir Breatnaise a chuid pleananna a chur faoi bhráid na parlaiminte.

Tá sé de chiall ag na teachtaí sa Senedd gan an t-ionchur atá acu a mhí-úsáid mar veto. B’amaideach an mhaise d’aon Chéad-Aire aontachtach iarracht a dhéanamh moltaí coimisinéara teanga ó thuaidh a lot.

Beidh le feiceáil.

Trí bliana a sheas muid an fód ar son na Gaeilge ó Thuaidh, ag comhlíonadh geallúint Martin McGuinness nach bpillfí ar an status quo. D’ainneoin bagairtí is béal bán, dúirt muid nárbh fhiú Tionól nó Feidhmeannas a bheith ann gan acht Gaeilge. Lena cheart a thabhairt dó, sheas Rialtas na hÉireann leis an dearcadh sin fosta.

Tá acht Gaeilge anois faighte againn. Níl sé chomh cuimsitheach is  ba mhaith liomsa é a bheith ach gan amhras tá ‘briseadh tríd’ déanta againn ar son na teanga agus ar son na comhurraime.

Agus beidh stádas oifigiúil ag ár dteanga.

Sna comhráite a bhí agam leis an iarChoimisinéir Breatnaise Meri Huws, chuir sí béim ar an fhíorthábhacht atá le haitheantas oifigiúil agus tú ag iarraidh tabhairt ar aon údarás plé go cothrom le pobal teanga. Creidim go bhfuil an ceart aici. Ní neamhtheanga a bheas sa Ghaeilge feasta. 

Agus mé á scríobh seo, tá Sinn Féin ag déanamh a machnaimh ar an phlean — tá mise anois seasta siar ó chúrsaí polaitíochta — agus guím gach rath ar a bplé.

Ach tá a fhios agam an méid seo. Tá go leor san acht Gaeilge domsa mar Ghaeilgeoir lena chur ar an taifead go bhfuil mé sásta leis.

Ach tuigtear nach bhfuil anseo ach céim chun tosaigh sa ród. Tá rún agamsa a bheith ag leanstan liom ag seasamh an fhóid don Ghaeilge agus ag troid ar son tuilleadh ceart agus tuilleadh acmhainní.

An mbeidh sibh liom?

Fág freagra ar 'Ní neamhtheanga ná teanga leipreacháin a bheas sa Ghaeilge feasta ó thuaidh'

  • Ruairí Ó Bléine

    Cheap mé i gcónai, gan cúnnsaí eile a thabhairt isteach sa scéal gur é an riachtanas is bunasaí an Ghaeilge bheith glactha ag an Rialtas mar theanga oifigiúil. AS SIN A EASCRAÍONN GACH CEART EILE.Buíochas le Dia go bhfuil sin againn anois.